Bualadh bos do Troy Parrott, náire an IOC agus tuilleadh tráchtaireachta i nGaeilge ag RTÉ

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Bualadh bos do Troy Parrott, náire an IOC agus tuilleadh tráchtaireachta i nGaeilge ag RTÉ

Bualadh bos do Troy Parrott

Sé seachtaine atá anois idir muid agus cluichí móra na hÉireann i gcoinne na Seicia sna babhtaí cáilithe do Chorn Sacair an Domhain. Ar ndóigh, gaiscí Troy Parrott i gcoinne na Portaingéile agus na hUngáire go háirithe, a d’fhág go bhfuil muid fós san iomaíocht d’áit i gcomórtas an tsamhraidh i Meiriceá Thuaidh.

Murab ionann is Evan Ferguson sa Róimh, tá ag éirí go geal le Parrott le AZ Alkmaar san Ísiltír. Tá 22 cúl scóráilte aige don chumann i 30 cluiche go dtí seo in 2025/26 agus mí-ádh ceart air nár chuir sé cúl eile leis an méid sin ag an deireadh nuair a chuir an réiteoir iarracht eile uaidh as an áireamh.

Ní hé mar sin go dteastaíonn aon ugach a thabhairt do Parrott ach má tá gríosú ag uaidh roimh an gcluiche i gcoinne na Seicia, is féidir leis éisteacht le hamhrán nua atá cumtha ina ómós.

An rapálaí Kaeyan, ó thuaisceart Bhaile Átha Cliath, a d’eisigh an t-amhrán ‘Troy Parrott’ cúpla lá ó shin. Tagraítear do na trí chúl a scóráil Parrott i gcoinne na hUngáire san amhrán agus tá blaiseadh de thráchtaireacht Darragh Moloney ón lá cáiliúil sin i mBúdapeist le cloisteáil chomh maith.

Ní hé Parrott an t-aon tosach de chuid na hÉireann atá luaite ag Kaeyan ina chuid amhrán áfach. Luann an rapálaí fear Thiobraid Árann, Shane Long, ina amhrán ‘Bualadh Bos’ chomh maith. Níl Kaeyan baileach ina Mhóglaí Bap go fóill i dtaobh úsáid na Gaeilge – níl ann ach an cúpla focal –  ach bheadh Kneecap féin bródúil as an úsáid a bhaintear as an nGaeilge chun tagairt don bhualadh craicinn.

Mar a deir sé féin, bualadh bos.

Náire an IOC

Bhí na Cluichí Oilimpeacha Geimhridh i Milan-Cortina lán le scéalta aite go dtí seo, idir theachtaireacht frith-Ice a bheith scríofa sa sneachta le fual, caint ar iomaitheoirí a bheith ag fáil instealltaí aigéid ina mbod, agus admháil chaointeach ó dhuine de na hiomaitheoirí gur imigh sé thar claí le duine eile.

Beidh dearmad déanta ar na scéalta sin uile faoin am go mbeidh an sneachta i dtuaisceart na hIodáile leáite, áfach. Scéal amháin a mhairfidh sa gcuimhne níos faide agus a fhágfaidh cluichí na bliana seo faoi scáth, ná scéal Vladyslav Heraskevych, a caitheadh amach as comórtas bolgshleamhnánaithe na bhfear maidin Déardaoin.

Cén peaca a bhí déanta ag an Úcránach? Bhí an fear 27 bliain d’aois ag iarraidh clogad speisialta a chaitheamh ar a raibh íomhánna de chuid den bhreis is 600 lúthchleasaí agus cóitseálaí Úcránach a maraíodh ó rinne an Rúis ionradh ar an tír ceithre bliana ó shin.

Dúirt Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha (IOC) gur tháinig an clogad salach ar threoracha atá ann do lúthchleasaithe maidir le cosc a bheith ar ráitis a bhaineann le cúrsaí polaitíochta, creidimh nó eile agus comórtais ar siúl.

Tuigtear go raibh imní ar an IOC go gcruthófaí tuilleadh fadhbanna amach anseo dá dtabharfaí cead do Heraskevych dul san iomaíocht agus nach raibh aon rogha ann ach é a chaitheamh amach.

Bhí tocht i nglór uachtarán an IOC, Kirsty Coventry, agus í ag labhairt leis na meáin maidin Déardaoin tar éis di impí ar Heraskevych a intinn a athrú. Ba léir go raibh sí dáiríre agus í ag iarraidh teacht ar réiteach éigin. Mar sin féin, bí cinnte go raibh an méid a dúirt Coventry ag comhdháil an IOC ag tús na míosa, nuair a thagair sí do chead a thabhairt don Rúis páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha arís, ar chúl a gcinn ag Heraskevych agus daoine eile as an Úcráin nuair a tháinig na deora le Coventry.

“This is the price of our dignity,” a dúirt Heraskevych ar na meáin shóisialta nuair a fógraíodh an cinneadh agus pictiúr de féin agus an clogad curtha lena theachtaireacht. Ní bheidh aon bhonn aige agus é ag fágáil na hIodáile, ach is cinnte go bhfuil sé tar éis cur go mór lena lucht tacaíochta.

Tuilleadh tráchtaireachta i nGaeilge ag RTÉ

Mar a bhí le blianta beaga anuas, is roinnte idir RTÉ agus Virgin Media atá na cearta craolta teilifíse do na cluichí i gComórtas Sé Náisiún na bliana seo. Is ar Virgin Media One a bhí cluiche na hÉireann i gcoinne na Fraince an tseachtain seo caite agus is ar an gcainéal céanna a bheidh ceann an lae amárach idir Éirinn agus an Iodáil i mBaile Átha Cliath.

Seachtain ón Satharn a bheidh foireann Andy Farrell le feiceáil beo ar RTÉ den chéad uair agus na cearta ag an gcraoltóir náisiúnta do chluiche na hÉireann i gcoinne Shasana i Twickenham. D’fhéadfadh an tóin a bheith tite as comórtas na hÉireann faoin tráth sin ach ócáid stairiúil a bheidh ann ar aon chaoi agus tráchtaireacht Ghaeilge le cur ar fáil ar RTÉ do chluiche sa gComórtas Sé Náisiún den chéad uair riamh.

Beirt de bhunadh na Ceathrún Rua, Garry Mac Donnacha agus iarimreoir Chonnacht, Colm de Buitléar, a bheidh i mbun na tráchtaireachta agus beidh siad ar ais linn cúpla seachtain ina dhiaidh sin don chluiche idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag i Staid Aviva ar an 6 Márta.

Mar a deir mé, d’fhéadfadh go mbeadh deireadh le haon seans ag Éirinn ar an gcraobh faoin am sin ach beidh Garry agus Colm ar dualgas freisin don chluiche is mó i gcomórtas na bliana seo, an ceann idir an Fhrainc agus Sasana a chuirfidh clabhsúr le cúrsaí ar an 14 Márta.

Mar a bhíonn i gceist leis an tráchtaireacht Ghaeilge a chuirtear ar fáil do chluichí CLG, beidh an rogha i nGaeilge ar fáil ar an gcainéal RTÉ News agus ar an RTÉ Player chomh maith.

Deir RTÉ̇ go bhfuil siad le tuilleadh faoi thráchtaireacht i nGaeilge ar imeachtaí spóirt a fhógairt an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Bualadh bos do Troy Parrott, náire an IOC agus tuilleadh tráchtaireachta i nGaeilge ag RTÉ'