Iarpholaiteoir de bhunadh Chonamara i lár báire i gceapachán Tim Walz

Tá an-mhuinín go deo ag Kamala Harris i Marty Walsh, an t-iarmhéara ar Boston arbh as Conamara a tháinig a mháthair agus a athair

Iarpholaiteoir de bhunadh Chonamara i lár báire i gceapachán Tim Walz

Tá eolas faighte anois go raibh baint mhór ag Marty Walsh – iarmhéara Bhoston agus fear de bhunadh Ghaeltacht Chonamara – le roghnú an Ghobharnóra Tim Walz mar leathbhádóir do Kamala Harris do thoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá.

Tugadh Marty Walsh, iar-rúnaí saothair Stáit Aontaithe Mheiriceá, isteach ag uair na cinniúna nuair a theastaigh daoine a raibh muinín láidir ag an Leas-Uachtarán Harris astu. Tuigtear go mba é Marty Walsh ba mhó a raibh údarás aige i measc an triúr ball sin den Pháirtí Daonlathach. Ba iad an Seanadóir Catherine Cortez Masto, Daonlathach as Nevada agus Cedric Richmond as Louisiana, comhairleoir ag an Uachtarán Joe Biden, a bhí ina chuideachta.

Táthar ar an eolas le fada go raibh Marty Walsh agus an Leas-Uachtarán Harris cairdiúil lena chéile nuair a bhí an bheirt i mbun dualgais in Washington.

Nuair a tarraingíodh anuas cúrsaí chomhghleacaí Harris sa bhfeachtas don Teach Bán chuige an tseachtain seo caite, dúirt Marty Walsh anall as Boston nach ndéanfadh sé aon tagairt phoiblí beag ná mór faoi chúrsaí an toghcháin.

Cé nach raibh aon ní fógartha go poiblí an uair sin, ba léir go raibh údar ag Marty Walsh gan a bhéal a oscailt.

Ní chuirfidh sé aon iontas ar dhuine ar bith a choinnigh súil ar chúrsa Marty Walsh sa bpolaitíocht gur iarradh a chúnamh ag uair na cinniúna sa bPáirtí Daonlathach. Cara mór leis an Uachtarán Joe Biden é Marty Walsh agus bhí cairdeas idir é féin agus Kamala Harris in Washington freisin. Fiú is go bhfuil sé imithe as an bpolaitíocht faoi láthair, is féidir le Marty Walsh siúl isteach san Oval Office lá ar bith den tseachtain.

Cé gur chuir go leor fáilte roimh cheapachán Walz, tá roinnt conspóide tarraingthe cheana féin agus ceisteanna á gcur faoin scrúdú a rinneadh ar a chúlra.

Tá sé curtha i leith Walz gur chuir sé an fhirinne as a riocht agus é ag inseacht faoin gcúlra airm a bhí aige agus tá comhghleacaí airm leis théis cáineadh a dhéanamh air. Dúirt an Captaen Corey Bjertness nach raibh Walz ina chaptaen ar pháirc an chatha agus gur lig sé a chomrádaithe airm síos nuair a bhuail sé bóthar. Bhí se ag teannadh le haimsir dul ar dualgas san Iaráic nuair a d’fhógair Tim Walz go raibh sí le dhul san iomaíocht don toghchán in Minnesota. “Níl an leithscéal sin sách maith,” a deir Bjertness. “B’éigean domsa a dhul don Iaráic agus bean agus clann a fhágáil i mo dhiaidh.”

Tá an chuid sin de scéal Tim Walz bainte as a bheathaisnéis oifigiúil anois.

Ach d’fhéadfadh na spallaí faoina chúlra polaitiúil níos mó brú a chur ar Walz ná ceist sin an airm. Tá Poblachtánaigh ag maíomh freisin go mbaineann Walz go láidir leis an eite chlé sa bpolaitíocht agus go bhfuil an iliomad cuairteanna tugtha aige ar an tSín, áit ar chaith sé tamall ag teagasc. Dúradh freisin go bhfuil Walz ina chara polaitiúil ag Ilhan Omar as Minnesota atá luaite go láidir le grúpa na heite clé i bpolaitíocht Washington DC. Cuirtear i leith Tim Walz freisin go bhfuil sé an-cháinteach ar Iosrael.

Bhí triúr san iomaíocht don cheapachán mar chomhghleacaí ag Kamala Harris sa deireadh: an Seanadóir Mark Kelly as Arizona, an Gobharnóir Josh Shapiro as Pennsylvania agus an té is lú a raibh barúil dó i dtosach, an Gobharnóir Tim Walz as Minnesota.

Is ag an tráth sin a cuireadh fios ar Marty Walsh agus ar an mbeirt eile a raibh muinín láidir ag Harris astu. Bhí chuile shórt a bhain le cúlra na bhfear a bhí san iomaíocht – idir chúlra pearsanta agus chúlra polaitíochta – le fiosrú agus le scagadh. Tar éis di comhairle a ghlacadh ón triúr ar chuir sí muinín iontu, chuir Kamala Harris í féin an triúr a bhí fanta san iomaíocht faoi agallamh agus rinne sí a cinneadh.

Ní gan ionadh, tá ceisteanna á gcur faoin údar nach bhfuarthas eolas níos fearr – mura bhfuarthas – faoi chúlra airm Tim Walz. Ach fiú agus má fuarthas an t-eolas sin, ní léir gur ábhar tromchúiseach a bheadh ann ó thaobh roghnú an iarrthóra don leas-uachtaránacht?

