‘Tá paidreacha á rá againn go n-oibreoidh sé’ – cúrsaí Gaeilge do dhaltaí á reáchtáil ar líne ag coláiste samhraidh

‘An Ghaeltacht sa Bhaile’ atá tugtha ag Coláistí Chorca Dhuibhne ar na cúrsaí samhraidh nua atá acu a bheidh dírithe ar dhaltaí bunscoile agus meánscoile

‘Tá paidreacha á rá againn go n-oibreoidh sé’ – cúrsaí Gaeilge do dhaltaí á reáchtáil ar líne ag coláiste samhraidh

Tá trí chúrsa Gaeilge á reáchtáil ar líne ag Coláistí Chorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí an samhradh seo agus gnáthchúrsaí samhraidh na bliana seo curtha ar ceal de bharr na paindéime.

€150 an costas atá ar áit ar cheann de chúrsaí ‘An Ghaeltacht sa Bhaile’ atá á reáchtáil ar líne idir an 8 Meitheamh – 17 Iúil.

Beidh na cúrsaí dírithe ar thrí ghrúpa ar leith; daltaí bunscoile, daltaí atá ag gabháil don Teastas Sóisearach agus daltaí Ardteiste. I measc na n-imeachtaí siamsaíochta atá luaite ar an chlár, tá zúmba, ióga agus damhsa seit.

Ar an ardán Zoom a reáchtálfar na ranganna, a mhairfidh dhá uair an chloig sa lá.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, Páidí Ó Sé, gur cuireadh dlús lena gcuid iarrachtaí cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil ar líne le roinnt seachtainí agus amhras ann faoi na coláistí samhraidh a bheith ar siúl i mbliana.

“Bhí plean dhá bhliain againn cúrsaí a chur ar líne agus bhí deontas againn ón Údarás le trádáil ar líne agus leis an éiginnteacht a bhain leis na cúrsaí samhraidh i mbliana chuir sé brú orainn iad a eagrú.”

Dúirt Ó Sé go raibh éileamh ar áiteanna ar na cúrsaí ar líne.

“Tá éileamh ar na cúrsaí agus suim ag daoine blas a fháil den nGaeltacht. Tá paidreacha á rá againn go n-oibreoidh sé. Ní sinne an t-aon choláiste atá ag breathnú ar líne. Tá coláistí eile ag féachaint air seo leis agus is dócha go gcaithfidís smaoineamh ar phlean éigin le cúpla pingin a thabhairt isteach.

Is féidir áit a chur in áirithe ar chúrsa ar líne de chuid Choláistí Chorca Dhuibhne anseo.

Fág freagra ar '‘Tá paidreacha á rá againn go n-oibreoidh sé’ – cúrsaí Gaeilge do dhaltaí á reáchtáil ar líne ag coláiste samhraidh'