‘Tá laethanta an dóchais tagtha’ – plean do dheireadh na srianta fógartha ag an Taoiseach

D’fhógair an Taoiseach tráthnóna an plean chun deireadh a chur leis na srianta deireanacha faoin 22 Deireadh Fómhair

‘Tá laethanta an dóchais tagtha’ – plean do dheireadh na srianta fógartha ag an Taoiseach

‘Tá laethanta an dóchais tagtha,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna agus é ag iompú ar an nGaeilge ag deireadh a óráide faoin bplean deireadh a chur leis na srianta Covid-19.

D’fhógair an Taoiseach go hoifigiúil an plean chun deireadh a chur leis na srianta deireanacha faoin 22 Deireadh Fómhair.

Sa chuid Ghaeilge dá óráid dúirt sé gur plean “céimiúil cúramach” a bhí ann agus go raibh “gaisce” déanta ag muintir na hÉireann a léirigh “spiorad na meithle” le linn na paindéime.

Dúirt sé go mbeadh sé mícheart deireadh na paindéime a fhógairt ach gurb é anois an t-am tús a chur le fáil réidh leis na rialacha agus na srianta ar shaoirse phearsanta agus béim a chur feasta ar fhreagracht phearsanta an duine i leith a iompair féin.

Mhaígh sé gur fhág straitéis athoscailte “stuama” an Rialtais agus an dianchlár vacsaínithe go bhféadfaí tosú anois ar rudaí a dhéanamh ar shlí eile.

“Bhíomar stuama mar thír, sheasamar le chéile agus thugamar aire dá chéile,” arsa an Taoiseach.

Anois a bhí “iarracht agus íobairtí” na phobail á chúiteamh leo, ar sé.

Mhaígh an Taoiseach gur éirigh linn cosaint níos fearr a thabhairt don phobal ná mar a rinne go leor tíortha agus go raibh cuid mhaith tíortha ar fud an domhain i bhformad linn mar gheall ar ár gclár vacsaínithe.

An meas atá ag muintir na hÉireann ar an eolaíocht ba chúis leis an scéala go raibh an tsnáthaid faighte ag nach mór 90% de dhaoine fásta, dar leis.

Maidir leis an mbreis is 5,000 duine a fuair bás agus an galar orthu, dúirt na Taoiseach go dtiocfaí ar bhealach cuí chun comóradh a dhéanamh ar na mairbh.

Dúirt sé gur daor a d’íoc daoine as an bpaindéim de dheasca líon na ndaoine a fuair bás agus an cosc a bhí i bhfeidhm freastal ar shochraidí.

De réir phlean nua an Rialtas, chuirfí deireadh le srianta uile na paindéime faoin 22 Deireadh Fómhair, ach cúrsaí Covid-19 a bheith I gceart.

Ón lá amárach ar aghaidh beidh cead ag an gcóras iompair phoiblí an líon iomlán paisinéirí a iompar agus cead ag daoine suí le hais a chéile, rud nár tharla ó thús na paindéime.

Leanfar leis na mascanna ar thraenacha agus ar bhusanna ar feadh tamaill eile. Caithfear masc a chaitheamh freisin in ionaid leighis agus i siopaí.

Ón Luan seo chugainn, an 6 Meán Fómhair, beidh cead imeachtaí móra beo lasmuigh agus laistigh a eagrú agus rialacha nua i bhfeidhm.

Beidh cead ag 50% den líon iomlán a bhfuil áit dóibh san ionad freastal ar shearmanais reiligiúin. Ní raibh ach 50 duine ceadaithe go dtí seo.

Ceadófar 60% den líon a bhfuil áit dóibh in ionaid taobh istigh ach na daoine sin a bheith lánvacsaínithe agus beidh cead ag 75% den iomlán freastal ar imeachtaí lasmuigh faoin spéir agus ní mór dóibhsean vacsaín a bheith faighte acu chomh maith.

Na hionaid lasmuigh ar mian leo daoine nach bhfuil vacsaínithe a ligean isteach ag imeachtaí, ní cheadófar dóibh a ligean isteach ach 50% dá gcumas. Is faoi na heagraíochtaí spóirt féin a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cé acu an ligfidh siad daoine neamhvacsaínithe isteach ag a gcuid imeachtaí nó nach ligfidh.

Beidh cead arís ag ceoltóirí a bheith i láthair ag ceol ag bainiseacha agus i dtithe tábhairne. Níl aon athrú ar an am dúnta, caithfear an bhainis agus an t-ól a stopadh ag 11.30pm.

Ón 20 Meán Fómhair tosófar ag tabhairt daoine ar ais ag obair ina n-ionad oibre ach de réir a chéile a dhéanfar é.  Má bhíonn bearta cosanta sláinte eile i bhfeidhm ansin, ní gá ach méadar amháin a fhágáil idir na deascanna in oifigí.

An lá céanna sin a bheidh cead tús a chur le himeachtaí iarscoile agus spórt faoi dhíon.

Ach vacsaín iomlán a bheith faighte ag 90% de phobal na tíre atá os cionn 16 bliain d’aois agus líon na gcásanna a bheith seasmhach nó ag titim, cuirfear deireadh leis na srianta Covid-19 eile ar fad ar an 22 Deireadh Fómhair.  Ón lá sin ar aghaidh beidh deireadh le srianta agus an bhéim á cur ar threoirlínte agus freagracht an duine féin.

Bheadh deireadh feasta ansin leis an scaradh sóisialta agus na srianta atá ar dhaoine nach bhfuil vacsaínithe a bheith ag teacht le chéile ag ócáidí príobháideacha i dtithe agus i ngairdíní.

D’fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil 164,000 déagóir idir 12-15 bliain cláraithe le haghaidh vacsaín i gcoinne an Covid-19. Bhí an chéad snáthaid faighte ag 148,000 díobh inné.

1,382 cás eile den víreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. Maidin inniu bhí 355 people in ospidéil agus an Covid-19 tolgtha acu, 27 othar coróinvíris níos lú ná a bhí ansin inné.

Bhí seachtar níos lú in aonaid dianchúraim inniu, 54 othar Covid atá ag fáil dianchúraim inniu.

Fág freagra ar '‘Tá laethanta an dóchais tagtha’ – plean do dheireadh na srianta fógartha ag an Taoiseach'