Tá Lilí agus Lilí eile ag marú a chéile…

Tá gadhar amháin sa teach cheana féin,’ a dúirt ár gcolúnaí, ‘cén dochar ceann eile?’

Tá Lilí agus Lilí eile ag marú a chéile…

‘An bhfuil tú cinnte go bhfuil sibh in ann ag gadhar eile?’ a d’fhiafraigh mo chara díom go hamhrasach nuair a dúirt mé léi go dtabharfadh muid aire don ghadhar dóibh fad is a bhí siad féin imithe ar saoire.

‘Óra, ní bheidh a fhios againn an bhfuil sí ann ar chor ar bith,’ a dúirt mé go soineanta. ‘Tá gadhar amháin sa teach cheana féin, cén dochar ceann eile?’

Is é an dochar nár chuimhnigh mé air ná go bhfuil muid uilig curtha faoi chois sa teach ag Lilí Banríon an Tí, an gadhairín, ó tháinig sí isteach sa teach dhá bhliain ó shin.

Thóg sé tamall uirthi ach tá mé traenáilte anois aici. Ní thugaim faoi deara go mbíonn sí do mo leanúint ar fud an tí ar feadh an lae. Shíl mé go ngabhfainn as mo chiall nuair a thosaigh scáilín na gceithre cos sna sála orm.

Is ar éigean a thugaim faoi deara anois nuair a thosaíonn sí ag tafann ar na lonáin ar chúl an tí nó ar fhear an phoist ag an doras tosaigh. Tá cleachtadh anois agam ar na súile impíocha a chasann i mo threo ach a n-osclaíonn mé doras an chuisneora nó má shuím ag an mbord ag ithe lóin. Tuigim go gcaithfear dáil de chuile bhéile a thabhairt don Bhanríon.

An fhadhb a bhí againn nuair a tháinig an gadhar eile ar cuairt orainn ná nár thuig sí go raibh Lilí s’againne i gceannas ar an ríocht bheag seo.

Tráthúil go leor is Lilí an t-ainm a bhí ar an gcuairteoir freisin. Cén chaoi a mbeadh a fhios againn gadhar amháin ón gceann eile?

‘B’fhéidir go bhféadfadh muid Lilí bheag a thabhairt ar an gcuairteoir,’ a dúirt mé leis an gCailín Mór Beag agus an scéal á chíoradh againn.

‘Níl a fhios agam Mamaí,’ a deir sí, ‘b’fhéidir go dtabharfadh sé complex di dá mbeadh muid ag tarraingt airde ar an méid atá inti.’

Céard a déarfá leis sin?

Ba chuma ar aon nós, óir ní raibh aon ghlacadh ag Lilí eile lena hainm nua. Is níl a fhios agam ar thuig sí Béarla ná Gaeilge, nó má thuig ní raibh aon fhonn uirthi géilleadh do threoir ná  comhairle.

Mar a mhínigh cailín beag le deireanas dom, ‘him’s a dog, him don’t understand nuthin!’

Críonnacht na hóige.

B’fhéidir nár thuig Lilí eile mórán, ach thuig sí rud amháin, bhí sí ag iarraidh Lilí Banríon an Tí a dhíbirt ón gcathaoir ríoga.

Ní raibh leathchloch meáchain sa dá ghadhar le chéile, ach is maith a bhí siad in ann ag a gcoimhlint ina dhiaidh sin féin.

Diabhal baol complex a bhí ar cheachtar acu.

Bhí siad ag troid faoin mbia, faoin spota is fearr ar an tolg, faoin spúnóg adhmaid a bhí sciobtha ón gcistineach…

Ach an duais ba ghéire a bhí uathu ná cion agus peataireacht ón gCailín Mór Beag.

Tá sí sa gcleachtadh éirí go moch ar maidin agus peataireacht a dhéanamh ar Lilí s’againne fad is atá chuile dhuine eile sa teach ina gcodladh. Ní raibh aon ghlacadh ag Lílí Eile leis an bhfabhar gan náire seo os a comhair amach is bhí fúithi deireadh a chur leis.

Léim sí in airde ar an mBanríon agus thosaigh an dá ghadhar bheaga bhídeacha ag troid is an Cailín Mór Beag sáinnithe istigh ina lár.

Scanraigh sí agus rith sí isteach sa seomra ag dúiseacht chuile dhuine.  ‘Mamaí, Mamaí,’ a bhéic sí agus í do mo tharraingt amach as an leaba, ‘éirigh go beo, tá Lilí agus Lilí eile ag marú a chéile!’

Fág freagra ar 'Tá Lilí agus Lilí eile ag marú a chéile…'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Scéal grinn ar fad! Dea-bhliain nua ar dtús ag ár scríbhneoir lách :-)