Ná creid scéal go séantar é go hoifigiúil. Ní fios go cinnte cé a chum an nath ach léiríodh a bhrí arís i gcaint an Aire Peter Burke Dé Máirt.
Bhí an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta ag cur síos ar chúlú an rialtais ón riail a fógraíodh anuraidh a chuirfeadh iachall ar dhaoine a bhfuil ionaid chónaithe i mbailte acu iad a chlárú agus cead pleanála a fháil sula ligtear iad ar chíos gearrthéarmach.
Dúirt Peter Burke gur i mbailte le daonra 20,000 nó níos mó, in ionad 10,000 mar a d’fhógair sé anuraidh, a chuirfear an riail i bhfeidhm ó mhí na Bealtaine.
Bhí sé ag caint tar éis don Aire Stáit Michael Healy-Rae a mhaíomh ar Instagram go raibh dea-thoradh, dar leis, ar a shaothar chun rialacha an rialtais a athrú. Bhagair sé go príobháideach an mhí seo caite nach dtabharfadh sé tacaíocht do na rialacha mura n-athrófaí iad.
Ba léir an ríméad a bhí ar an aire stáit ó Chiarraí agus fáilte á cur aige roimh athrú a chinnteodh gur “cothrom, tomhaiste agus bunaithe ar an saol mar atá” a bheadh na rialacha nua.
D’fhiafraigh na hiriseoirí a bhuail le Peter Burke taobh amuigh de Thithe an Rialtais de an amhlaidh go raibh air na rialacha a mhol sé anuraidh a mhaolú de thairbhe an bhrú a chuir Healy-Rae agus an t-aire Ciarraíoch eile, Norma Foley air.
Shéan Burke go raibh aon bhaint ag brú ón mbeirt lena athrú. B’éigean aird a thabhairt ar an nganntanas tithe ósta i mórán bailte, a dúirt sé. Bhí sé i gcomhairle le lucht turasóireachta le tamall. Chaithfí a dheimhniú, dar leis, go mbeadh dóthain lóistín ar fáil i gceantair thuaithe – cur síos a bhaineann, de réir an leagain nua de na rialacha, le Cill Airne (daonra: 14,000).
Ar ndóigh ní bheidh amhras ar aon neach beo faoi shéanadh an aire maidir le héifeacht áitiú na gCiarraíoch. Ach amháin daoine nach bhfaca riamh muca ag eitilt.
Fiafraíodh den aire cad a déarfadh sé le daoine a bheadh míshásta toisc nach mbeadh ionaid chónaithe ar cíos ar fáil i mbailte cosúil le Cill Airne a bhuí le rialacha nua an aire. Dúirt sé gur géire an ghéarchéim thithíochta sna bailte ina bhfuil an daonra os cionn 20,000.
Tabharfaidh gach léitheoir faoi deara láithreach gurb ionann an abairt sin agus admháil go bhfuil géarchéim thithíochta ag cur as do Chill Airne agus do bhailte eile dá leithéid. Dáiríre bhí idirdhealú idir bailte á dhéanamh ag Peter Burke a dheimhnigh an fhírinne: is follas géarchéim agus ganntanas tithíochta ar fud na tíre.
Léirigh áireamh tithíochta a pléadh ag cruinniú de chomhairle bhaile Chill Airne an mhí seo “géire” na géarchéime. Dúirt an bainisteoir áitiúil Martin O’Donoghue leis an gcruinniú go raibh 1,501 duine ar liosta feithimh tithíochta an bhaile – ina measc 867 iarrthóir ar áitreabh aon leaba.
Gan dabht níl san áireamh sna figiúirí ach daoine atá i dteideal tithíocht shóisialta. Bheadh i bhfad níos mó daoine san áireamh dá mbeadh daoine á gcomhaireamh a bheadh ábalta íoc as teach nó árasán ar cíos, arís dá mbeadh a leithéid ar fáil.
