1,382 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar líon na n-othar sna hospidéil

Fógróidh an Taoiseach tráthnóna an plean le deireadh a chur leis na srianta deireanacha Covid-19

1,382 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar líon na n-othar sna hospidéil

Tá 1,382 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

355 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu (382 a bhí i gceist inné) agus bhí 54 acusan in aonad dianchúraim (61 inné).

1,313 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna fosta agus d’fhógair siad go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,364 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

391 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 44 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,284,443 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,161,433 duine.

Fógróidh an Taoiseach tráthnóna an plean le deireadh a chur leis na srianta deireanacha Covid-19, ag áireamh filleadh na n-oibrithe ar an ionad oibre.

Thug an Rialtas a mbeannacht tráthnóna don plean d’athoscailt iomlán an stáit faoin 22 Deireadh Fómhair, plean a d’aontaigh an fochoiste Covid-19 inné. Tiocfaidh deireadh iomlán leis an srianta ar an 22 Deireadh Fómhair má bhíonn 90% de dhaoine lánvacsaínithe agus má bhíonn líon na gcásanna ag laghdú nó seasmhach an uair sin.

Ag tosú an tseachtain seo chugainn, is de réir a chéile a scaoilfear na srianta mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.

Fág freagra ar '1,382 cás nua den víreas fógartha, laghdú ar líon na n-othar sna hospidéil'