Tá draíocht mhealltach, mhistéireach éigin ag baint le mála láimhe nua…

Feicimid áilleacht agus tábhacht i málaí láimhe agus tuigimid go bhfuil níos mó i gceist leo ná fearas éigin le hearraí a iompar

Mila_Kunis_Miss_Dior_Handbags_FW12_01
Mila Kunis (Dior)

Dá gcuirfí ceist ar ghrúpa ban faoin mála láimhe a bhí ar iompar ag bean éigin sa chomhluadar lá nó dhó roimhe sin, gach seans go mbeadh ainm an dearthóra, cruth agus stíl an mhála agus an dath de ghlan mheabhair ag cuid mhaith acu. Feicimid áilleacht agus tábhacht i málaí láimhe agus tuigimid go bhfuil níos mó i gceist leo ná fearas éigin leis na hearraí tábhachtacha sin ar fad a bhíonn againn a iompar.     

málaí láimheCinnte, tá málaí láimhe riachtanach le fóin póca, smideadh, airgead, eochracha agus míle ní eile a iompar ach is ráitis stíle iad freisin agus tá béim níos mó anois ná riamh orthu. Tugann mála láimhe maithe féinmhuinín breise dúinn, taispeánann siad go bhfuil tuiscint againn ar chúrsaí faisin agus cuireann siad snas breise ar ár bhfeistis.   

Níl amhras ar bith ach go mbíonn mná sásta airgead mór a chaitheamh anois ar mhálaí láimhe deasa ó dhearthóirí cáiliúla – Prada, Louis Vuitton, Mulberry, Balenciaga, Chanel, Marc Jacobs, Michael Kors agus mar sin de. Santaíonn muid an leathar álainn bog, na slabhraí órga, na dathanna speisialta. Gan dabht, caithfidh mála láimhe a bheith dea-dheartha agus úsáideach ach, fós féin, caithfidh sé a bheith galánta agus difriúil freisin.

Is minic gur mála láimhe nua seachas aon rud eile a roghnódh bean ar mhian léi luach saothair deas a thabhairt di féin mar cheiliúradh ar ardú céime, ar bhreithlá mór nó len’ í féin a mhilleadh beagán ó am go chéile.

Ar ndóigh, bíonn margaíocht chliste i gceist ag na comhlachtaí móra le muid a mhealladh i dtreo a gcuid málaí nua. Is cosúil gur riachtanas mór margaíochta anois é go mbeadh sé fíordheacair do lámh a leagan ar an dearadh is úrnua – méadóidh an meas agus an t-éileamh atá air agus an dúil atá ann dá réir má tá liosta feithimh fada ann lena fháil. Ach is cuma linn fanacht – tá draíocht mhealltach, mhistéireach éigin ag baint le mála láimhe nua.

Cinnte, tá daoine ann – fir den chuid is mó – nach dtuigfidh go deo dúil na mban i málaí láimhe; déarfaidís sin leat ‘nach bhfuil mála agat cheana féin?’ agus iad dall ar an bhfírinne go dteastaíonn málaí ar leith d’ócáidí agus d’fheistis ar leith.

Tá cúpla stíl ann nach féidir déanamh dá n-uireasa, dar liom:

  • An ‘crossbody’ – crochta go compordach ar do ghualainn ar stropa trasna do cholainne; ar fheabhas ar fad agus tú ag siúl sa mbaile mór, ag taisteal nó i mbun cúraimí ar bith go dteastaíonn uait do lámha a bheith saor le n-úsáid.
  • An ‘tote’ – seo an mála is oiriúnaí don obair, spás ann do cháipéisí, ríomhaire glúin, agus fón chomh maith leis na riachtanais eile sin; smideadh, sparán, etc. Má roghnaíonn tú ceann i ndath clasaiceach, beidh sé sa bhfaisean i gcónaí agus beidh sé feiliúnach le húsáid le haon fheisteas a bheas á chaitheamh agat.
  • An ‘clutch’ – mála láimhe don oíche agus don ghúna gleoite. Theastódh cúpla ceann ó dhuine le dathanna neodracha orthu le feiliúint don éadach a bheas ort.
  • An ‘weekender’ – chomh maith leis na gnáthriachtanais a chur ann, is féidir an ceann seo a úsáid do go leor cúraimí eile – mar mhála d’éadach don gym, le beagán siopadóireachta a chur ann nó le tabhairt leat mar bhagáiste láimhe agus tú ag dul ar thuras eitleáin.

Tá difríocht mhór sa tábhacht a fheiceann mná seachas formhór na bhfear le malaí láimhe. Ach spéisúil go maith, is fir iad na dearthóirí is cáiliúla i ngnó na malaí láimhe agus is iad a chuireann na táirgí is costasaí agus is mó éileamh ar fáil.

Fág freagra ar 'Tá draíocht mhealltach, mhistéireach éigin ag baint le mála láimhe nua…'