‘Tá mearbhall ar McHugh – géarchéim teanga atá againn, ní athbheochan’

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín go bhfuil ‘an fhírinne’ á ‘séanadh’ ag an Aire Stáit maidir leis an bpráinn a bhaineann le ‘slánú’ na Gaeilge agus na Gaeltachta

‘Tá mearbhall ar McHugh – géarchéim teanga atá againn, ní athbheochan’

Tá sé curtha i leith Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, go bhfuil “mearbhall” air faoi na freagrachtaí atá air maidir le cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge.

Mhaígh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Peadar Tóibín ag an deireadh seachtaine go raibh “an fhírinne” á “séanadh” ag an Aire Stáit maidir leis an “práinn” a bhaineann “leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht a shlánú”.

Mhaígh Tóibín chomh maith gur léir go raibh “mearbhall” ar an Aire Stáit nuair a mhaígh sé sa Dáil an tseachtain seo caite gur ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a bhí “an ról is mó” maidir le cur chun cinn na teanga agus an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Chuir an Teachta Dála i leith an Aire Stáit go raibh sé  ag “sleamhnú óna chuid cúraimí” agus an “milleán” á chur aige “ar na ranna eile”.

Chuir urlabhraí Gaeilge Sinn Féin i leith Joe McHugh sa Dáil Dé Céadaoin seo caite gur cosúil le ‘Comical Ali’ é toisc é a bheith ag caint ar “athbheochan ollmhór” na Gaeilge tráth a bhfuil an teanga “faoi bhrú uafásach” sa Ghaeltacht.

Thuill Mohammed Saeed al-Sahhaf, urlabhraí de chuid Saddam Hussein, an leasainm ‘Comical Ali’ mar gheall ar a bhríomhaire agus a bharrúla is a bhíodh a phreasócáidí le linn an chogaidh san Iaráic agus mar gheall ar a chlaonadh chun na háibhéile agus na bolscaireachta gan bhunús.

Sa ráiteas is déanaí uaidh, thagair Peadar Tóibín arís do mhaíomh an Aire Stáit go raibh athbheochan teanga ar bun.

“Is oth liom a rá nach bhfuil ‘athbheochan ollmhór ag dul ar aghaidh maidir leis an teanga’, mar a deir McHugh. Géarchéim teanga atá againn.

“Táimid ag fanacht leis an ‘Plean Gnímh 2017-2022’ don Straitéis 20 Bliain na Gaeilge le beagnach bliain anuas. Níl fáil air in ainneoin gheallúintí an Aire McHugh go mbeadh sé réidh ag deireadh mhí Mheán Fómhair, deireadh mhí na Nollaig, agus arís faoi dheireadh mhí Feabhra.

“Sháraigh sé gach gealltanas agus táimid fós ag fanacht air. Cad is cúis leis an moill ollmhór seo? An é go bhfuil cúrsaí ina gcíor thuathail faoi láthair maidir le ról na ranna éagsúla?”.

Dúirt Joe McHugh an tseachtain seo caite go raibh sé “thar a bheith muiníneach agus dóchasach” go bhfoilseofar Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sna seachtainí romhainn amach.

Dúirt an tAire McHugh go bhfuil “freagracht thras-Rannach” i gceist maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus gur ghá dá réir “go leor plé a dhéanamh le Ranna Stáit agus páirtithe leasmhara eile” maidir le hullmhú an Phlean Gníomhaíochta.

Dúirt an tAire Stáit go raibh faoi a chinntiú “oiread agus is féidir” go mbeadh “fiúntas” leis an bplean.

Dúirt Tóibín go gcaithfeadh McHugh “an fód a sheasamh agus freagracht a thógáil mar is ceart”.

Mhaígh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh an tseachtain seo caite nach leagtar dóthain béime le linn díospóireachtaí Dála ar na “gníomhaíochtaí” éagsúla atá ar bun ar mhaithe leis an teanga agus mháigh sé nach dtugtar deis dó labhairt faoi na cúrsaí sin mar

“I gcónaí bíonn ceisteanna sa Teach seo maidir le hairgead breise, maidir le deontais breise agus maidir le tacaíocht ón Rialtas. Tá an díospóireacht sin tábhachtach maidir le brú a chur ar an Rialtas ó thaobh infheistíochta de agus aontaím leis. É sin ráite, ní bheidh seans agam sa Teach seo labhairt fá dtaobh d’aon phlean nó d’aon ghníomhaíocht sa bhealach a bheidh ag Teachtaí eile chun labhairt fúthu.

“Tóg, mar shampla, an ceangal idir na bailte seirbhísí, na comharchumainn atá ag obair ar an bpleanáil teanga sna ceantair Ghaeltachta nó na líonraí Gaeltachta. D’fhéadfadh an díospóireacht a bhíonn ag dul ar aghaidh sa Teach seo a bheith ag dul ar aghaidh taobh amuigh den Teach. Tá athbheochan ollmhór ag dul ar aghaidh maidir leis an teanga,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Tá mearbhall ar McHugh – géarchéim teanga atá againn, ní athbheochan’'

  • Mánus

    Seachas do bheith ag clamhsán i gcónaí faoin scéil céard a dhéanfaidh Sinn Féinn chun an teanga a atbheochaint? Cá bhfuil an polasaí Ghaeilge soiléir praiticiúil?

  • Gerry Sóna

    An t-aon rud ata de dhith ag lucht na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta araon na postanna sa bhaile do na daoine ogá atá go fóill ag déanamh a mbealach as an tír ar an bád bhán.Straitéis gan postanna ,stráiteis amú.