Tá plandaí ag fás in áiteanna níos airde ná mar a bhíodh agus is é téamh domhanda is cúis leis

NOD DON EOLAÍ: An téamh domhanda atá taobh thiar den athrú ar dháileadh na speiceas ar barr na sléibhte.

Tá plandaí ag fás in áiteanna níos airde ná mar a bhíodh agus is é téamh domhanda is cúis leis

Le blianta measadh gurbh amhlaidh go mbeadh ainmhithe agus plandaí ag bogadh go suíomhanna níos fionnuaire de réir mar a bheadh teocht an domhain ag dul in airde. Cuireadh fianaise os ár gcomhair ar na mallaibh a thaispeánann go bhfuil plandaí ag cur fúthu níos airde sna sléibhte inniu ná mar a bhí siad caoga a bliain ó shin. Is é an téamh domhanda is cúis leis an athrú seo ar dháileadh na bplandaí.

Dé réir mar a bheas teocht an domhain ag dul in airde meastar go mbeidh plandaí agus ainmhithe ag bogadh fhad le háiteanna níos fionnuaire. 

Tá dhá bhealach acu chun é seo a bhaint amach.

Thig leo bogadh i dtreo na bpol. Bheadh ainmhithe agus plandaí sa leathsféar thuaidh ag bogadh ó thuaidh agus na créatúir sa leathsféar theas ag taisteal ó dheas. Tá fianaise ann go bhfuil se seo ag tarlú cheana féin. 

Anuas air sin, thig leis na hainmhithe agus plandaí cur fúthu i dtimpeallacht níos airde ina bhfuil sé níos fionnuaire. Foilsíodh tuairisc san iris Nature a thaispeánann go bhfuil plandaí ag bogadh fhad le suíomhanna níos airde níos gaiste anois ná caoga bliain ó shin.

Bíonn taighdeoirí ag brath ar staidéir fhadtéarmacha chun fáil amach an bhfuil speicis ag bogadh fhad le háiteanna níos fionnuaire. Níl fianaise den saghas seo coitianta.

Ach táthar ag bailiú eolais le níos mó na céad bliain anuas faoi na plandaí a bhíodh ag cur fúthu ar barr na sléibhte is airde ar fud na hEorpa. San áireamh bhí na hAlpa, na Sléibhte Cairp, na Piréiní, agus ar shléibhte in Albain agus san Iorua fosta.

Bailíodh liostaí de na plandaí a bhí le fáil ar barr 302 de na sléibhte sna ceantair seo go rialta le 145 bliain anuas.

Rinneadh anailís ar na liostaí chun fáil amach an raibh líon na bplandaí ag athrú le himeacht aimsire. Bhí. Bhí níos mó speiceas ag fás ar bharr na sléibhte seo in 2016 ná mar a bhí 145 bliain roimhe sin.

Dá mba é an téamh domhanda a bhí taobh thiar den bhorradh san éagsúlacht speiceas ar barr na sléibhte, bheifeá ag súil go mbeadh líon na bplandaí ag méadú níos gaiste anois ná mar a bhíodh caoga bliain ó shin, mar tá teocht and domhain ag athrú níos gaiste anois ná mar a bhíodh caoga bliain ó shin.

Rinneadh comparáid ar cé chomh gasta agus a bhí líon na bplandaí ag méadú sna deich mbliana idir 1957 agus 1966 agus sna deich mbliana idir 2007 agus 2016. Ba é toradh an taighde go raibh na plandaí ag méadú cúig uaire níos gaiste idir 2007 agus 2016 thairis mar a bhí caoga bliain roimhe sin.

Taispeánann na torthaí seo gurb é an téamh domhanda atá taobh thiar den athrú ar dháileadh na speiceas ar barr na sléibhte.

Anuas air sin, tá na speicis ag teacht ó áiteanna atá níos ísle ar na sléibhte céanna. Tá sé seo díreach mar a bheifí ag súil leis dá mba e an téamh domhanda ba chúis leis an athrú éagsúlachta seo. Tá na plandaí ag triall ar an timpeallacht is oiriúnaí dóibh.

Ach cad a tharlóidh do na plandaí seo nuair a bheas sé níos teo amach anseo. Rachaidh siad in éag – ní bheidh áit eile acu le dul.

Taispeánann na fionnachtana úra seo go díreach an dóigh a gcuireann téamh domhanda isteach ar phlandaí ar shléibhte na hEorpa. Baineann plandaí barr na sléibhte amach mar thearmainn. Ach ní bheidh an tearmann fóirsteanach do na speicis seo go deo.

Fág freagra ar 'Tá plandaí ag fás in áiteanna níos airde ná mar a bhíodh agus is é téamh domhanda is cúis leis'