‘Sa chistin a bhí sé nuair a maraíodh a mháthair, bhí sise ag déanamh bainne dó’

Nuair a fuair mé an drochscéal faoi mo dheirfiúr chéile, ní daoine a chonaic mé, ach a scáileanna,  ag teacht is ag imeacht, ag scairteach is ag caoineadh...

‘Sa chistin a bhí sé nuair a maraíodh a mháthair, bhí sise ag déanamh bainne dó’

Campa Teifeach in Rafah. Pictiúr: le Hadeel Awad

 Is oideachasóir agus scríbhneoir de bhunadh Gaza í Al-Orjwan Shurrab. Tá sraith alt á scríobh aici mar gheall ar a saol féin agus ar shaol mhuintir Gaza ó thosaigh an cogadh i nDeireadh Fómhair 2023 – faoi aistear máthar in aimsir chogaidh. San alt deireanach, chuir sí síos ar a beirt pháistí a thabhairt go dtí scoil a bhí faoi choimirce UNRWA. Le linn dóibh a bheith ann, shocraigh a deirfiúr chéile, Ameera, filleadh ar a baile dúchais in Deir Al Balah. Antain Mac Lochlainn a d’aistrigh.

Chaith muid mí sa scoil, agus chuir mé scairt ar Ameera gach uile uair a bhí ceangal teileafóin le fáil.

 

Ameera, deirfiúr chéile an údair, atá anois ar shlí na fírinne

Idir an dá linn, chuir arm Iosrael iallach ar mo mháthair agus ar a beirt deirfiúracha imeacht as an áit a raibh siad ina gcónaí i dtuaisceart Gaza. Chuir mé puball in áirithe dóibh ar fhearann na scoile agus chuir ina sheasamh é in aice le mo phuball féin. Go moch ar maidin, d’éalaigh muid linn agus chaith roinnt uaireanta an chloig i mo sheanteach féin, ag ní éadaí agus ag folcadh na bpáistí.

Ar an 12 Samhain, ar a seacht a chlog ar maidin, cuireadh glaoch gutháin ar Mohammed, m’fhear céile. ‘Is ea,’ ar seisean, ‘cad é atá cearr? Ní hea! Ní féidir? Caithfidh sé go bhfuil dul amú ort. Ní féidir!’ Fear céile Ameera a chuir scairt, le hinsint dúinn gur maraíodh í. Bhuail buama an teach a raibh sí ann, uair an chloig ní ba luaithe. Ise an t-aon duine a gortaíodh. Bhí sí marbh faoin am ar bhain siad an otharlann amach.

Tháinig mar a bheadh ceo ar mo shúile. Ar feadh uaireanta an chloig, ní daoine a chonaic mé, ach a scáileanna. Ag teacht agus ag imeacht. Ag scairteach agus ag caoineadh. Ag tabhairt barróg agus boiseog dá chéile. Chuaigh Mohammed agus a athair go Deir Al Balah le corp Ameera a bhailiú agus a thabhairt go dtí reilig in oirthear Khan Younis. B’eagal liom a corp a fheiceáil. Seo an chéad uair a cailleadh duine a bhí chomh gar do mo chroí.

‘Bhí daoine ag teitheadh soir is siar, tá aghaidh gach duine acu greanta i mo chuimhne’

I dtosach, mar sin, dhiúltaigh mé dul ag amharc uirthi. Ach dúirt Mohammed go mbeadh sé sin ina údar áiféala dom, lá ab fhaide anonn. Ba dhual dom mo bheannacht a chur léi. Shíl mé go mbeadh lorg na fola agus an chiorraithe uirthi, ach ba í a bhí sciamhach, maiseach i gcónaí. Dar leat go raibh loinnir ina héadan. Phóg mé í. Bhí teas ina colainn fós, ar nós gur ina codladh a bhí sí. D’impigh mé orthu ansin gan í a thabhairt uaim, mar go ndúiseodh sí i gceann tamaill. Ach níl dúiseacht i ndán di feasta.

3. Teach scriosta i gcathair Gaza. Pictiúr le Huda Skaik

Uair an chloig ina dhiaidh sin, tháinig teaghlach fhear céile Ameera agus a beirt mhac ina dteannta. Dhá bhliain go leith atá Hamza, an duine is sine acu. Ba ghnách leis féin agus Orjwan s’agamsa dul ag súgradh le chéile. Chonaic mé go raibh smál fola ar a léine agus rinne mé é a fholcadh. Sa chistin a bhí sé nuair a maraíodh a mháthair. Bhí sise ag déanamh bainne dó, agus tae dá athair, nuair a phléasc an buama. Bhris na fuinneoga ina smidiríní. Thit Ameera go talamh. Scairt sí ar a fear céile agus, nuair a tuigeadh di go raibh seisean fós beo, d’iarr sí air imeacht agus a beirt mhac a thabhairt leis. Chaill sí an mothú ansin.

Beidh cuimhne agam i gcónaí ar na huaireanta a chaith mise agus Ameera le chéile ag aislingeacht. Labhraíodh muid faoinár gcuid páistí agus faoin dóigh a ndéanfadh muid iad a thógáil. Sé bliana is fiche a bhí sí agus a ceann lán pleananna. Bhí sí ag déanamh staidéir faoi choinne scrúdú an rialtais, le cáiliú ina haltra.

Ach níor thug an saol spás dúinn Ameera a chaoineadh. An tráthnóna céanna sin, buaileadh an teach a raibh aintín Mohammed ann. D’aon bhuille amháin, maraíodh aon duine dhéag dá dhream.

Is féidir tuilleadh de scéalta Orjwan agus scríbhneoirí eile de chuid Gaza a léamh ar wearenotnumbers.org

Fág freagra ar '‘Sa chistin a bhí sé nuair a maraíodh a mháthair, bhí sise ag déanamh bainne dó’'