D’fhágamar an Táidsíceastáin ar an 23 Iúil agus chun na fírinne a insint dá áilleacht fiáin diamhair mar thír í, bhí mo bhuille tugtha agus mé stollta stracaithe ionam fhéin ag na drochbhóithre agus an chontúirt a bhain leo. Bhí féith an ghrinn sa té a thug ‘highway’ ar chuid do. Bhí sé ard, ní raibh aon bhaol air, ach sin a raibh d’fhírinne sa ráiteas. Mar a deireadh Moran, an fear oibre a bhí againn inár n-óige, ‘Fuarmhallacht Dé orthu’ mar bhí briseadh croí is cairteacha sna bóithre céanna.
An lá roimhe sin bhíomar fós ar an Pamir Highway is thiomáineamar thar an tarna conair is airde ar domhan, Conair an Hussang atá 15,200+ troigh (4,655 méadar) ar airde, nach mór cúig uaire níos airde ná Cnoc Bréanainn.
Bhí an t-aer éadrom ann agus é fionnuar go maith. Thugamar dhá oíche in óstán in Quarkul, dá bhféadfá óstán a thabhairt air. Tá loch mór in aice leis agus chuas ag snámh ann. Tá sé ar thalamh ard 12,000 troigh os cionn farraige. Taibhsíodh dom go mbíonn an Cuas níos fuaire sa gheimhreadh, ach bhí ana-fhuirist fanacht ar barra toisc an méid sin salainn a bheith ann. Dob fhuaire an t-aer fhéin ná uisce an locha cé is go raibh an ghrian ag spalpadh anuas orainn agus sneachta trom ar na sléibhte os ár gcionn.
Bhí deacrachtaí beaga is móra againn ar an tslí. Polladh an roth tosaigh agus an roth thiar; theip na coscáin agus an ceann ba mheasa ná an ‘clutch’. Aon ghreim go n-éireodh leat teacht as, tá agat. Má tá, siad seo na laethanta go gceistíonn tú tú fhéin. ‘Cad a thug anseo mé?’
Ag gabháil thar teorainn go dtí an Chirgeastáin bhíos chomh bréan de ‘Ireland? Conor McGregor?’ go ndúirt le hoifigeach ar an dteorainn gur mé a athair. Nár chreid sé mé is theastaigh uaidh a phictiúr a bheith tógtha aige le hathair Conor McGregor, rud a bhí mídhleathach aige a dhéanamh in áit slándála mar é. Tá an t-ainniseoir bocht ag taispeáint an phictiúir dá chairde ar fad ó shin, is dócha!
Tá fiche míle d’fhíor-dgrochbhóthar idir teorainn na Táidsíceastáine agus na Cirgeastáine nach le héinne é fé láthair, saghas liombó áite. Bhí sé ina chogadh dearg oscailte eatarthu an t-am seo anuraidh agus an t-ádh linn go gceadaíodh dúinn tiomáint tríd. Ana-dhrochbhóthar ann.
Tar éis na teorann ar thaobh na Cirgeastáine chonaiceamar ana-chuid puball, yurts, agus capaill ag aoireacht caorach is gabhar. Seo an dream ná socraíonn síos in aon áit amháin, na ‘nomads’, fánaithe ar ár gcuma fhéin is dócha.
Sna bóithre beaga tuaithe chífeá ana-chuid ainimhithe ag iníor ar thaobh an bhóthair is chaithfeá bheith aireach ná buailfeá pléasc ar cheann acu. An seana-shaol mar a bhí againn fhéin níl sé chomh fada san ó shin in aon chor agus ná bíodh aon éirí anairde orainn ach oiread! Níl íle ná gás acu ach leictreachas ó na dambaí a dhíolann siad leis na tíortha atá ag roinnt teorann leo.
I dtosach mhí Lúnasa, ar an tarna lá, thrasnaíomar isteach go dtí an Chasacstáin, an cúigiú ‘stan’ againn, mar a bhfuilimid fós. Níl aon bhaol air ach sé seo an ‘stan’ is nua-aimseartha acu ar fad. Cuireadh fáilte thar cuimse romhainn fiú amháin ar an dteorainn. ‘Your first time? Welcome!’ Chuas isteach i gcaifé in Semey lem chupán taistil, a bhí salach go maith fén dtráth seo, scrios is sciúr bean an chaifé é is shín sí chugam caifé a bhí ar aon chaighdeán le haon áit sa Daingean is pingin ní ghlacfadh sí as ach ‘present’ á rá aici. Caifé eile go raibh leite na maidine agam ann shín fear an tí dhá bharra seacláide chugam. ‘Present’ aríst. Uair eile cheannaigh bean a bhí ar bhord taobh linn pota tae Tashkin mar bhronntanas dúinn.
Ghabh buachaillí óga chughainn ar an tsráid ag cur suim ionainn, ag croitheadh lámh go cneasta grámhar ar dtúis linn agus ansan ag lorg fios ár gcúraim.
Tá mórbhóithre breátha sa Chasacstáin ar aon dul nó níos fearr go minic ná ár mbóithre fhéin rud a chuaigh síos go maith linn geallaim duit. Saibhreas thar chuimse as an ngás is íle atá sa talamh acu. Sa chathair Almaty tá Starbucks, McDonalds agus a leithéidí agus ní á mhaíomh san atáim ach mar chomhartha ar cé chomh rachmasach is atá siad.
Tá sé de nós ag muintir na háite má bhíonn siad ag feitheamh nó ar an bhfón dul ar a gcorraghiob is cuma cá mbíonn siad. D’fhéachas an tarna babhta orthu ar dtúis mar cheapas gur rud éigin eile a bhí ar siúl acu!
Timpeall céad míle ó Semey, idir 1949 agus1989, i gceantar go dtugtar Polygon air, bhíodh tástálacha núicléacha ar siúl ag na Sóivéadaigh a chuir isteach ar bhreis is milliún duine lena linn agus tá cuid den gceantar nach féidir taisteal ann fós dá bharra.
Chuaigh Tim, Gus agus Mike Alexander chomh fada leis ach níor bhac an chuid eile againn. Ghoillfeadh sé rómhór orm an díobháil sin a fheiscint.
Nuair a fuair an Chasacstáin saoirse i 1991 bhí a lán de na Rúisigh nár chuaigh abhaile in aon chor, rud a chiallaíonn gur Rúisigh suas le 50% den bpobal, i dtuaiscirt na tíre pé scéal é. Bhíos istigh i mbialann agus tháinig an fear seo chun cainte liom ag rá le mórtas cine nárbh Rúiseach é ach Casacach agus gurb é a ainm ná Kairat. Ba mé an chéad Éireannach gur bhuail sé leis agus arsa sé ina Bhéarla ciotach ach muiníneach fhéin, ‘Ireland is so far away’.
Aríst, níl ach boladh an scéil á fháil agaibh sa mhéid atá scríte agam mar tá na tíortha seo chomh suimiúil.
Táimid anseo le seachtain agus tásc ná tuairisc níl fachta ar Bhorat againn, ach táim dóchasach fós go mbuailfeam leis!
Liam Harkin
Bhain mé an-taitneamh as an phíosa sin. An bhfuil na haltanna eile sa tsraith ar fáil ar líne?
Dhéanfadh siad sraith mhaith teilifíse ar nós Hector!!
Ailbhe
Ag súil go mór leis an chéad alt eile!!