Tá deireadh leis na cluichí boga agus Éire ag fáil réidh chun aghaidh a thabhairt ar an ‘Bomb Squad’

Tabharfaidh Éire agus an Afraic Theas aghaidh ar a chéile i bPáras tráthnóna sa chluiche is mó go dtí seo ag Corn an Domhain sa Rugbaí

Tá deireadh leis na cluichí boga agus Éire ag fáil réidh chun aghaidh a thabhairt ar an ‘Bomb Squad’

Is fada an lá ó bhí an oiread ag brath ar thoradh cluiche idirnáisúnta rugbaí amháin is atá ar cheann an lae inniu idir Éire agus an Afraic Theas.

Ní hamháin gurb iad na Springboks curaidh an domhain faoi láthair ach is iad dara rogha na coitiantachta iad (is muid an ceathrú rogha) leis an gcraobh dhomhanda seo a ardú arís don cheathrú babhta. Rinne siad cheana é i 1995, in 2007 agus in 2019.

Ní hamháin go gcaithfidh foireann Andy Farrell an churiarracht sin a shárú, ach is léir ón gcruth agus ón gcur chuige a chonaic muid ó na curaidh sna cluichí réitithe gur mian leo greim a choinneáil ar Chorn Webb Ellis.

Tá cáil agus imirt na Springboks bunaithe ar an úsáid a bhaineann siad as méid, toirt agus fisiciúlacht dhamanta a gcuid tosaithe agus iad sin á nascadh le luas, sárchoisíocht agus tallann a gcuid cúlaithe, tréithe a chinntigh an lámh an uachtair dóibh i neart cluichí.

Le cúpla cluiche anuas, tá roinnt athruithe déanta ag Rassie Erasmus, príomhthraenálaí na hAfraice Theas. Roghnaigh sé seachtar tosaithe i measc a chuid ionadaithe agus gan ach cúlaí amháin roghnaithe aige. Is iondúil gur cúigear tosaithe agus triúr cúlaithe an leagan amach a bhíonn ar an mbinse i gcluiche idirnáisiúnta rugbaí. Tá Rassie ag dul sa seans nach dtarlóidh aon ghortú dá chuid cúlaithe agus go mbeidh an seachtar tosaithe ollmhóra agus úra in ann paca an fhreasúra a scrios, díreach mar a rinne siad leis na hAll Blacks cúpla seachtain ó shin nuair a chloígh siad iad 35-7 i gcluiche inar bhain na Springboks úsáid as an ‘Bomb Squad’, mar a thugtar ar an seachtar tosaithe úra a scaoileann siad ón mbinse. Tá Rassie agus an Afraic Theas ag brath ar an mbeart céanna arís inniu, seachtar tosaithe ollmhóra atá aimnnithe ar an mbinse aige, Jean Kleyn agus RG Snyman na Mumhan ina measc.

Sea, tá deireadh leis na cluichí boga. Ní bheidh sé éasca againn anocht.

Ní dóigh go mbeidh aon athrú ar theaicticí na hÉireann. Beidh siad ag brath, mar a rinne siad ó theacht Andy Farrell, ar imirt chríonna, shnasta agus chruthaitheach ó imreoirí atá fite fuaite ina chéile agus iad muiníneach agus compordach leis an stádas atá acu mar an fhoireann rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil gá le cur chuige nua ó na Springboks más leo na hÉireannaigh a chloí anocht.

Is cinnte go mbeidh sárchoimhlint againn, na Springboks, fisiciúil agus trodach agus na hÉireannaigh, iomaíoch agus inniúil óna thús. Beidh a bhfuil i ndán d’fhoireann na hÉireann ag brath go mór ar stiúradh Johnny Sexton. Má éiríonn leis an ghluaiseacht chéanna a chur inár gcuid cúlaithe agus má éiríonn lena phaca cothromaíocht a aimsiú le tosaithe na hAfraice Theas thar ochtó nóiméad, tá mise ag tuar gur linne a bheas an lá.

Má tharlaíonn sin seans gur muide a bheas ar bharr Thábla B. Má bhuaileann muid Albain faoi cheann coicíse is ag imirt i gcoinne na nAll Blacks seachas na bhFrancach a bheas muid sna cluichí ceathrú ceannais.

Dála an scéil, is fiú a mheabhrú, má chríochnaíonn an cluiche seo ar comhscór, beidh muid fós ar bharr thábla Ghrúpa B. Tá muide ar dheich bpointe agus is naoi bpointe atá ag an Afraic Theas faoi láthair.

Mar a dúirt mé, tá go leor ag brath ar thoradh an chluiche seo!

Fág freagra ar 'Tá deireadh leis na cluichí boga agus Éire ag fáil réidh chun aghaidh a thabhairt ar an ‘Bomb Squad’'

  • jpmorley0@gmail.com

    Díreofar isteach ar Sexton. Tabharfar a thriopall in airde. Cuirfear ciméar nó dhó air. Caithfidh sé ‘cosaint’ a fháil ón réiteoir agus ós na leaids. Seo leo sa ghleo!