Cothrom an ama seo anuraidh a reáchtáladh an t-olltoghchán as ar eascair an rialtas atá againn faoi láthair. Ba dheacair ag an am teachtaireacht an phobail a léamh go cruinn agus anois dhá mhí dhéag dár gcionn is deacra arís meon an phobail ag an am a thuiscint.
Chiallaigh torthaí an toghcháin gur toghadh an rialtas céanna in athuair seachas an Comhaontas Glas. Don dara toghchán as a chéile níor éirigh le Sinn Féin an oiread dul chun cinn a dhéanamh agus a bhí dá thuar. Tar éis a raibh de chaint ar roghanna nua agus éagsúla don phobal is beag athrú, dáiríre, a tháinig ar an tírdhreach polaitiúil.
Tharraing an bealach ar cuireadh comhrialtas le chéile i mí Eanáir clampar agus ar bhealach éigin shamhlófá ó shin go bhfuil athrú tagtha ar an ngeamaireacht pholaitiúil. Tá beirt cheannairí páirtí faoi bhrú nach raibh ann taca an ama seo anuraidh, tá comhghuaillíocht curtha le chéile ar eite chlé na polaitíochta agus tá an toghchán uachtaránachta tar éis aird an phobail a dhíriú ar roinnt ceisteanna atá fós gan leigheas i súile an phobail.
Seoladh plean nua tithíochta le gairid – an ceathrú plean le tamall de bhlianta. Plean a bhfuil sé mar aidhm aige díriú ar an gceist is práinní i súile an phobail. Ceist atá ceannasach timpeall bhord an rialtais í an tithíocht freisin, dar leis an gcomhrialtas. Cén chaoi a dtarlaíonn sé, mar sin, go bhfuil cúrsaí chomh dona agus níos measa ná riamh i dtaobh na bhfigiúirí tithíochta?
Thug toghchán na huachtaránachta léargas eile ar fad don phobal ar chúrsaí i bhFianna Fáil agus Fine Gael agus na feachtais thubaisteacha a bhí ag an dá pháirtí. Tá ceannaire Fhianna Fáil ag teannadh le deireadh a ré agus is í an cheist cén fhad go gcuirfear leis an mbrú air? Ní mó ná sásta atá daoine le ceannaireacht Simon Harris ar Fhine Gael ach an oiread – cuirfidh imeacht Phaschal Donohoe críonna an tseachtain seo leis an mbrú an páirtí a choinneáil ar bharr uisce. Is deacair gan áibhéil a dhéanamh faoi thábhacht Phaschal Donohoe don pháirtí le cúig bhliana déag. Measarthacht agus dea-mhúineadh na príomhthréithe a bhain leis an iar-aire airgeadais – is deacair a shamhlú nach spreagfaidh a imeacht roinnt teannais idir ceannairí an chomhrialtais.
Tá roinnt i bhFine Gael den tuairim go bhfuil siad rófhada i rialtas faoin tráth seo agus go dteastaíonn athnuachan a dhéanamh. Ní fál go haer a bheidh ann dóibhsean mar sin mura n-éiríonn leis an bpáirtí i gceachtar de na fothoghcháin a reáchtálfar san earrach seo chugainn. Is deacair a shamhlú go mbeadh aon rath ar Fhianna Fáil sna fothoghcháin chéanna.
An tástáil is suimiúla a bheidh iontu cé chomh maith agus a sheasfaidh an chomhghuaillíocht ar an eite chlé. Suíochán den eite chlé a bheidh dá líonadh i nGaillimh agus an t-aon suíochán atá ag páirtithe an chomhrialtais atá le líonadh i mBaile Átha Cliath Láir. Tá roinnt leidí againn, cheana féin, nach bhfuil an chomhghuaillíocht ar an eite chlé chomh buan agus a thaitneodh le daoine a chreideann gur féidir malairt rialtais a chur ar fáil.
Tá buanseasmhacht agus críonnacht an rialtais ag creimeadh de bheagán le bliain anuas, beag beann ar an móramh atá acu. An bhfuil breith ar a n-aiféala ag an bpobal anois gur dhearbhaigh siad a dtacaíocht doibh an tráth seo anuraidh? Inseoidh na míonna seo romhainn go leor.
Fág freagra ar 'Tá críonnacht an rialtais ag creimeadh le bliain anuas agus athnuachan ag teastáil'