Tá easpa graifítí orainn sa Ghaeilge – coinnímis inár measc ár dteanga féin!

Slí iontach chun smaointe radacacha a fhoilsiú is ea graifítí agus ealaín sráide

old brick wall

Tá easpa graifítí orainn sa Ghaeilge. Níl aon ghanntanas fógraí poiblí ann – agus go leor acu mílitrithe mar is eol dúinn – ach cá bhfuil na fógraí neamhoifigiúla, na manaí a thabharfadh ábhar machnaimh dúinn nó a spreagfadh chun gnímh sinn? Ní hann dóibh, go bhfios domsa.

Ní hamháin sin ach tá droch-cháil ar an ngraifítí céanna i bhfoclóirí na Gaeilge mar is léir ó na samplaí seo: vandals daubed graffiti on the wall: smear maistíní graifítí ar an mballa; they defaced the walls with obscene graffiti: loit siad na ballaí le graifítí graosta; the graffiti disfiguring the walls: an graifítí atá mar smál ar na ballaí . . .

Tá scata mór leabhar ann ar chúrsaí graifítí agus ealaín sráide, mar shampla The World Atlas of Street Art and Graffiti ó Yale University Press (2013). Slí iontach chun dánta gearra – haiku cuir i gcás – agus smaointe radacacha a fhoilsiú is ea graifítí agus ealaín sráide.

Dá mbeinnse i m’ealaíontóir sráide seo a leanas roinnt smaointe a mbainfinn leas astu:

Ní cóir go mbeadh ar éinne obair a dhéanamh. Obair is cúis leis an gcuid is mó d’ainnise an tsaoil . . . Chun deireadh a chur le fulaingt, caithfear éirí as a bheith ag obair. Ní hionann sin is a rá go gcaithfimid éirí as nithe a dhéanamh. Ciallaíonn sé go mbeidh orainn teacht ar shlí nua le bheith beo, bunaithe ar spraoi – Bob Black

Déarfá go bhfuil an píosa sin ábhairín fada agus nach n-oirfeadh sé do ghraifítí. Déarfainnse a mhalairt. Ní gá go mbeadh aon teorainn le graifítí. Bíodh sé fada nó gearr, is cuma.

Chuirfeadh smaointe Bhob ag smaoineamh thú ceart go leor. Agus bealach amháin chun na smaointe radacacha seo a chraobhscaoileadh ná graifítí. An gá dúinn a bheith radacach?

An duine dílis téann sé go dtí na fréamhacha. Sin é is brí le bheith radacach: dul go dtí na fréamhacha – José Martí

Tá rannóg dem bhlag (roghaghabriel.blogspot.ie) agus níl ann ach nathanna a bheadh oiriúnach go maith le haghaidh graifítí. Is ann a gheobhair, más spéis leat iad, cuid de na smaointeoirí is mó a thugann lón machnaimh dúinn. Malcolm X, cuir i gcás:

Níl ach slí amháin chun saoirse a fháil dúinn féin: sinn féin a shamhlú le gach pobal ar domhan atá faoi chois

Ba dheacair easaontú leis an méid sin is dóigh liom. Admhaím, is ainrialaithe iad go leor de na smaointeoirí atá roghnaithe agam ach – ar nós an ghraifítí féin – tá drochphreas faighte ag an ainrialachas agus smál dá réir ar a cháil! Mar a deir an tOllamh Butler Shaffer:

San fhichiú haois amháin, d’éirigh le rialtais – trí chogaí, trí chinedhíothú, agus trí imeachtaí marfacha eile – thart ar 200,000,000 duine a mharú, fir, mná is páistí. An mó duine a mharaigh ainrialaithe sa tréimhse sin?

Ní thabharfaí ainrialaí, is dócha, ar an Athair Eoghan Ó Gramhnaigh:

Coinnímis inár measc ár dteanga féin a chruthaíos go follasach gur cine ar leith sinn. Ní deacair Éireannaigh chlaona a fháil – bás obann dá leithéidí uile go léir a ghníos magadh faoin nGaeilge!

Mar fhocal scoir. Cén fáth a mbreacfá ballaí beannaithe na tíre seo le graifítí den sórt seo? Cén mhaitheas a dhéanfadh a leithéid? Tá an freagra ag Searbhónta Dé, Dorothy Day:

An chloch bheag a chaitear sa lochán, cuireann sí cuilithíní á leathadh i ngach treo baill. Is amhlaidh dár gcuid smaointe, dár mbriathra is dár ngníomhartha uile.

Agus nach fíor di!

Is é an leabhar is déanaí ó pheann an údair Antlered Stag of Dawn, haiku i nGaeilge, Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinis (The Onslaught Press, Oxford, Sasana)

Fág freagra ar 'Tá easpa graifítí orainn sa Ghaeilge – coinnímis inár measc ár dteanga féin!'

  • Ben Ó Ceallaigh

    Caithfidh nach gcaitheann Gabriel a shaigh ama i gcathair na dtreibheanna, áit a bhfuil graifítí Gaelach á dhéanamh ag síogaí Mhisneach na Gaillimhe le bliantaí anuas. Siod píosa ó 2013 https://misneachnagaillimhe.blogspot.ie/2013/07/maisiu-ballai-i-mionloch.html

    …ach feicim le gairid go bhfuil teachtaireachtaí dearfacha go leor i nGaeilge (murab ionanna ar ndú agus teachtaireachtaí faoin nGaeilge) ar bhallaí na cathrach ag cur fáilte roimh theifigh, ag tacú le comhionannais pósta, 7rl.

    Déanaimis Gaelú ón mbun aníos ar an tírdhreach teangeolaíoch!

  • Gabriel Rosenstock

    Caithfidh mé filleadh ar Chathair na dTreabh. Gaillmheach ab ea mo mháthair.
    Gabriel