Tá corraíl de shaghas éigin i measc ár gcuid polaiteoirí faoi láthair…

Tá sé soiléir go dteastaíonn ó na Glasaigh ceachtanna a fhoghlaim ó na toghcháin áitiúla agus Eorpacha

Tá corraíl de shaghas éigin i measc ár gcuid polaiteoirí faoi láthair…

Tá ceannairí dhá pháirtí rialtais éirithe as, Leo Varadkar Fhine Gael a d’fhág a phost cúpla mí ó shin agus Eamon Ryan Chomhaontas Glas a d’fhógair an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as. Tá toghchán ceannaireachta faoi lán seoil i measc na nGlasach. Cé go raibh drochthoradh ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla níl aon cheist ná amhras faoi cheannaireacht Mary Lou McDonald, cé nárbh é sin an chéad uair gur theip ar a straitéis toghchánaíochta. Agus Fianna Fáil? Tá leascheannaire nua ceaptha ar an bpáirtí sin. Den chéad uair le ceithre bliana, ó b’éigean do Dhara Calleary éirí as.

Cuireann an ceapachán leis an tuairimíocht go bhfuil corraíl de shaghas éigin i measc ár gcuid polaiteoirí faoi láthair. Luíonn sé le réasún go mbeadh beagán athruithe mar thoradh ar na toghcháin i dtús na míosa. Tá rud éigin difriúil faoin gcorraíl seo. Sceitimíní roimh shaoire an tsamhraidh? Nó roimh olltoghchán an fhómhair? Nó an mbeidh fothoghcháin mar thoradh ar na toghcháin Eorpacha?

Tá sé soiléir go dteastaíonn ó na Glasaigh ceachtanna a fhoghlaim ó na toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Tuigeann siad go bhfuil bearna mhór idir iad féin agus pobal na tuaithe agus go bhfuil go leor den phobal sin feargach faoi na polasaithe a theastaíonn uathusan a chur i bhfeidhm. Teastaíonn ó chuid acu ceannaire as áit éigin seachas Baile Átha Cliath a roghnú ar mhaithe leis an scéal sin a réiteach. Sin ceann de na suáilcí a bhaineann leis an Seanadóir Pippa Hackett mar iarrthóir ar cheannaireacht an pháirtí, dar lena comhghleacaithe – ní as Baile Átha Cliath í. Bheadh sí in ann fealsúnacht an pháirtí i dtaobh gnóthaí talmhaíochta agus tuaithe a mhíniú don chuid den phobal a chreideann go bhfuil an páirtí dírithe ar dheireadh a chur le saol na tuaithe. Tuigeann an páirtí go dteastaíonn iad féin a chur in iúl ar bhealach nua idir seo agus an t-olltoghchán mura bhfuil scrios iomlán i ndán dóibh.

Tá Fianna Fáil, ach an oiread le Fine Gael, sásta go maith leo féin faoi láthair. Tá siad ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúil, tá ceathrar feisirí Eorpacha acu agus is gearr go mbeidh siad ag ainmniú Coimisinéir Eorpach. Beidh suíochán Barry Cowen le cosaint chomh maith le suíochán Michael McGrath má roghnaítear an Corcaíoch le dul chun na Bruiséile. Níl aon chaint oscailte ar athrú ceannaireachta agus tá an ghaoth bainte ag Mícheál Martin as seolta aon duine a bheadh ag caint ar an ngá le fuinneamh nua. Tá an leascheannaire nua Jack Chambers óg agus fuinniúil agus chuaigh sé i bhfeidhm ar cheannaire an pháirtí mar stiúrthóir toghchánaíochta ag tús na míosa.

Tá ullmhúchán na bpáirtithe don olltoghchán faoi lán seoil, mar sin. An leor na hathruithe atá déanta leis an bpobal a mhealladh? D’oibrigh sé d’Fhine Gael ceannaire a athrú le brí a chur iontu. An mbeidh an rath céanna ar na hathruithe sa gComhaontas Glas agus i bhFianna Fáil? Ní fada go mbeidh a fhios againn.

Fág freagra ar 'Tá corraíl de shaghas éigin i measc ár gcuid polaiteoirí faoi láthair…'