Tá mé ag coinneáil súil ar an marcach óg seo ó bhuaigh sé Derby an Daingin in 2015

Ní raibh Dylan Browne McMonagle ach naoi mbliana d’aois nuair a bhuaigh sé rás ar chúrsa an Oileáin Mhóir san áit a dtéann An tSúileach isteach san loch den ainm céanna

Tá mé ag coinneáil súil ar an marcach óg seo ó bhuaigh sé Derby an Daingin in 2015

Dylan Browne McMonagle ag buachan rása i Nás na Rí i mBealtaine na bliana. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Ní mór mo shuim sa rásaíocht ar an talamh réidh. Fós d’fhág easpa spórtanna eile agus ardmhianach na gcapall gur chaith mé súil ar chuid mhaith den iomaíocht as Baile na Lobhar agus as Currach Chill Dara an deireadh seachtaine seo caite. Ansiúd a bhí iomaíocht ar an bhféile ar a dtugtar an ‘Irish Champions Weekend’ agus duaischiste €4 mhilliún as.

Thug sin togha na rásaíochta dúinn. Bheifeá ag súil lena leithéid ó chapaill den chaighdeán seo. Rásaí réasúnta gairid, gan aon léim le caitheamh agus luas os cionn 40 míle san uair (64km) i gcuid acu.

I gceithre cinn de rásaí an tSathairn i mBaile na Lobhar ní raibh ach fad sróine, oiread cinn agus dhá leathfhad capaill idir an buaiteoir agus an dara ceann. Scéal an lae ab ea an chaoi ar chosúil Luxembourg a bheith ar ais i mbarr a mhaitheasa arís ag Aidan O’Brien. Eisean a bhuaigh an Champion Stakes, rás clasaiceach deireanach na bliana anseo (agus €580,000).

Ar Churrach Chill Dara lá arna mhárach a ritheadh an rás ba mhó ar bhain mé féin sásamh as. Seacht staid a bhí sa Goff’s Vincent O’Brien National Stakes agus ba chapall eile de chuid Aidan O’Brien, Aesop’s Fables, a bhí mar rogha na coitiantachta (8/13). Bhí dhá chapall eile atá á dtraenáil ag clann mhac an Bhrianaigh (Joseph agus Donncha) san iomaíocht freisin.

Marcach 19 bliain d’aois as Leitir Ceanainn a bhí sa diallait ar chapall Sheosaimh, Al Riffa (9/1). Tá mé ag coinneáil súil ar Dylan Browne McMonagle ó bhuaigh sé Derby an Daingin in 2015 agus gan é ach 12 bliain d’aois. Faoi dhó ina dhiaidh sin thug sé Craobh Náisiúnta na gCapaillíní leis agus díreach roimh theacht don Covid in 2019 chuaigh sé mar phrintíseach chuig Joseph O’Brien in aois a 16.

In imeacht míosa bhí rás buaite aige ar thraic na hUaimhe. Thug sé péire eile leis an séasúr sin, 33 rása in 2020 agus anuraidh bhuaigh sé 48 rása agus thug Craobh na bPrintíseach leis.

Dylan Browne McMonagle ag buachan Derby an Daingin in 2015

Ba é an Domhnach seo caite an chéad uair aige Rása Grád 1 a bhuachan.

In iomaíocht leis bhí cuid de na marcaigh is cáiliúla dá bhfuil againn – Ryan Moore agus Séimie Heffernan a bhfuil dornán Derby acu eatarthu, mar aon le Jamie Spencer a bhfuil rásaí den ghrád is airde buaite aige sna hÉimíríochtaí, sa bhFrainc, sna Státaí, sa mBreatain agus sa mbaile.

Fuair fear Dhún na nGall agus a each an ceann ab fhearr orthu ar fad, ach ba é an bealach a ndearna siad sin a léiríonn ardchumas an ógánaigh seo.

Dylan Browne McMonagle ag bronnadh Sheaimpín na bPrintíseach ar Churrach Chill Dara, Deireadh Fómhair 2021. Pictiúr: INPHO/Caroline Norris

Chuaigh capaill Heffernan agus Moore chun tosaigh ar fhágáil na stallaí dóibh agus choinnigh Brown-McMonagle Al Riffa ar a chompord laistiar den dara capall deiridh díobh siúd a bhí chun cinn. Ní raibh fanta ach staid amháin (220 slat) nuair a bhog sé as an áit sin – a chuid glúine amháin ag gríosú an chapaill.

