Tá géarchéim tithíochta agus géarchéim teanga i nGaeltacht Thír Chonaill…

Caithfear aird a thabhairt ar cheist na pleanála sa Ghaeltacht má táthar le pobal atá i mbaol a dhíothaithe a thabhairt slán

Tá géarchéim tithíochta agus géarchéim teanga i nGaeltacht Thír Chonaill…

Le cúpla bliain anuas tá go leor airde á tarraingt ag muintir na Gaeltachta ar an ghéarchéim tithíochta atá ag cur dlús leis an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht – ó Bhreanndán Ó Beaglaoich agus a fheachtas tithíochta fá bhacainníocht sa chóras cead pleanála a thug sé ar fud Ghaeltacht na hÉireann i samhradh na bliana 2021 go dtí feachtas in éadan forbairtí tithíochta i nGaeltacht Ráth Chairn nach dtabharfadh aitheantas ar bith do riachtanais na Gaeltachta sin, go dtí an tsraith cruinnithe poiblí a eagraíodh fán ghéarchéim tithíochta i nGaeltacht Thír Chonaill sa bhliain 2022.

Ag ceann de na cruinnithe céanna in Anagaire cuireadh i láthair an phobail an t-eolas go bhfuil os cionn 40% de na tithe i nGaeltacht Thír Chonaill ina dtithe saoire nó go bhfuil siad folamh ar fad –de réír fhigiúirí dhaonáireamh 2016.

I gceantracha áirithe Gaeltachta i dTír Chonaill tá an figiúr níos airde arís – 65% de na tithe i Ros Goill, mar shampla, atá ina dtithe saoire agus ina dtithe folmha agus turasóirí go fóill ag iarraidh tuilleadh tithe saoire a thógáil ann san am i láthair. Le linn na gcruinnithe fán tithíocht i nGaeltacht Thír Chonaill rinneadh plé ar chuid moltaí Chonradh na Gaeilge óna cháipéis ‘Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht’ agus bhí glacadh ginearálta leo. Tá tacaíocht faighte ag na moltaí seo ó choistí pleanála teanga agus coistí pobail Gaeltachta ar fud na tíre.

Le cúpla mí anuas, le tacaíocht Chonradh na Gaeilge, tá céim úr ar aghaidh tugtha ag oifigigh pleanála teanga agus bainisteoirí comharchumann agus eagraíochtaí pobail Gaeltachta i dTír Chonaill san fheachtas seo le haghaidh a thabhairt ar an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht – tá litir seolta againn chuig bainistíocht shinsearach na Comhairle Contae ag iarraidh cruinnithe leo le forbairt a dhéanamh ar pholasaí don tithíocht sa Ghaeltacht mar chuid den phlean forbartha contae.

Tá an litir seo ag teacht sna sála ar aighneachtaí uainn a mholann leasú a dhéanamh ar an phlean forbartha contae.

Ba mhian linne atá ag obair i gcothabháil na bpobal áitiúil Gaeltachta, atá i mbaol a ndíothaithe mar phobail teanga de réir an taighde reatha sochtheangeolaíochta, cruinniú a eagrú leo siúd i gComhairle Contae Dhún na nGall atá freagrach as an phlean forbartha contae a chur i gceann a chéile agus leo siúd, go háirithe, atá freagrach as pleanáil tithíochta mar a bhaineann sin le ceantair Ghaeltachta.

An sprioc atá againn mar oifigigh pleanála teanga agus mar bhainisteoirí comharchumainn agus eagraíochtaí pobail Gaeltachta, go ndéanfar cinnte go dtabharfar pleanáil chuí agus fhóirsteanach tithíochta i gceantracha Gaeltachta san áireamh i ndréachtú an phlean forbartha contae. Ba mhaith linn go sonrach go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí uilig atá déanta ag Conradh na Gaeilge ina ndoiciméad Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht – Moltaí.

Aithníonn na saineolaithe sochtheangeolaíochta go bhfuil an Ghaeilge i mbaol práinneach mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Tá dlús pobail labhartha ar cheann de na coinníollacha sochtheangeolaíochta is tábhachtaí le déanamh cinnte go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail i gceantar ar leith agus aithnítear go gcaithfear an dlús sin a choinneáil os cionn 67% ar a laghad le sláinte na mionteanga a chinntiú. Mar sin tá sé fíorthábhachtach go mbeadh polasaí láidir tithíochta do Ghaeltacht Thír Chonaill mar chuid den phlean forbartha contae.

Ar chuid de na moltaí is tábhachtaí atá déanta ag Conradh na Gaeilge tá coinníollacha láidre teanga a bheith ag gabháil le cead pleanála agus le ceannacht tithe sa Ghaeltacht, 90% de sholáthar tithíochta na Gaeltachta a bheith curtha i leataobh do chainteoirí Gaeilge agus do dhaoine de bhunadh an cheantair – is cuma Gaeilge a bheith acu nó gan í a bheith acu, srian ar thithe saoire agus scéim tithíocht shóisialta inar féidir le muintir na Gaeltachta tithe a thógáil ar a dtalamh féin nó ar thalamh a muintire, i measc go leor moltaí maithe fiúntacha eile.

