Drochshúil a thug Cillian Murphy do Prince Harry (allegedly) agus amhráin Kneecap a spreag suim Andrew Callaghan, déantóir físeáin faisnéise, sa nGaeilge. Nó, luann sé na cúiseanna sin sa bhfíseán is deireanaí uaidh, ‘Irish Language Revival’, a bhfuil 768,000 radharc faighte aige cheana féin sna trí lá ó foilsíodh é ar YouTube.
Cruthaitheoir agus láithreoir an chainéil Channel 5 é Callaghan, a dhéanann físeáin faisnéise atá neamhfhoirmeálta agus scaoilte sa leagan amach atá orthu. ‘All Gas No Brakes’ an t-ainm a bhíodh ar an gcainéal YouTube aige. Cuirtear i gcomparáid é in amanna le daoine ar nós Louis Theroux.
Tá 3.41 milliún leantóir aige ar YouTube agus tá an físeán ‘Irish Language Revival’ ar an gcéad cheann de shraith 10 bhfíseán ina mbeidh sé ag breathnú ar mhionteangacha éagsúla atá i mbaol ar fud an domhain.
Insítear dúinn sa bhfíseán go mba as Éirinn a shin-sin-seanathair, Jeremiah Callaghan, agus gur tháinig seisean go Philadelphia ag tús an chéid seo caite as Corcaigh. Deir Callaghan gur chuir sé suim ina chúlra Éireannach roinnt blianta ó shin, nuair a rinne sé tástáil DNA a thaispeáin go raibh cúlra 92% Éireannach aige ó thaobh na géineolaíochta. Rinne sé roinnt taighde faoi stair a mhuintire i Meiriceá agus deir sé go ndeachaigh sé ag roinnt de na féilte Gael-Mheiriceánacha. Níor tháinig mórán as sin ag an am agus d’fhág sé ansin mar scéal é go dtí gur chuala sé trácht ar Kneecap.
“All of a sudden a rap trio called Kneecap goes Number One, rocking IRA ski masks, Palestine flags, and spitting a sizeable portion of their bars in a language that no one knew existed, I learned that the language was called Irish.”
Tagann sé go hÉirinn sa bhfíseán agus é ar thóir oidhreacht mhuintir Uí Cheallacháin agus é ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoin nGaeilge. Labhraíonn sé leis na rapálaithe as Béal Feirste sa bhfíseán chomh maith le réimse daoine, cuid acu ó shaol na Gaeilge.
Breathnaíonn sé ar stair na teanga, na cúiseanna go ndeachaigh sí i léig agus na rudaí atá ag cur leis an spéis atá anois ag daoine óga arís inti. Labhraíonn sé leis an bpodchraoltóir, scríbhneoir agus rapálaí, Blindboy, faoi stair mhuintir Uí Ceallacháin, agus é ag iarraidh tuiscint a fháil ar chúlra a mhuintire féin.
Níos deireanaí sa bhfíseán castar Bubba Shakespeare air, fear as an Aonach i dTiobraid Árainn, a chasann rap i nGaeilge dhó. Téann sé go Gaelscoil freisin, áit a mbreathnaíonn sé ar an gcaoi a mbíonn Gaeilge á múineadh sna scoileanna agus foghlaimíonn sé cúpla focal ó na daltaí scoile.
Ag an deireadh, deir sé, “I left Ireland full of pride and oozing with ancestral self-discovery.”
Tá contúirt ag baint leis na liricí rap sin.
***
Maonáis Ghaeltachta ag déanamh ar Tesco
Is gearr go mbeidh táirgí bia ó chaifé i gConamara ar fáil i siopaí Tesco ar fud an Tuaiscirt. Tuairiscíodh san Irish News an tseachtain seo go bhfuil socrú déanta ag an gcaifé Gaeltachta An Builín Blasta, atá lonnaithe sa gCeardlann, sa Spidéal, le hollmhargaí Tesco le táirgí bia an chaifé a dhíol.
Chef as Ceanada ó dhúchas í Heather Connolly, bunaitheoir an bhranda. Tógadh í i Saskatoon, Saskatchewan i gCeanada agus bhog sí go hÉirinn le traenáil mar chef. Bhunaigh sí An Builín Blasta sa mbliain 2015. De réir a chéile d’fhorbair sí réimse anlann agus blastáin agus earraí miondíola le díol i siopaí eile.
Tá cáil tarraingthe ag an ngnólacht as feabhas na dtáirgí agus is iomaí gradam bia atá buaite acu le deich mbliana anuas. Bhí na táirgí le fáil i siopaí neamhspleácha ó Thuaidh roimhe seo, ach déanfaidh an socrú is deireanaí seo difríocht mhór don dáiliúchán a bheidh ar na táirgí ar fud an Tuaiscirt. Tá cáil ar leith ar an maonáis oinniúin dheataithe atá acu. Coinnigh súil air.
Fág freagra ar 'Contúirt liricí Kneecap, maonáis Ghaeltachta ag déanamh ar Tesco'