Tá deireadh leis an gcaint shéimh faoin síorchairdeas – tá an Breatimeacht buailte linn

Creideann Feisirí na hÉireann a raibh mé ag caint leo sa Bhruiséil go bhfuil an tAontas réidh anois le ceist an Bhreatimeachta a fhágáil ina dhiaidh

Tá deireadh leis an gcaint shéimh faoin síorchairdeas – tá an Breatimeacht buailte linn

Cén tionchar a bhí ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar reáchtáil na heagraíochta? Ní léir, agus duine ag freastal ar imeachtaí de chuid an Aontais, go bhfuil aon aiféala mór ar bhallstáit seachas muid féin. Tá siad imithe agus caithfear brú ar aghaidh. Níl de cheist le réiteach anois ach cúrsaí na hÉireann.

Aontaíodh an tseachtain seo ag leibhéal an Aontais na cumhachtaí atá acu i dtaobh chur i bhfeidhm chonradh aistarraingthe na Breataine. Tá deireadh leis an gcaint shéimh agus an chaint ar an síorchairdeas agus an comhoibriú. Nuair a rithfear an reachtaíocht a aontaíodh ar an gCéadaoin beidh ar chumas an Aontais dleachtanna trádála a ghearradh ar an mBreatain. Sa gcás agus go sáraíonn Londain aon chonradh a aontaíodh ó cuireadh tús le próiseas an Bhreatimeachta beidh ar chumas an Aontais feasta socruithe saorthrádála a chur ar ceal agus teorainn a chur le hinfheistíocht nó aon ghníomh eacnamaíochta eile. Tá sárú ar phrótacal Thuaiscirt Éireann san áireamh freisin.

Tá an tAontas ag cosaint an mhargaidh aonair. Freagra atá sa reachtaíocht seo ar na billí sa mBreatain faoin margadh aonair agus an prótacal a thugann cead don pharlaimint i Londain téarmaí an chonradh aistarraingthe a shárú. Tá na tAontas ag drannadh a chuid fiacla. Níl scaoilfidh siad le prionsabal an mhargaidh aonair. Níl fonn ar aon duine go mbeadh sárú ann ach mar a dúirt an Feisire Seán Kelly, a bhí lárnach san idirbheartaíocht, agus na Feisirí Deirdre Clune agus Maria Walsh an tseachtain seo caithfidh an tAontas a thabhairt le fios go soiléir go bhfuil siad ag cloí leis an margadh a rinneadh agus a saothraíodh go géar le go n-imeodh an Bhreatain as an Aontas.

Creideann Feisirí na hÉireann a raibh mé ag caint leo sa Bhruiséil go bhfuil an tAontas réidh anois le ceist an Bhreatimeachta a fhágáil ina dhiaidh cé is moite de réiteach de shaghas éigin faoi phrótacal an Tuaiscirt. Tá an lucht gnó as Tuaisceart Éireann a mbíonn siadsan ag caint leo sásta go bhfuil an prótacal ag obair ar a son. Ceist pholaitiúil agus ceist aitheantais an feachtas in aghaidh an phrótacal. An réiteach ar an gceist sin – níl freagra na ceiste sin chomh soiléir agus ba mhaith leo.

Tá an Bhreatain imithe as an Aontas. Níl mórán san Aontas Eorpach á gcaoineadh. Tá fadhb an chogaidh san Úcráin, inimirce, géarchéim fuinnimh agus an druidim de réir a chéile i dtreo na heite deis i bpolaitíocht na hEorpa ag cothú níos mó imní do na húdaráis thall ná mar atá ceist na Breataine.

Teastaíonn ón mBruiséil cuidiú le réiteach a dhéanamh faoin bprótacal ach fad agus a bhaineann le trádáil leis an mBreatain tá an margadh déanta agus ní ghlacfar le haon iarrachtaí ó Londain an margadh sin a chur as a riocht.

Fág freagra ar 'Tá deireadh leis an gcaint shéimh faoin síorchairdeas – tá an Breatimeacht buailte linn'

  • Pól Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    ‘Maggie Nua(2)Rishi’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe

    –Idir an dá linn ‘Maggie Nua(2)’ tofa ag ciorcal caipitileach na dTóraithe agus lucht na maoine —

    ——‘ Dúisigh a Mhaggie/Rishi/, tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán cuid de scor ar bith —–

    An dallamhullóg nua le cur arís ar mhuintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae ná bí ag caint ar an Taoiseach ná ar Rí Cathal a trí.

    ‘S Rishi a bhfuil rún aige an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi Athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ á chur i bhfeidhm agus Teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie nua(2)’ aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh as an tír seo chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht/Jailteacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise
    Éire

    Focal Scoir :—
    ( Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach anuas orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************