Tá líon mór pailneoirí de dhíth fá choinne seasmhacht na n-éiceachóras éagsúil

Taispeánann taighde nua go bhfuil líon mór pailneoirí éagsúla de dhíth fá choinne seasmhacht an éiceachórais

Tá líon mór pailneoirí de dhíth fá choinne seasmhacht na n-éiceachóras éagsúil

Tá seasmhacht éiceachórais agus talmhaíocht inmharthana ag brath ar phailneoirí chun pailin a iompar ó bhláth go bláth.  Leis na blianta measadh nár ghá mórán pailneoirí chun an ‘tseirbhís phailineach’ seo a chur ar fháil.  Ach de réir tuairisce a foilsíodh san iris Science Déardaoin seo thart, tá i bhfad níos mó pailneoirí de dhíth. Mura mbeidh siad sin ann, beidh deacrachtaí i gcúrsaí talmhaíochta agus fadhbanna comhshaoil againn amach anseo.

Iompraíonn pailneoirí an phailin ón antar i mbláth amháin go dtí an stiogma i mbláth eile.  I ndiaidh don phailin a sprioc a bhaint amach, briseann an craiceann crua atá thart uirthi agus fásann feadán pailineach fhad leis an ubh. Meascann siad lena chéile le linn toirchithe agus forbraíonn an síol agus an toradh thart air.

Níl an phailin féin in innimh gluaiseacht mar a bhíonn speirm na n-ainmhithe. Iompraíonn pailneoir, beacha agus feithidí eile den chuid is mó, an phailin ó bhláth go bláth.  Bheadh na bláthanna aimrid mura mbeadh na pailneoirí seo ann.

Tá plandaí ann nach mbíonn ag brath ar ainmhithe chun pailin a iompar. Bíonn pailin phlandaí go leor ag eitilt ó phlanda go planda ar an ghaoth.  Cuir i gcás, tá pailin na sailí ag scaipeadh faoi láthair agus beidh sna míonna amach romhainn.  Tairgtear í sna caitíní fireanna agus tuirlingíonn sí ar na bláthanna beaga sna caitíní baineanna, ina mbíonn na síolta ag forbairt.

Le níos mó ná 20 bliain anuas bhíothas den bharúil nach raibh go leor pailneoirí éagsúla de dhíth chun pailin a iompar sa chomhshaol.  De réir na fianaise ar a raibh an tuairim sin bunaithe, ba leor thart ar chúig phailneoir chun an tseirbhís a chur ar fáil.  Rinneadh an anailís sin go háitiúil –  i limistéir a raibh suas le 100 ciliméadar cearnach d’achar iontu.

Le fáil amach cé chomh cruinn agus a bhí an dearcadh sin, rinneadh an anailís chéanna in achar an-mhór sa staidéar is deireanaí.

Rinne taighdeoirí staidéar úr in oirthear na Stát Aontaithe i limistéar ina raibh níos mó ná 100,000 ciliméadar cearnach d’achar.  Bhí cuid de Nua-Eabhrac, New Jersey agus Pennsylvania sa limistéar sin.  Ba é sin an tionscnamh ba mhó ar tugadh faoi riamh.

Díreach cosúil leis an tsean-anailís, fuair siad amach gur líon beag pailneorí a bhíonn de dhíth go háitiúil.

Ach fuair siad amach gur pailneoirí difriúla a bhíonn ag iompar pailine sna ceantair dhifriúla san limistéar sin.  Ciallaíonn sé seo go mbíonn líon mór pailneoirí difriúla de dhíth in achar ollmhór.

Tá an fhionnachtain seo tábhachtach mar taispeánann sí go bhfuil tréan pailneoirí de dhíth fá choinne seasmhacht an éiceachórais.

Má théann pailneoir in éag cuirfidh an caillteanas isteach ar thorthúlacht na bplandaí. Mura mbíonn go leor torthaí ann chun na hainmhithe a bhíonn ag brath orthu a chothú, titfidh líon na n-ainmhithe.  De réir a chéile titfidh an tóin as struchtúr an éiceachórais agus bheadh muidne thíos leis.

Chuirfeadh na hathruithe seo isteach ar an duine daonna, mar tá muid uilig ag brath ar “sheirbhísí” éagsúla ón éiceachóras.  Tá na mílte seirbhísí air fáil ón éiceachóras, seirbhísí pailine fá choinne bia ó thorthaí, seirbhísí eile chun uisce agus aer glan a tháirgeadh, agus seirbhísí breosla, san áireamh.

Is léir nach bhfuil tuiscint iomlán againn go fóill ar sheasmhacht éiceachórais éagsúla an domhain.

Is léir ón bhfianaise nua seo an dóigh chun seirbhísí pailine a choinneáil ag feidhmiú.  Má chuirtear níos mó plandaí fiáine ar thaobh cuibhreann ina bhfuil barraí ag fás, tá seans ann go mbeifear ag caomhnú éagsúlacht na bpailneoirí go háitiúil. Dá gcuirfí go forleathan iad, bheadh seans ann go gcaomhnófaí na pailneoirí go forleathan agus bheadh na héiceachórais éagsúla níos seasmhaí.

Fág freagra ar 'Tá líon mór pailneoirí de dhíth fá choinne seasmhacht na n-éiceachóras éagsúil'

  • leitheoir

    Tá éagsúlacht na bpailneoirí ag meathlú. Déanann carranna sléacht agus ollscrios orthu ar fud an domhain. Bhíodh an carr seo againne foirgthe le feithidí d’éis turas faoin tuath a thabhairt le linn ár n-óige. Ní hamhlaidh atá a thuilleadh.