Tá Hotel Artemis cliste suimiúil agus is trua nár tógadh ar na buanna sin

Cuirtear domhan diostóipeach inchreidte agus suíomh sainiúil os ár gcomhair i 'Hotel Artemis' ach ní leor sin...

Tá Hotel Artemis cliste suimiúil agus is trua nár tógadh ar na buanna sin

Hotel Artemis

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Drew Pearce

Cliar: Jodie Foster, Sterling K. Brown, Sofia Boutella, Jeff Goldblum, Zachary Quinto.

Tá breis agus dhá scór bliain ann ó fuair Jodie Foster ainmniúchán Oscar dá taispeántas in Taxi Driver, saothar ceannródaíoch le Martin Scorsese. Tá an iliomad taispeántas cumasach tugtha uaithi aici i gcaitheamh na mblianta agus d’éirigh léi gradaim Oscar a chrochadh léi do The Accused (1988) agus The Silence of the Lambs (1991) mar aon le hainmniúchán do Nell (1994).  Is duine de sheanfhondúirí Hollywood í gan aon agó. Ní bhíonn sí le feiscint ar an scáileán an oiread sin a thuilleadh, léiriú eile b’fhéidir ar theirce na rólanna a bhíonn ann do mhná aosta agus meánaosta.  Tá cúig bliana ann ó bhí ról tánaisteach aici in Elysium agus níl aon saothar eile ar na bioráin aici. Dá bhrí sin is fiú féachaint ar aon táirge go mbíonn sí le feiscint ann.

I dtosach an scannáin cuirtear in iúl dúinn go bhfuilimid in Los Angeles na bliana 2028 agus tá an chíréib is measa i stair na cathrach faoi bharr lasrach. Ospidéal rúnda, do bhaill amháin, é Hotel Artemis agus is coirpigh ar fad iad na baill. Is í Foster mar altra an ceann feadhna agus le cabhair na teicneolaíochta nua-aimseartha (clódóir tríthoiseach san áireamh) cuireann sí cóir leighis ar an meascán mearaí de bhligeaird agus bithiúnaigh a ghabhann an doras isteach chuici. ‘This is America; 85% of what I fix is bullet holes,’ a deir sí go seanbhlastúil.

Déanann sí an t-ospidéal a riar go fíochmhar, an fathach Everest (Bautista) lena hais. Níl cead isteach ag éinne ach baill, níl gunnaí ceadaithe, tá doirse na seomraí difriúla fé ghlas agus tagraítear dos na hothair de réir ainmneacha a seomraí atá maisithe i stíl art deco. In ainneoin a cruais is carachtar croite go maith í an t-altra. Í tugtha ag an saol, cráite ag an agrafóibe agus ag síordhiúgadh ar bhuidéal fuisce. Cuireann Foster í ina steillbheatha os ár gcomhair.

An oíche chinniúnach, chorraitheach seo  tá a t-óstán lán go gad agus cuireann na ruagairí reatha sraith eachtraí sa tsiúl a thugann go críoch fhoréigneach sinn. Cuirtear raidhse carachtar os ár gcomhair. Is carachtar cigilteach, contúirteach í Nice (Boutella) a bhfuil a saothar féin dlite di. Ar an drochuair ní chímid ár ndóthain de cheann feadhna na coiriúlachta atá á léiriú ag Goldblum. Ní fiú tráithnín na carachtair eile. I gcaitheamh an ama tagann tragóid stairiúil go barr uisce, léirítear dúinn go bhfuil uisce fé thalamh agus nasc idir na carachtair dhifriúla.

Tá an domhan diostóipeach a chruthaítear, mar aon leis an suíomh sainiúil a cuireadh os ár gcomhair, cliste, suimiúil. Is mór an trua nár tógadh orthu go seiftiúil. Ag an gcríoch taibhsíodh dom gur amhlaidh a fágadh an bhearna do scannáin leantacha.

Fág freagra ar 'Tá Hotel Artemis cliste suimiúil agus is trua nár tógadh ar na buanna sin'