Deir an té a ceapadh chun ateangaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do chás cúirte Mo Chara ó Kneecap i Londain go bhfuil míthuiscint i gcónaí ar dhaoine faoina ceird.
Cuireadh siar sa chúirt i Londain an tseachtain seo caite cinneadh faoi chás Liam Óg Uí Annaidh, nó Mo Chara, an ball den ghrúpa rap a bhfuil cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
D’iarr Ó hAnnaidh go gcuirfí ateangaire ar fáil chun a chás a éisteacht i nGaeilge, agus ba í Susan Folan as Cnoc na Cathrach, i gcontae na Gaillimhe, a ceapadh chun an tseirbhís sin a chur ar fáil do Chúirt Dúiche Westminster.
Chuir sí aistriúchán Gaeilge focal ar fhocal ar fáil d’Ó hAnnaidh le linn éisteacht na seachtaine seo caite chomh maith le soiléiriú a thabhairt dó ó am go chéile.
Meastar gurb é seo an chéad uair gur cuireadh ateangaire ar fáil chun cás a éisteacht i nGaeilge i Sasana.
Tráthúil go maith, in Ollscoil Westminster, beagnach fiche bliain ó shin, a cuireadh traenáil ar Susan Folan mar ateangaire agus dúirt sí go raibh sé “barrúil go leor a bheith ar ais buailte ar an champas i Londain an lá cheana”.
Rinne Folan staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis agus bhain sí céim mháistreachta amach sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe. Is ansin a chonaic sí fógra nuachtáin d’ateangairí san Eoraip.
“Bhí na hinstitiúidí Eorpacha ag cuartú ateangairí agus ní raibh aon chúrsa in Éirinn ag an am. Mar sin cuireadh mise agus cúigear eile go hOllscoil Westminster le traenáil a dhéanamh.”
Chríochnaigh Folan an cúrsa in Westminster agus d’fhill sí ar Ghaillimh áit ar bhunaigh sí cúrsa ateangaireachta in Ollscoil na Gaillimhe in 2008.
“Tá go leor de na hiarmhic léinn fostaithe ag na hinstitiúidí Eorpacha anois agus fós féin bíonn siad [na hinstitiúidí Eorpacha] ag rá go bhfuil siad gann.”
Is féidir le mic léinn staidéar a dhéanamh ar an ateangaireacht chomhdhála in Ollscoil na Gaillimhe, ach deir Folan go bhfuil “difear an-mhór” idir an obair a bhíonn ar bun ag ateangairí comhdhálacha agus ateangairí cúirte.
Dúirt Folan le Tuairisc go raibh brú ann le cúpla bliain anuas cúrsa a bhunú i nGaillimh le traenáil a chur ar ateangairí go speisialta don chúirt. Ach saol eile atá ann. “Tá sé fíordhúshlánach sa gcúirt agus ní íoctar na hateangairí cúirte i gceart ar chor ar bith,” a deir sí.
“Ní fhéadfainn é sin a shamhlú, cúpla míle euro a ghearradh ar dhuine, leis an traenáil atá riachtanach a chur ar fáil agus ansin go mbeadh siad ag dul amach ansin agus in iomaíocht le daoine gan aon cháilíocht ar chor ar bith acu agus á dhéanamh ar phingineachaí.”
Deir Folan gur bhreathnaigh sí ar dhaoine eile “mar dhaoine dátheangacha” agus í ag fás aníos ach nár cheap sí go raibh “an teideal sin feiliúnach di féin”.
“Tá súil agam anois go bhfuil an meon sin athraithe beagáinín ach cloiseann tú daoine, fiú amháin anois, ag rá, ‘Ateangaireacht le Gaeilge? Nach bhfuil Béarla ag chuile dhuine?’, ach sin míthuiscint an-bhunúsach ar an gceird agus ar an dátheangachas,” a dúirt sí.
Fág freagra ar '‘Tá míthuiscint i gcónaí ann faoin gceird agus faoin dátheangachas’ – an t-ateangaire Gaeilge i gcás cúirte ‘Mo Chara’ ó Kneecap'