Mar chéim thábhachtach leis an sprioc seo thuas a bhaint amach tá cruinniú iarrtha againn le bainistíocht shinsearach na Comhairle Contae. Sheol muid ár litir chucu ar an 19 Deireadh Fómhair agus tá muid go fóill ag fanacht le freagra uathu. Tá súil againn nach mbíonn moill rómhór ann nó tá idir ghéarchéim tithíochta agus ghéarchéim teanga i nGaeltacht Thír Chonaill agus creideann muid gur féidir linn cuidiú leis an chás ach polasaí fóirsteanach don tithíocht sa Ghaeltacht a chur i gceann a chéile agus a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Tá súil againn leis an fheachtas seo dul i bhfeidhm ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall, le léiriú dóibh go bhféadfaidís a bheith ceannródaíoch agus ina n-eiseamláir dea-chleachtais ó thaobh na Gaeltachta de – agus gur céim í seo i dtreo Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht a bhaint amach don tír ar fad.

Tá údar an ailt ina Bhainisteoir, ar Pobal Eascarrach. Ar na dreamanna atá ag tacú leis ag an bhfeachtas a luann sé san alt seo tá Meitheal Pleanála Teanga Thír Chonaill [oifigigh pleanála teanga an chontae] agus Conradh na Gaeilge

Fág freagra ar 'Tá géarchéim tithíochta agus géarchéim teanga i nGaeltacht Thír Chonaill…'

  • Seán Ó hAodha

    Faraor níl saineolaí dlí Eorpach ar fáil chun cás seo na Gaeltachta a throid san AE. Is í an Ghaeilge príomhoidhreacht chultúrtha na Gaeltachta.

    Seo an téacs de Article 3, Directive 2100/92/EU (nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil fós )
    Article 3
    The environmental impact assessment shall identify, describe and assess in an appropriate manner, in the light of each individual case and in accordance with Articles 4 to 12, the direct and indirect effects of a project on the following factors:
    (a) human beings, fauna and flora;
    (b) soil, water, air, climate and the landscape;
    (c) material assets and the cultural heritage;
    (d)the interaction between the factors referred to in points (a), (b) and (c).Cá bhfios
    Ní dheintear measúnú mar sin sa tír ach go hamaitéarach ach tá an Ghaeilge rangaithe ag UNESCO mar theanga atá “I mBaol go cinnte”.

  • Ruán Ó Gliasáin

    Cinnte bheadh orthu breathnú ar (c) sócmhainní ábhartha agus an oidhreacht chultúrtha; ansin nó ba cheart go mbreathnóidís!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Níl an polasaí do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht de chuid Conradh na Gaeilge léighte agam.

    ‘…90% de sholáthar tithíochta na Gaeltachta bheith curtha i leataobh….do dhaoine de bhunadh an cheantair – is cuma Gaeilge a bheith acu nó gan í a bheith acu…’

    Ní ghlacaim leis an moladh seo nó is Béarlóirí (cuid acu breá cantalach) iad mórchuid na ndaoine seo nach bhfuil suim dá laghad acu i labhairt na Gaeilge. Go leor acu ag fáil fostaíocht sa Ghaeltacht agus níl an Ghaeilg mar theanga oibre sa láthair fostaíochta, iad ag brú an Bhéarla ar a gcomhleacaithe agus ar an bpobal Gaeilge, iad ar choistí pobail Gaeltachta – b’fhéidir fiú ar choistí tuismitheoirí scoile – agus na cruinnithe ag tiompú ar an Bhéarla mar nach bhfuil labhairt na Gaeilge ar a dtoil ag na daoine seo.

    Nach iad muintir na Gaeltachta a thóg na tithe saoire sa chéad dul síos? Agus nach iad a dhíol na tithe ar an luach is airde le strainséirí Béarla? Cheistigh mé ceantalaí áitiúil traidhfil blianta ó shoin cad chuige nach ndéanann siad na tithe atá ar díol sa Ghaeltacht a fhógairt trí mheán na Gaeilge agus dúirt siad liom gur sin an mian a bhí ag na díoltóirí – na tithe a fhógairt i mBéarla!! Má théid tú chuig ceantalaí ar bith sa tír níl aitheantas ar bith don Ghaeilg ar na suímh idirlín atá acu agus níl an Ghaeltacht luaite áit ar bith ar na fógraí. Bheinn den tuairim má bhíonn teach nó gabhaltas nó maoin ar bith a dhíol sa Ghaeltacht go mbeadh an fhógraíocht i nGaeilg amháin.

    ‘… tá cruinniú iarrtha againn le bainistíocht shinsearach na Comhairle Contae.’

    An mbeidh an cruinniú seo trí mheán na Gaeilge? Tuigim go bhfuil córas ateangaireacht ag Comhairle Contae Dhún na nGall, an mbeidh siad a úsáid? Go ndéanfadh an coiste Gaeltachta seo thuas a gcás a chuir os comhair an bhainistíocht i nGaeilg agus thig leis an ateangaire é a aistriú go Béarla má tá baill ann nach dtuigeann í. Má leanfear ar aghaidh ag tiompú ar an Bhéarla agus sibh ag déanamh bhur ngnóithe leis an stáit is léir go nglacfaidh an stáit leis nach bhfuil dualgas ar bith orthu an Ghaeilg a úsáid agus ní thabharfar aitheantas cheart don ‘Ghaeltacht’.