Tá Neil Young blianta fada ag seachaint ‘lár an bhóthair’

50 bliain ó eisíodh a albam is mó cáil, Harvest, tá Neil Young i mbéal an phobail go fóill

Tá Neil Young blianta fada ag seachaint ‘lár an bhóthair’

Neil Young agus Harvest

Chruinníomar timpeall ar an gcás taispeántais, ag déanamh iontais den phíosa miotail a bhí ag lonrú taobh istigh. Cóip den mhéadar caighdeánach, a raibh an bhunchóip de i bPáras, a bhíomar ag breathnú air. Chomh fada le mo chuimhne, ba i gColáiste na Tríonóide a bhíomar, nó in institiúid ardoideachais éigin eile.

Feabhra, 1972 a bhí ann agus bhíomar tagtha go Baile Átha Cliath ar thuras eolaíochta ónár scoil chónaithe agus b’éasca ionadh a chur orainn. An seal sin sula mbeadh orainn filleadh ar an scoil, nuair a bheadh an deis againn dul ag siopadóireacht, a bhí ag déanamh tinnis do go leor againn.

Ní fada go raibh mé i mo sheasamh taobh amuigh de shiopa ceirníní ag stánadh ar iontas eile a bhí ar taispeáint sa bhfuinneog – albam úrnua Neil Young, Harvest, an íomhá den ghealach oráiste ar an gclúdach ag lonrú faoin bplaisteach a bhí fáiscthe timpeall air. Cé nach raibh sé i mo sheilbh go fóill, bhí na hamhráin uilig cloiste agam agus léirmheas foilsithe san iris scoile neamhoifigiúil, Sludge, mar oíche amháin an tseachtain roimhe sin d’fhan mé i mo dhúiseacht i ndiaidh meán oíche le héisteacht, faoi na pluideanna, le Kid Jensen á chasadh ina iomlán ar a chlár ar Radio Luxembourg.     

Ach lá spóirt na scoile, Domhnach grianmhar i mBealtaine 1971, a chuala mé glór draíochtúil Young den chéad uair riamh, ag teacht trí fhuinneog oscailte ceann de sheomraí na ndaltaí sinsearacha.

‘Well, I dreamed I saw the knights in armour coming…’

B’in an chéad líne den amhrán ‘After the Gold Rush’.

Ní raibh mé in ann aon chiall a bhaint as; ní raibh sé soiléir dom fiú an glór fir nó mná a bhí á chloisteáil agam.

Ní raibh sé i bhfad go raibh an t-albam After the Gold Rush faighte agam, an chéad fhadcheirnín a cheannaigh mé riamh. D’éist mé leis na hamhráin ar an albam sin go mion agus go minic, mar a rinne go leor eile timpeall na cruinne ó eisíodh é i 1970.

Tá na focail d’amhráin ar nós ‘Don’t Let it Bring You Down’, ‘Only Love Can Break Your Heart’ agus ‘Southern Man’ greanta ar inchinn go leor daoine d’aois áirithe. Tá ar chumas, fiú na hamhráin i is fánaí agus is lú cáil ar an albam, leithéidí ‘Till the Morning Comes’ nó ‘Cripple Creek Ferry’, tréimhse nó am sa saol a thabhairt chun cuimhne. Nuair a thagair Young do ‘Mother Nature on the run in the 1970s’, cheapamar gur thuigeamar céard a bhí i gceist aige!

(Tá fear Ontario Cheanada fós ag tarraingt airde ar chúrsaí timpeallachta.  Ar an albam is deireanaí uaidh, Barn, tá ‘who’s gonna save the human race?’ ina údar buartha aige. Is cinnte go raibh bealach níos fileata aige sna 1970idí.)

De bharr an tóir a bhí ar After the Gold Rush agus i ndiaidh dó seal a chaitheamh ina bhall den sárghrúpa Crosby, Stills, Nash & Young, ba réalta mhór a bhí i Young faoin tráth a ndearnadh taifeadadh ar Harvest agus bhí a lucht leanta ag tnúth go mór leis.

