Tá Fianna Fáil dingthe, sáinnithe idir Fine Gael agus Sinn Féin

Beidh Teachtaí Dála Fhianna Fáil ag cur is ag cúiteamh ina n-intinn féin faoin Socrú Mór

Tá Fianna Fáil dingthe, sáinnithe idir Fine Gael agus Sinn Féin

B’iontach spéisiúil an t-agallamh é sin a thug Willie O’Dea le gairid faoina bhfuil i ndán d’Fhianna Fáil mar a fheiceann seisean an scéal. Is é an tátal atá le baint as a chuid cainte go gcaithfidh Fianna Fáil a gcúrsa a athrú go mór más fúthu a theacht slán.

Is fiú éisteacht le léirmheas Willie O’Dea. Mar a déarfaí sa leabhar Cré na Cille, éistear lena ghlór. Caithfear éisteacht.

Polaiteoir é a bhfuil tacaíocht thar a bheith láidir aige ina dháilcheantar féin. Tá sé 70 bliain d’aois ach seasfaidh sé sa gcéad olltoghchán eile a deir sé. Má sheasann féin éireoidh go breá leis aríst.

Fear é Willie a éisteann go haireach lena mbíonn le rá ag “rútaí an fhéir” mar a thugadh Joe Steve Ó Neachtain ar ghnáthbhaill Fhianna Fáil.

Feictear dó anois nach é leas Fhianna Fáil atá ag teacht as iad a bheith in aon bhád le Fine Gael. Is maith is léir dó go bhfuil siad idir ord agus inneoin. Tá siad dingthe, sáinnithe idir Fine Gael agus Sinn Féin.

Sa mbliain 1982 nuair a toghadh Willie O’Dea ina Theachta Dála i dtosach fuair Fianna Fáil os cionn 45% de na vótaí san olltoghchán. Toghadh 81 dTeachta Dála dá gcuid. D’imigh sin agus tháinig seo. Tá Fine Gael chun cinn ar Fhianna Fáil anois agus tá Sinn Féin chun cinn go láidir ar an dá dhream acu.

Caithfidh Fianna Fáil iad féin a chur i láthair i bhfad níos éifeachtaí ná atá siad a dhéanamh, a deir O’Dea. An gciallaíonn sin go dteastaíonn ceannaire nua uathu? Tá seisean i bhfad róghlic lena rá glan amach fós go gcaithfidh siad bata agus bóthar a thabhairt do Mhicheál Martin.

Tá tamall maith caite ag Martin ina cheannaire ar an bpáirtí. Is deacair a shamhlú go dtiocfaidh ‘an t-athrú mór’ fad is a bheas sé sa bpost sin.

Ach cén t-athrú mór atá Willie O’Dea a éileamh, arsa tusa?

Níl sé sin soiléir ar bhealach ar bith ón agallamh a thug sé. An mbeidh orthu teannadh de bheagán ar clé? An gcaithfidh siad éirí as a bheith ag síorionsaí Shinn Féin?

Is cinnte go mbeidh orthu a chruthú go bhfuil siad dáiríre faoi réiteach a fháil ar ghéarchéim na tithíochta agus ar na fadhbanna móra atá sa gcóras sláinte.

Cuimhnigh gur ghlac Fianna Fáil freagracht orthu féin as tithíocht agus as sláinte sa socrú a rinne siad le Fine Gael.

Níl aon chosúlacht ann go bhfuil siad ag déanamh mórán dul chun cinn sa dá réimse sin go dtí seo.

Ó thaobh na tithíochta de tá tiarnaí talún i bhFianna Fáil freisin agus tá a lán dá gcuid Teachtaí Dála i bhfad ródhílis i gcónaí do na tógálaithe móra.

Má tá Teachtaí Dála Fhianna Fáil ag scrúdú a gcoinsiasa anois beidh cinneadh bunúsach le déanamh acu tar éis an chéad olltoghcháin eile. Báire na fola ceart a bheas ann.

An rachaidh siad i gcomhrialtas le Sinn Féin nó an bhfanfaidh siad ceangailte d’Fhine Gael?

Is maith a thuigeann Willie O’Dea gur cinneadh mór a bheas ann ach aríst tá sé róghlic le breithiúnas a thabhairt ar an socrú ab fhearr a chuirfeadh fás athuair faoi Fhianna Fáil.

Beidh Teachtaí Dála Fhianna Fáil ag cur is ag cúiteamh ina n-intinn féin faoin Socrú Mór.

Réiteach a chinnteodh téarma iomlán sa Dáil dóibh féin a bheas ó chuid mhaith acu.

Cuirfidh corrdhuine acu leas an pháirtí san áireamh agus beidh mionlach beag ann a mbeidh leas na tíre ag cur imní orthu.

Bí cinnte go mbeidh Willie O’Dea glórach agus soiléir lá sin an bhreithiúnais pholaitíochta.

Fág freagra ar 'Tá Fianna Fáil dingthe, sáinnithe idir Fine Gael agus Sinn Féin'