Níl ach dhá ionad cónaithe ar cíos i gCill Airne á bhfógairt ar Daft.ie (teach ar chíos €1,900 sa mhí agus stiúideo ar €1,000 sa mhí) agus an colún seo á scríobh. Níl aon áitreabh ar cíos sa bhaile á fhógairt ar myhome.ie. Tá thart ar 300 ionad cónaithe á fhógairt ar ionad saoire Airbnb atá suite sa bhaile nó ar a imeall.
Tá an t-athrú ar na rialacha cáinte go géar ag páirtithe an fhreasúra. Dúirt Pa Daly, Teachta Shinn Féin i gCiarraí, go raibh croí Chill Airne á tholladh amach ag tithe saoire. Chuir urlabhraí tithíochta an Lucht Oibre i leith an rialtais go raibh neamhaird déanta den dochar a dhéanann cíosáil ghearrthéarmach d’fhonn neamhspleáigh a shásamh agus an rialtas ar snámh.
Thagair urlabhraí tithíochta na nDaonlathaithe Sóisialta, Rory Hearne don dochar a dhéanann áitribh ar chíos gearrthéarmach sa Ghaeltacht. In alt a foilsíodh san Irish Examiner Dé hAoine thug sé le fios go raibh 573 áitreabh i gConamara á bhfógairt ar Airbnb agus gan ach deich gcinn ar Daft. Sa Daingean bhí 203 áitreabh ar Airbnb agus gan ach áitreabh amháin ar Daft.
Tá Rory Hearne ag moladh go gcuirfí na rialacha nua i bhfeidhm chomh maith i gceantair dá leithéid. Níl seans dá laghad ann áfach go gcuirfear an t-athrú a mhol sé i bhfeidhm.
Is é bun agus barr an scéil go bhfuil tús áite tugtha ag an rialtas do leas na ndaoine a bhfuil maoin acu in ionad leas na ndaoine atá ag iarraidh teach nó árasán ar cíos a aimsiú. Cuireadh a ndúirt airí éagsúla roimhe seo i leataobh agus athrú ar na rialacha a fógraíodh anuraidh á bhfógairt Dé Máirt.
Ní féidir an méadú ar áitribh ar cíos a d’fheicfí ar an margadh dá mbeadh rialacha éifeachtacha i bhfeidhm a mheas go cruinn. Sin ráite, tá sé ionann agus cinnte (mar a dúirt Darragh O’Brien sular aistríodh é óna phost mar aire tithíochta) go mbeadh dea-thoradh ó thaobh soláthair de ar rialacha nua.
Níl sonraí an chórais nua ar fáil fós ach dúirt Peter Burke go raibh súil aige go mbeadh na rialacha nua fógartha agus i bhfeidhm roimh lár an tsamhraidh.
B’fhiú machnamh ar thuairim eile a nocht Michael Healy-Rae ina ráiteas ceiliúrtha inar mhol sé toil an Taoisigh agus an Tánaiste teacht ar chomhréiteach. Ní raibh polasaí amháin oiriúnach do gach ceantar sa tír, dar leis.
Nárbh fhearr mar sin cead a thabhairt d’údaráis áitiúla a roghanna féin a dhéanamh maidir le ceadú ligean áitreabh ar chíos gearrthéarmach. Scaoilfeadh córas dá leithéid, laistigh de threoirlínte náisiúnta, cuid den tsnaidhm róláidir a chuireann ró-lárnú cumhachta ar dhaonlathas áitiúil na tíre.
Bheadh dea-thoradh eile ar athrú dá leithéid. Bheadh ar ionadaithe áitiúla i mbailte ar nós Chill Airne rogha oscailte a dhéanamh idir leas úinéirí maoine agus leas daoine gan dídean agus a rogha a chosaint.
Fág freagra ar 'Tá leas thionscal na turasóireachta curtha chun cinn ar leas daoine gan dídean'