Tá cúis ag an dream óg a bheith ag smaoineamh ar an mbád bán

Beidh tuilleadh brú ar an gcóras tithíochta nuair a chuirfear tús leis na cúrsaí tríú leibhéal an mhí seo chugainn

Tá cúis ag an dream óg a bheith ag smaoineamh ar an mbád bán

Baineadh siar asam an tseachtain seo nuair a chonaic mé Dáithí Ó Sé, gléasta i gculaith bhreá in éineacht leis na mná óga atá ag dul san iomaíocht do Rós Thrá Lí na bliana seo. Ní toisc go gcuireann Dáithí faitíos orm, nó toisc gurb é an chéad uair le dhá bliain go bhfuil an comórtas á reáchtáil, ach toisc, domsa, gur comhartha é go bhfuil deireadh an tsamhraidh ag druidim linn, agus go bhfuil sé thar am na brístí gearra a chur i dtaisce go dtí an bhliain seo chugainn.

Slán le solas na gréine, fáilte roimh an ngeimhreadh, agus filleadh na scoláirí ar scoil – agus polaiteoirí ar Dháil Éireann.

Níl aon amhras ach go mbeidh an ghéarchéim tithíochta ag dó na geirbe ar na polaiteoirí arís le teacht an fhómhair i mbliana – bhí sé sin soiléir ón gcaint a rinne an tAire Ardoideachais Simon Harris inar chuir sé síos ar iarrachtaí a Roinne agus an rialtais tabhairt faoin ngéarchéim chéanna an fómhar seo.

Ba ag freagairt ceisteanna faoi dheacrachtaí lóistín na ndaoine óga a tháinig chun cinn ar na meáin shóisialta an tseachtain seo. 

Bhí go leor clampair ann nuair a chuir Conor Finn, fear óg atá ag obair i mBaile Átha Cliath agus atá ag lorg tí i dtuaisceart na cathrach, físeán de scuaine ollmhór (os cionn 100 duine, dar leis) a bhí ag fanacht le féachaint ar theach a bhí á ligean ar cíos. Go díomách a d’fhág Finn an scuaine tar éis uair an chloig, toisc nár bhog an scuaine sin ar chor ar bith. 

Agus mé ag labhairt leis aréir, dheimhnigh sé nach raibh aon áit fheiliúnach faighte aige fós. Is amhlaidh an scéal ag an-chuid daoine óga i gcathracha ar fud na tíre, agus beidh tuilleadh brú ar an gcóras tithíochta nuair a chuirfear tús leis na cúrsaí tríú leibhéal an mhí seo chugainn.

Sin a dúirt an tAire Harris. Mar a thug sé le fios, tá thart ar dhá mhíle seomra a bheadh in oiriúint do mhic agus iníonacha léinn ollscoile anois in úsáid ag teifigh atá tagtha ón Úcráin, agus iad ag éalú ón gcogadh agus ón gcontúirt ina dtír dhúchais. Tá gach dream ag tarraingt as an bpota céanna – rud a bheas tubaisteach ag tús na scoilbhliana.

Mar réiteach, tá an rialtas anois ag impí ar dhaoine a bhfuil seomra le spáráil acu ina dtithe é a chur ar fáil d’ollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal eile. Tá an rialtas sásta bheith thar a bheith flaithiúil le daoine a bheartaíonn seo a dhéanamh – is féidir suas go €14,000 a thuilleamh uaidh seo gan aon cháin a íoc.

Ina theannta sin, tá lascaine ollmhór ar phraghas an chórais iompair phoiblí anois ar fáil do dhaoine atá faoi 24 bliain d’aois – má bhíonn orthu brath ar an mbus nó ar an traein. Dheimhnigh an tAire chomh maith go bhfuil sé ag obair leis na hinstitiúidí seo le hárais chónaithe a fhorbairt ar a dtalamh féin le hairgead an Stáit – toisc go bhfuil an talamh agus an phleanáil go minic acu, ach iad gann ar an maoiniú.

Admhaítear, áfach, gur réiteach fadtéarmach é sin, agus nach aon chabhair a bheidh ann do scoláirí na bliana seo. Ní féidir a shéanadh ach gur minic a fhágtar daoine óga in áit na leathphingine – gan réiteach i ndán dóibh i mbliana in an-chuid cásanna agus gan de rogha acu ach fanacht le daoine fásta nó bus a fháil. Tá sé admhaithe ag an rialtas go gcuireann agus go gcuirfidh an ghéarchéim tithíochta isteach ar a dtaithí ollscoile tráth a bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an meánchíos, sin má bhíonn an t-ádh leo áit a fháil.

Tharraing ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar conspóid an deireadh seachtaine seo caite nuair a mhaígh sé go gcuirfeadh rialtas Shinn Féin daoine óga ar an mbád bán. Agus mé ag labhairt agus ag éisteacht leis na daoine óga sin an tseachtain seo, tá cúpla cúis ann go bhfuil cuid acu ag smaoineamh air sin a dhéanamh cheana féin.

Fág freagra ar 'Tá cúis ag an dream óg a bheith ag smaoineamh ar an mbád bán'

  • JP

    Is ag imeacht ó thigh an diabhail go dtí tigh an deabhail a bheidh siad óir tá praghas tithe, árasáin, cíos srl imithe le báiní ar fad thar lear chomh maith céanna. I Meiriceá agus i Sasana go háirithe, an dá áit is mó go mbeidh triall acu orthu is dócha. Aon duine gur féidir leis a bheatha a thabhairt i dtír trí bhíthin a ríomhaire beidh sé ar a chomhairle féin agus féadfaidh sé a ancaire a scaoileadh pé áit is mian leis. Tiarna talún ar scála beag ‘sea mé féin agus táim chun éirí as anois. An dá thigh atá ligthe agam a chur ar an margadh. An iomarca sciúrseála ag roinnt leis ó thaobh cothabhála, rialacha, cánach, árachais agus …ná tarraing chugam an dream sin RTB! Ní raibh fadhb dá laghad agam ar feadh 25 bliana le tionónta ar bith seachas duine amháin. Ba leor san. Ceannóidh comhlacht corparáideach an dá thigh, déanfar ‘uasghrádú’ orthu agus gearrfar a thrí oiread cíosa orthu. Ó, agus ní bheidh aon cháin le híoc acusin. Beir bua!