Tá nádúrthacht agus solúbthacht i nGaeilge na hAlban nár cheart dúinn a bheith dall air

Caitheann ár gcolúnaí súil éadmhar ar Ghaeilge na hAlban agus níor mhiste, a deir sé, a bheith ag súil le cros-síolrú éigin a shaibhreodh an dá chineál Gaeilge

Cartún

Is mór an áis English–Irish Dictionary de Bhaldraithe (EID) a bheith ar fáil ar aon suíomh gréasáin amháin leis an Foclóir Nua Béarla–Gaeilge. An té ar mian leis léargas a fháil ar fhorbairt an dá theanga, ní fearr rud a dhéanfadh sé ná an dá shaothar a chur i gcomparáid lena chéile, idir leaganacha nár cuimsíodh in EID agus focail ar cuireadh casadh ina mbrí idir an dá linn. Is foclóir ar fónamh fós é EID ach é a úsáid in éineacht le foinsí eile. B’éigean d’fhoireann EID a bheith seiftiúil agus iad ag iarraidh focail Ghaeilge a sholáthar in aghaidh na gceannfhocal Béarla; ní miste a rá gur éirigh níos fearr le seifteanna áirithe seachas a chéile.

Cleas a ndeachthas ina mhuinín anseo is ansiúd ná focail a thabhairt ar iasacht ó Ghaeilge na hAlban. Tá ‘bláith’ (blàth) tugtha i gcomhair warm, cuir i gcás – focal nach maireann i gcanúint ar bith in Éirinn, go bhfios dom. Cuireadh i láthair phobal na Gaeilge é, féachaint an nglacfaidís leis; tá an chuma ar an scéal nár ghlac.

Seans nach raibh rath i ndán don iarracht focail Albanacha a smuigleáil thar Shruth na Maoile isteach ach, dá mbeadh caidreamh níos dlúithe ann idir an dá phobal teanga níor mhiste a bheith ag súil le cros-síolrú éigin a shaibhreodh an dá chineál Gaeilge. Tharla go raibh trácht sa cholún seo ar a dheacra is atá sé boyfriend/girlfriend/partner a chur i bhfriotal Gaeilge. Dar ndóigh, tá focal foirfe ag ár gcomharsana a chuimsíonn gach inscne is claonadh gnéis, mar atá, bràmair. Tá an síneadh fada tábhachtach; rud eile ar fad is ea bramair, agus gan é a bheith leath chomh rómánsúil: ‘Flatulent fellow, one addicted to farting’ (Dwelly).

Níl caill ar an fhocal ‘forásach’ le cur síos ar pholasaí ceannródaíoch nó ar dhream ar mian leo an tsochaí a leasú, ach tá dúil mhór agam sa leagan Albanach adhartach (ó air adhart nó ‘ar aghaidh’). Focal simplí é a bhfuil a mhíniú féin ann, murab ionann agus gráin súl mar ‘forchéimnitheach’.

Corruair, agus an scríbhneoir Gaeilge ag plé le gairmeacha beatha, bíonn rogha ann idir leagan traidisiúnta a bhfuil ‘fear’ ann (fear teanga, fear ceamara) agus leagan atá neodrach ó thaobh inscne de (teangaire, ceamaradóir). I gcásanna áirithe, braithim ‘fear’ a bheith chomh seanbhunaithe is chomh neadaithe sin gurb ait liom an leagan neodrach; is túisce a ritheann ‘fear faire’ agus ‘fear gaimbín’ liom ná ‘fairtheoir’ agus ‘gaimbíneoir’ (?). Is deas liom, mar sin, mar a bhaineann na hAlbanaigh leas as an fhocal ‘neach’ chun gairm duine a chur in iúl: ‘neach-idirtheangachaidh’ (teangaire) agus, go deimhin, ‘neach-faire’.

Ar eagla na míthuisceana: níl mé ag maíomh gur féidir na leaganacha seo nó leaganacha fóinteacha eile a ghabháil bun barr isteach sa Ghaeilge – ní obair ‘líon na bearnaí’ atá san fhoclóireacht i dteanga ar bith. Níl ann ach go bhfuil gontacht, nádúrthacht agus solúbthacht i nGaeilge na hAlban nár cheart dúinn a bheith dall air.

Fág freagra ar 'Tá nádúrthacht agus solúbthacht i nGaeilge na hAlban nár cheart dúinn a bheith dall air'

  • MBM

    Bronnann an t-alt seo leithscéal orm an suíomh Intergaelic https://www.intergaelic.com/ a chur ar a súile do dhaoine: foclóir agus inneall aistriúcháin ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann.

  • L Ó Laoire

    Alt spreagúil, suimiúil, mar is gnách ó Antain. Ach tá ceist agam faoin cheannlíne:

    nár cheart dúinn a bheith dall orthu?

  • Caoimhín Ó Donnaíle

    Le https://multidict.net/multidict/, tá sé furasta gluaiseacht idir na foclóirí Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban, agus go deimhin Gaeilge Mhanainneach.