Braitheann sé gur fada an lá ó shin é ach i ndáiríre níl ach dhá bhliain caite ó bhíomar ag moladh na hiomána mar sheoid i gcoróin CLG agus ag caitheamh anuas ar an bpeil a raibh drochbhail ar fad uirthi. Bhí Craobhchomórtas na Mumhan, go háirithe san iománaíocht, ina bhronntanas gach bliain, agus b’iontach an iomaíocht a bhí sna cluichí i gcoitinne.
Bhí an pheil in iomaire na haimléise ach ansin cuireadh Coiste Athbhreithnithe Peile le chéile agus rinneadar scagadh domhain ar chúrsaí, lorg siad moltaí ó chian is chóngar agus chuir siad leasuithe chun cinn a d’athraigh an cluiche go mór. Anuraidh bhí craobhchomórtas peile den scoth againn, bhí beagnach gach duine ar aon fhocal faoin tuairim sin. Ag deireadh na bliana, rinneadh cúpla mionathrú agus b’fhéidir go bhfuil áit fós ann do chúpla leasú eile.
Ach is ait an scéal anois an chaint atá ag teacht chun cinn le déanaí faoi fhadhbanna na hiomána, fadhbanna nár pléadh i gceart roimhe seo. Bhí cuid acu ann, gan dabht, ach níor cuireadh mórán béime orthu. Níor chosúil gur cheist mhór a bhí iontu ag an am.
Ach seo sinn anois ag tús 2026, agus tá roinnt ceisteanna ag teacht chun tosaigh arís. Ceann acu sin ná an pas láimhe, agus ceist eile ná an poc amach tapa. Tá ceist ann freisin maidir leis an maor foirne nach bhfuil cead aige dul ar an bpáirc. Maidir leis an gceann deireanach sin, ar pháirc chomh mór le páirc iomána nó peile, go háirithe i gcluichí móra le sluaite móra, bíonn sé an-deacair teachtaireachtaí a chur isteach chuig na himreoirí. Is fadhb í sin, gan aon dabht. Tá ceisteanna faoi dháileadh cártaí, go háirithe an ceann dubh, agus tá ceist ann faoi úsáid an dara lámh sa ghleic.
Mar sin, tá roinnt ceisteanna práinneacha go leor le réiteach. D’fhéach mé ar roinnt cluichí ag an deireadh seachtaine, agus cé go dtuigim an iarracht mhór atá á déanamh ag na himreoirí agus ag na bainisteoirí, caithfidh mé a rá, cé go raibh dhá chúl álainn ann, neart pointí den scoth agus roinnt taispeántas iontach sa chluiche idir Luimneach agus Cill Chainnigh, chuir líon na gclibirtí alltacht orm. Bhí 14, 16, fiú 18 imreoir páirteach iontu ag amanna, agus dúirt mé liom féin: ‘Mo léan, tá an cluiche seo ag éirí cosúil le rugbaí.’
Cruthaíonn an diabhal clibirte easpa spáis, bíonn brú leanúnach ann agus fadhb dá réir le dáileadh an tsliotair. Níl mórán bealaí ag imreoirí leis an liathróid a scaoileadh saor. Tá sé seo ag éirí ina cheist níos mó agus is dóigh liom gur fhadhb thromchúiseach í. Dá bhrí sin, sílim go bhfuil sé thar am go mbeadh coiste athbhreithnithe iománaíochta againn. Cuirtear ar bun é ag deireadh na bliana seo. Ní cheapfainn go ndéarfainn é sin dhá bhliain ó shin, ach sílim anois go bhfuil an t-am tagtha do choiste athbhreithnithe don iománaíocht. Déarfainn go mbeidh níos mó díospóireachta faoi seo de réir mar a théann an séasúr ar aghaidh.
Tá Lá fhéile Vailintín buailte linn agus deireadh seachtaine saor ó chluichí ag iománaithe na tíre. Ní raibh mórán grá le braistint i bPáirc Uí Chaoimh Dé Sathairn seo caite agus imreoirí Chorcaí agus Thiobraid Árann ag streachailt as a chéile roimh leath ama, eachtra a chríochnaigh le dhá chárta buí agus dearg.
Bhí roinnt de lucht na dteoiricí comhcheilge ag scaipeadh ráflaí ar líne faoi phlean Chorcaí roinnt achrainn a thosnú roimh leath ama ina gcuid cluichí i mbliana. Pé fírinne atá sa tuairim sin, tá Corcaigh ar bharr phríomhroinn na sraithe agus Ben O Connor agus a mheitheal bainistíochta sásta go leor leis an dul chun cinn go dtí seo.
Comhartha a bhí i dtaispeántas Luimnigh i gcoinne Chill Chainnigh go mbeidh siad i lár an aonaigh i mbliana. Déarfainn go bhfuil formhór na gcontaetha i roinn 1A agus B sásta go leor go dtí seo, taobh amuigh d’Aontroim agus iad fós folamh ó thaobh pointí sraithe.
Beidh an chéad bhabhta sraithe eile againn an tseachtain seo chugainn.
alan titley
Pointí maithe ag John mar is dual, ach pointí a dúirt sé. Ach sin fadhb mhór, iomad gan teorainn na bpointí céanna, na cúilíní damanta. Cuid acu ealaíonta is fíor, ach nuair nach bhfuil againn ach iad níos minicí ná a chéile seachas an sliotar sa líontán. Ní comparáid le rugbaí atá le déanamh ach le cispheil. Déanaim amach gur cheart gurbh fhiú luach cúil le sé nó seacht gcúilíní. Déantar an mhatamaitic!
Pádraig
Maidir leis na clibirtí gránna iomadúla sin a bhfuil lot á ndéanamh acu ar an iománaíocht trí chéile, b’fhé’ gurb é ráiteas Christy Ring an réiteach is fearr, agus réiteach a chuirfeadh scaipeadh na mionéan orthu;
“Tarraing ar an sliotar i gcónaí ach muna bhfuil radharc cruinn ceart agat air tarraing ar an áit a gceapann tú é a bheith ann.”