Mar sin féin, tá ceisteanna á gcur anois faoi éifeacht an scrúdaithe a rinne Marty Walsh.

Ach tá na sáiteáin faoi chúlra polaitiúil Tim Walz níos casta. B’fhéidir nár cás leis an triúr a raibh Marty Walsh i gceannas orthu go raibh claonta áirithe ag Walz sa bpolaitíocht agus nár chás leo, mar shampla, go raibh Iosrael cáinte aige seasta. B’fhéidir nár chás leo ach oiread go raibh cosán dearg déanta aige chun na Síne. Ach ceisteanna iad sin a mbeidh Donald Trump géar orthu.

Ó thaobh Marty Walsh de, taispeánann an scéal go mbíonn chuile chor agus chuile chasadh treampánach agus tú ar ardán chomh mór sin. Ach tá cleachtadh maith ag Marty Walsh ar an stádas is airde polaitíochta agus tuigeann sé go dtagann cáineadh i do bhealach scaití. Ní bhíonn tú ar bharr an dréimire gan údar maith a bheith leis.

Cá bhfágann an trust seo atá curtha ag Kamala Harris ann an fear arbh as Conamara a tháinig a mháthair agus a athair – Máire Ní Mháille as Ros Cíde i Ros Muc agus John Mháirtín Tom Bhreathanigh as Caladh Fhínse i gCarna?

Ar ndóigh braitheann go leor ar thoradh an toghcháin. Más ag Trump a bheidh an bua ní chuirfear aon ghlaoch go Washington ar Marty Walsh. Ach má éiríonn le Kamala Harris agus Tim Walz i mí na Samhna, sin scéal eile. D’fhág Marty Walsh post rúnaí saothair Mheiriceá agus thóg sé post mar cheannasaí ar chumann na n-imreoirí haca i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe ar thuarastal $3.5 milliún sa mbliain. Is deacair scaradh lena leithéid de phost agus is i mBoston freisin atá sé lonnaithe. Ní íocfaí tuarastal dá leithéid leis in Washington. Ach má chuireann Kamala Harris glaoch air arís, agus í tofa ina hUachtarán, beidh sé deacair í a dhiúltú.

Fág freagra ar 'Iarpholaiteoir de bhunadh Chonamara i lár báire i gceapachán Tim Walz'

  • Gabriel Rosenstock

    “Tá eolas faighte anois go raibh baint mhór ag Marty Walsh – iarmhéara Bhoston agus fear de bhunadh Ghaeltacht Chonamara – le roghnú an Ghobharnóra Tim Walz mar leathbhádóir do Kamala Harris do thoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá.”
    Spéisiúil. Ní hé cé atá mar pháirtí valsála ag Kamala is spéis liomsa, áfach, ach tús na habairte sin: “Tá eolas faighte . . .” Cén t-eolas? Cé a fuair an t-eolas? Cé uaidh an t-eolas? Is cuma. Tá eolas faighte, agus sin sin.
    Sa dara halt faighimid an frása, ” Tuigtear go mba é Marty Walsh . . .” Arís, na ceisteanna céanna: cé a thuigeann? Fear an phoist? Is cuma. Tuigtear, agus sin sin.
    Sa tríú halt, “Táthar ar an eolas le fada . . .” Arís, braithim gur thuas san aer atá an frása áirithe sin chomh maith.
    Sa cheathrú agus sa chúigiú halt, deirtear linn nach ndéanfadh Walsh aon tagairt, beag ná mór, faoi chúrsaí toghchánaíochta; go deimhin, nach n-osclódh sé a bhéal in aon chor. Nárbh fhearr díreach bosca beag a bheith ann: FEAR DE BHUNADH NA GAELTACHTA: Faic le rá aige!
    Is é fírinne an scéil, dar liomsa, ná go mbraitheann iriseoirí na hÉireann dualgas orthu féin chun rud éigin a rá faoi dhaoine a bhfuil ceangal ar bith acu le hÉirinn. D’fhéadfaidís a bheith ina ndúnmharfóirí, ina robálaithe, ina gcoirpigh chogaidh is cuma – Billy the Kid, Ned Kelly, “Whitey” Bulger, Richard Nixon, Ronald Reagan, George W. Bush etc. Má bhí braoinín beag d’fhuil na hÉireann iontu, is ábhar nuachta iad, ábhar scéil.
    Is cuimhin liom gur chum cara liom, Séamas Ó Céileachair, beannacht Dé leis, chum sé dán inar chuir sé Reagan i gcomparáid le Fionn Mac Cumhaill! Tá an claonadh áiféiseach sin ionainn, is baolach. Bímis ar ár n-airdeall faoin gclaonadh sin!
    Thaispeáin sé an dán dom sular chuir sé faoi bhráid an tsaoil mhóir é. An raibh a theanga ina leathphluc aige? Ní raibh. Lándáiríre a bhí sé. B’ionann Reagan agus Fionn Mac Cumhaill!
    Ní cuimhin liom cad a tharla i ndeireadh na dála. Ar ligeadh dó an dán a léamh nó ar shíl
    an CIA nach mbeadh sé sábháilte, ar chúis éigin? Ar aon chuma, tá réamhthaifeadadh againn ó RTÉ agus má fhéachann tú go cúramach air, ba dheacair teacht ar scannán beag grinn osréalach ar aon chaighdeán leis.
    https://www.rte.ie/archives/2019/0601/1050985-poem-for-president-reagan/