‘Ná breathnaigh anois!’ a d’fhógair mé ar na gasúir, ‘ach tá mé a cheapadh go bhfuil an fear sin ag tabhairt an drochshúil orainn.’
‘Cén áit?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom is é ar nós easóige ag breathnú amach thar claí.
‘Ná bac!’ a deir mé ag cur fainic air. ‘Fébí céard a dhéanfaidh tú ná breathnaigh sa tsúil air.’
Níl a fhios a agam cé acu stoirm Dudley, Eunice nó Franklin a bhí ag séideadh amuigh is ag cur sceana báistí ag rince trasna an charrchlóis.
Is dóigh nár cheart dom a bheith imithe amach ar chor ar bith, ach bhí bainne ag teastáil agus uibheacha agus builín agus rud éigin don lón is ní raibh tada istigh don dinnéar.
‘Thall ansin,’ a dúirt mé is mé ag claonadh mo chloiginn i dtreo thaobh na láimhe clé is mo shúile agam ar an roth stiúrtha. ‘Ach ná breathnaigh!’
Níl a fhios agam cén chosaint atá ann in aghaidh na drochshúile sa lá atá inniu ann nuair nach bhfuil aon teacht ar bhean na luibhe is tú imithe go Aldi lá stoirme ag iarraidh cúpla rud go práinneach.
Is fearr cosc ná leigheas a deirtear is mura n-éireodh leis an amharc millte breith sa tsúil orainn bhí mé ag cuimhneamh go dtiocfadh muid slán.
Tá daoine ann a deirtear a bhfuil an drochshúil acu ón uair a rugadh iad is nach bhfuil aon neart acu air. Caithfidh siad a bheith an-chúramach le faitíos go gcuirfidís an drochshúil ort trí thimpiste. Tá daoine eile ann a chuireann an drochshúil ort in aon turas gan mórán údair.
Níl a fhios agam cén chaoi ar tharraing mé draoi an charrchlóis orm féin.
Is é an uair is mó a bhfuil tú i mbaol na drochshúile a deirtear ná nuair atá rudaí ag dul go maith duit agus ríméad ort. Ní fhéadfadh duine ar bith a chur i mo leith go raibh ríméad orm is muid sáinnithe i gcoirnéal cúng de charrchlós Aldi is gála amuigh.
Seans go raibh mo shúil ró-ard agam an lá sin is mé ag iarraidh éacht páirceála a chur i gcrích nuair a tháinig sé timpeall an choirnéil ina charr. Stop sé a charr chomh gar don charr s’againne is a d’fhéadfá a ghabháil gan a ghabháil isteach sa gcarr féin.
Chuala tú trácht ar an gcasadh trí phointe, is dóigh. Bhí súil agam féin ar áit sna leabhair staire leis an gcasadh trí phointe dhéag an lá úd is áit pháirceála chúng ar leataobh dúinn feicthe agam.
‘Ní dhéanfaidh muid é Mamaí!’ a bhéic an Bheainín is í ag breathnú siar go himníoch. ‘Tá na carranna eile róghar, tá siad róghar!’
D’airigh mé an teannas ag méadú.
Chuimil mé an fhuinneog le mo mhuinchille agus bhreathnaigh go grinn sa scáthán cliatháin. Chas mé air na soilse guaise mar chosaint in aghaidh na drochshúile.
‘Má bhí Kamila Valieva in ann an léim Axel ceathrúil a thuirlingt ag na cluichí oilimpeacha i mBéising,’ a chuimhnigh mé, ‘cinnte le Dia tá mise in ann an carr a pháirceáil sa spota seo!’
Chuir mé an carr sa ngiar cúlaithe, scaoil mé leis an gcrág is thosaigh muid ag cúlú siar go deas réidh.
Fág freagra ar 'Tá daoine ann a chuireann an drochshúil ort in aon turas gan mórán údair'