Chuir sé banna, ar ar tugadh The Stray Gators, le chéile i Nashville, Tennessee agus ba ansin, i bpríomhchathair an cheoil tíre, a taifeadadh formhór na n-amhrán in earrach na bliana 1971.

Scríobhadh fíor-dhrochléirmheas ar Harvest san iris mór le rá Rolling Stone i Meiriceá ag an am, ag maíomh nach raibh ann ach leagan lag den albam a tháinig roimhe. Is beag aird a tugadh air sin. Faoin tráth úd, bhí barr na gcairteacha i Meiriceá bainte amach ag an singil ‘Heart of Gold’ agus ba ghearr go raibh an t-albam féin ag uimhir a 1 i dtíortha go leor. Is é an t-albam is mó díol a d’eisigh Neil Young riamh.

Nuair a tugadh deis do léitheoirí Rolling Stone in 2012 an t-albam le Young ab ansa leo a roghnú, chuireadar Harvest ar bharr an liosta; bhí After the Gold Rush sa dara háit.

Ach ní raibh Young sásta leis an gcáil mar chumadóir amhrán séimh, cosúil le ‘Heart of Gold’, a tharraing Harvest air. Theastaigh uaidh teitheadh ó ‘lár an bhóthair’, mar a thug sé air. Chuige sin, sna trí bliana dár gcionn, d’eisigh sé trí cinn d’albaim d’amhráin dhúshlánacha gan trócaire a thástáil dílseacht an lucht leanta a bhí bailithe chuige ó thús na seachtóidí.

I bhfómhar 1973, cuireadh amach ceirnín de cheol beo Time Fades Away, albam ar a bhfuil péire de na hamhráin is fearr uaidh riamh, ‘Don’t Be Denied’ agus ‘L.A’. Ní raibh mórán de chosúlacht idir é agus Harvest.

‘Dead Man’s Shoes, Size 10’ an ceannteideal a bhí ar an léirmheas a d’fhoilsigh iris an New Musical Express ar an albam On the Beach nuair a eisíodh é i Meitheamh 1974. Ba léir nach raibh a léirmheastóir an-tógtha leis!

I 1975, níor cuireadh aon fháilte mhór ach an oiread roimh albam beo eile Tonight’s the Night. Bhí Neil Young imithe i bhfad ó ‘lár an bhóthair’ faoin tráth seo agus é ag cuimhneamh ar an ngiotáraí Danny Whitten, ón mbanna Crazy Horse, a thionlaic Young go minic sa stiúideo agus ar stáitse, agus ar an ródaí Bruce Berry. Bhásaigh an bheirt acu go tragóideach de shiocair hearóine.

Sa lá atá inniu ann, áirítear na trí cheirnín sin i measc sáralbaim Young.

I samhradh na bliana 1975, thugas Harvest ar iasacht do chara liom a bhí ag obair i dteach tábhairne Uí Loideáin sa Spidéal, áit a raibh seanseinnteoir ceirníní feistithe taobh thiar den chuntar. Ba mhinic guth Neil Young le cloisteáil ar an tsráid taobh amuigh an samhradh álainn úd.

Tá sé agam fós, an ceirnín ceannann céanna. Tá corrscríob air tar éis na mblianta agus tá an clúdach beagáinín caite agus níl an loinnir chéanna ón ngealach oráiste sin, ach éistim leis fós ó am go ham.

Is deacair gan é a chur i gcomparáid le After the Gold Rush. Cé go bhfuil amhráin bhreátha air, níl mórán acu atá inchurtha leis na cinn a bhí ar an albam a tháinig roimhe.

