‘Tá Gaeltacht na nDéise ag dul sa treo ceart’ –Oifigeach Pleanála Teanga nua ceaptha i bPort Láirge

Tá Conor McGuinness, Comhairleoir Contae de chuid Shinn Féin agus ball de Bhord Fhoras na Gaeilge, tagtha gcomharbacht ar Irial Ó Ceallaigh mar oifigeach pleanála teanga Ghaeltacht Phort Láirge

‘Tá Gaeltacht na nDéise ag dul sa treo ceart’ –Oifigeach Pleanála Teanga nua ceaptha i bPort Láirge

Tá an Comhairleoir Contae de chuid Shinn Féin Conor McGuinness ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht na Rinne agus an tSeanphobail i bPort Láirge.

Tagann McGuinness, a toghadh ar Chomhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge den chéad uair anuraidh, i gcomharbacht ar Irial Ó Ceallaigh, amhránaí aitheanta ar an sean-nós a bhí ina oifigeach pleanála teanga sa cheantar sin le bliain go leith anuas.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Conor McGuinneass, arb as Dún Garbhán dó ó dhúchas ach atá ag cur faoi sa Rinn le roinnt blianta anuas, go raibh “áthas an domhain” air a bheith ceaptha ina oifigeach pleanála teanga.

“Tá mé ag súil go mór leis an obair atá romham ag cur leis an méid atá ag dul ar aghaidh sa cheantar cheana féin chun an Ghaelainn a neartú.

“Tá mé ag súil chomh maith le bualadh leis na hoifigigh pleanála teanga atá ag obair sna ceantracha Gaeltachta eile,” a dúirt sé.

Thug Conor McGuinness roinnt blianta ina bhainisteoir toghcheantair don iarFheisire Eorpach, Liadh Ní Riada, a ceapadh ina hoifigeach pleanála teanga do Mhúscraí le déanaí, agus tá sé ar Bhord Fhoras na Gaeilge ó 2016.

Dúirt an tOifigeach Pleanála Teanga nuacheaptha, a chuir tús lena chuid oibre an tseachtain seo, gur “ceantar láidir Gaeltachta” é na Déise a bhí ag dul “sa treo ceart”.

“Tá an t-ádh orainn sna Déise go bhfuil ardú ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaelainne. Pobal meanmnach lán fuinnimh atá sa cheantar ach mar sin féin, tá dúshláin go leor ann, mar atá i ngach ceantar Gaeltachta.”

Deir McGuinness, go bhfuil sé ag iarraidh a chinntiú go dtabharfadh plean teanga na nDéise “tuilleadh deiseanna” do mhuintir an phobail “atá cheana féin ag gníomhú ar son na teanga”.

“An rud atá ag teastáil ó aon phobal ná infheistíocht i dtaobh ama de, i dtaobh acmhainní agus i dtaobh tola de agus sin é bunús an phlean teanga,” a dúirt sé.

Dúirt McGuinness, atá ag tógáil a chlainne sa Rinn, go bhfuil fadhb ag daoine óga tithíocht a fháil i gceantar na nDéise agus go rabhadar “á mbrú chuig áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht”.

“Ní chuireann sé sin le neartú agus caomhnú na Gaeltachta nuair atá daoine óga atá ag tógaint clainne le Gaeilge ag bogadh amach agus a gcuid páistí ag freastal ar scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúirt Oifigeach Pleanála Teanga na Déise.

D’fháiltigh Bainisteoir Forbartha Chomhlacht Forbartha na nDéise, Críostóir Ó Faoláin, roimh an Oifigeach Pleanála Teanga nua.

“Tá mé sásta go bhfuil duine cumasach a bhfuil taithí aige ar shaol na Gaeltachta ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga sna Déise.

“Tabharfaidh Conor faoina chuid cúraimí nua le fuinneamh agus tá súil agam go mbeidh sé mar chrann taca ag bord an Chomhlachta agus ag pobal Ghaeltacht na nDéise,”a dúirt Críostóir Ó Faoláin.

Fág freagra ar '‘Tá Gaeltacht na nDéise ag dul sa treo ceart’ –Oifigeach Pleanála Teanga nua ceaptha i bPort Láirge'