Agus gan idir iad agus an líne ach 150 slat, ba sa 3ú háit a bhí Dylan. Thug sé an iarraidh ab fhánaí ar bith gur ghéaraigh a each ar a luas agus ghnóthaigh fad go leith capaill d’fharasbarr gur thrasnaigh chun cinn. Is beag marcach nach gcrochfadh a lámh mar chomhartha ceiliúrtha ar ócáid chomh stairiúil. Ní shin an mianach atá san ógánach seo, a choinnigh a chloigeann faoi agus a chapall faoi smacht.

Go gairid tar éis dó Derby an Daingin a bhuachan in aois a 12 bliain rinne comhlacht scannánaíochta as Sasana darbh ainm Just So gearrscannán sé nóiméad ar Browne-McMonagle.

‘Five Stone of Lead’ is ainm don scannán ina gcaitear súil ar an gcaoi a raibh sé ag déanamh iarrachta freastal ar dhá spórt ag a raibh sé thar a bheith cumasach ina mbun. An dornálaíocht, inar bhuaigh sé craobhacha náisiúnta faoi 15 agus freisin mar mhalrach beag éadrom (4 cloch 10 punt nó 30 kilo ) a bhí anois ag marcaíocht na gcapaillíní móra agus i gcoimhlint le marcaigh óga a bhí níos sine, níos troime agus níos láidre.

As na cúig clocha luaidhe a bhíodh le cur ina dhiallait sa gcaoi go mbeadh sé ar comh-mheáchan leis na marcaigh eile a tháinig teideal an chláir. Lena linn leantar é ar a thuras chuig Rásaí Capaillíní Ghleann Beithe i gCiarraí, áit faraor ar maraíodh marcach óg eile, Jack de Bromhead, cúpla seachtain ó shin.

Má éisteann tú leis an gcaint atá déanta ag McMonagle sa scannán, tuigfidh tú cén fáth nár bhac sé le haon chineál ceiliúratha Dé Domhnaigh seo caite. Cé gur dóigh go raibh sé fós ag freastal ar Bhunscoil Ghleann Súilí le linn a thaifeadta, bhí a raibh le rá aige lán de shiosmaid.

Bhí taobh na mBrúnach dá mhuintir sáite i gcapaill i gcónaí, ar dtús a sheanathair Hugo agus ansin a chuid uncailí Adrian agus Hugh. Ní raibh Dylan ach naoi mbliana d’aois nuair a bhuaigh sé rás ar chúrsa an Oileáin Mhóir san áit a dtéann An tSúileach isteach san loch den ainm céanna ag Máinéar Uí Chuinneagáin.

Go gairid ina dhiaidh sin thosaigh sé ag buachan trasna an chuain i Ráth Mealtain, i Leitir Ceanainn agus i gCúil na gCuirridín. Sna cúpla bliain a lean thug a uncail Hugh ar fud na hÉireann é chuig rásaí capaillíní – turais fhillte suas le 20 uair an chloig go hUíbh Ráthach, go Baile Ling i Loch Garman, nó go Corcaigh, croílár na rásaí capaillíní agus áit ina mbíonn iomaíocht in os cionn scór láthair.

Lá faoi leith ab ea an Domhnach seo caite don fhear óg as imeall thuaidh bhaile Leitir Ceanainn. Fós, tá a fhios aige ón lá ar thug sé faoina ghairm, ar chuireadh ó Joseph O’Brien, nach le bheith faoi agallamh ag RTÉ agus ina sheasamh ar ardán ag glacadh le trófaí as rása €400,000 a bhaineann saol an phrintísigh.

D’inis A.P. McCoy sin dó nuair a chaith Dylan seachtain ina chónaí lena theaghlach siúd i Sasana. Nuair a bhí AP ag foghlaim a cheirde le Jim Bolger fadó bhíodh sé i mbun oibre ag a 7.00am, aclaíocht le tabhairt do suas le 50 capall ar a laghad uair amháin in aghaidh an lae, iad le beathú agus le scuabadh freisin. An obair chéanna atá ar Dylan Browne McMonagle anois.

D’uireasa chomhairle an tseaimpín, ní dhéarfainn gur duine é Dylan McMonagle a thiocfadh chun uabhair cuma céard a bheadh ar siúl aige.

Fág freagra ar 'Tá mé ag coinneáil súil ar an marcach óg seo ó bhuaigh sé Derby an Daingin in 2015'