Agus mé ag breathnú air an lá cheana, thugas faoi deara den chéad uair gur ‘Made in USA’ atá clóbhuailte ar lipéad an cheirnín. De ghnáth, ba in Éirinn nó i Sasana a rinneadh na ceirníní a bhí ar fáil sa tír seo ag an am. Is cosúil gur cóip de Harvest a bhí tagtha caol díreach trasna an Atlantaigh a fuair mé i mo ghlac an lá úd.

Na trí rianta deiridh – ‘Alabama’, ‘The Needle and the Damage Done’ agus ‘Words’ – na cinn is fearr liom anois. Léigh mé an léirmheas a foilsíodh san iris scoile arís le gairid. Ba iad na trí rianta díreach céanna sin is mó a mhol mé do mo chomhscoláirí 50 bliain ó shin!   

“…words between the lines of age,” na focail scoir atá ag Young ar an albam.

Chuile sheans nár cheapas, agus mé ag breathnú sa gcás taispeántais sin na blianta siar, go raibh aon bhaint ag Neil Young agus cúrsaí eolaíochta lena chéile, ach is léir go bhfuil. Le gairid, d’fhógair sé nach mbeadh a chuid ceoil ar fáil ar Spotify a thuilleadh fhad is a bheadh an tseirbhís sruthaithe sin ag ceadú do Joe Rogan mífhaisnéis frithvacsaínithe a scaipeadh ar a phodchraoltaí.

Fág freagra ar 'Tá Neil Young blianta fada ag seachaint ‘lár an bhóthair’'

  • Pilib Ó Duinn

    Thaithin an scríbhinn seo go mór liom, a Chiaráin, ach ceapaim go bhfuil rud amháin mí-cheart ann – ní raibh an chéad leagan de ‘ Tonight’s the Night ‘ beo. Eisíodh leagan beo de blianta ina dhiaidh sin.

  • Antóin

    Ní miste alt a mholann ceol Neil Young mar níl aon amhras ach go bhfuil sárcheol agus sár-amhráin scríofa aige thar na blianta. Ach, líne amháin ag deireadh an ailt a nascann Joe Rogan le mífhaisnéis frithvacsaínithe gan fianaise dá laghad. Iriseoireacht mar dhea!

    Thug Rogan cuireadh do leithéidí An Dochtúir Peter McCullough, cairdeolaí, an Dochtúir Malone, saineolaí teicneolaíochta mRNA agus Jordan Peterson, daoine a raibh tuairimí acu faoi Covid nach raibh ag teacht leis na teachtaireachtaí a bhí ag téacht ó na meáin. Tuairimí saineolaithe a bhí iontu.

    Ach n’fheadair an raibh baint ag Young leis an iarracht Rogan a chealú ; nó arbh iad na gnólachtaí infheistíochta ar leo a chuid amhrán atá ag iarraidh Rogan a chealú.

    Dhíol Young.a chatalóg i mí Eanáir 2021 le Hipgnosis atá i bpáirtíocht le Blackstone agus go gairid ina dhiaidh sin bhí sé ag tairiscint 4 mhí saor in aisce do dhuine ar bith atá sásta dul le Amazon Music. Ábhar ansin cheapainn d’iriseoirí fiosracha.

    Dá mbeadh cead a chinn ag Young gach seans go scríobhfadh sé leagan úr den amhrán ‘The Needle and the Damage Done’ ach ní dócha go dtarlóidh sé sin anois.

  • Ciarán Ó Cualáin

    Tá an ceart ar fad ag Pilib Ó Duinn. Cé nach bhfuil snas an stiúideo le haireachtáil ar na hamhráin ar Tonight’s the Night, níl ach rian amháin a taifeadadh beo ar stáitse. Mo leithscéal.

    Maidir leis an méid atá ráite ag Antóin faoi Joe Rogan, ní hionann tuairimí agus fíricí.
    Is fiú breathnú ar an méid atá scríofa ar healthfeedback.org faoin agallamh a rinne Rogan leis an Dr Peter McCullough.