Fáilte abhaile roimh laochra na gCluichí Oilimpeacha ab fhearr riamh ag Éirinn

Cuireadh deireadh aréir leis na Cluichí Oilimpeacha i bPáras ag an searmanas dúnta, cluichí ag ar éirigh le foireann na hÉireann an líon is mó bonn riamh a bhuachan

Fáilte abhaile roimh laochra na gCluichí Oilimpeacha ab fhearr riamh ag Éirinn

I ndiaidh coicís a bhí lán le hiontais an spóirt, cuireadh deireadh aréir leis na Cluichí Oilimpeacha i bPáras ag an searmanas dúnta.

Chuir an searmanas sa Stade de France críoch chomh maith le coicís iontach i stair spóirt na hÉireann, agus tráthnóna inniu beidh fáiltiú cathartha do laochra Oilimpeacha na hÉireann taobh amuigh d’Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.

Beidh an ócáid, a gcuirfear tús léi ag 12,30pm saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

Seacht mbonn a bhuaigh foireann na hÉireann, níos mó bonn ná mar a bhuaigh aon fhoireann Oilimpeach as an tír seo riamh. Na sé bhonn a bhuaigh Éire i Londain in 2012 an churiarracht a bhí ann go dtí  seo.

Trí bhonn óir a ghnóthaigh lúthchleasaithe na tíre seo rud a d’fhág sa 19 háit iad ar thábla oifigiúil na mbonn.

I ndiaidh mhúchadh na lasrach Oilimpí aréir thug méara Pháras, Anne Hidalgo ar láimh an brat Oilimpeach do Karen Bass, méara Los Angeles, mar a mbeidh na Chéad Chluichí Oilimpeacha eile ar siúl in 2028.

Is cinnte go mbeidh lúthchleasaithe na tíre seo ag féachaint chun cinn ar na Cluichí sin agus iad lán dóchais i ndiaidh ghaiscí na hÉireann i bPáras le coicís.

Sa dornálaíocht d’éirigh le Kellie Harrington bonn óir a bhuachan ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile.

Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban i staid Roland Garros.

Agus greim coimeádta aici ar an gcraobh a bhuaigh sí i dTóiceo trí bliana ó shin, tá gaisce mór eile déanta aici nach bhfuil déanta ag mórán eile as Éirinn – bonn óir a bhuachan ag dhá Chluichí Oilimpeacha as a chéile.

Níl a leithéid déanta ag aon duine eile seachas na rámhaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy, a bhuaigh a ndara bonn óir Oilimpeach i bPáras, agus Pat O’Callaghan, a bhuaigh bonn óir i gcaitheamh an oird ag Cluichí 1928 agus 1932.

Sa linn snámha fuair Daniel Wiffen an chéad áit i mbabhta ceannais an chomórtais saorstíle 800m.

Bhuaigh an gleacaí Rhys McClenaghan bonn óir eile d’Éirinn nuair a tháinig sé sa chéad áit sa bhabhta ceannais ar an gcapall corr.

Trí bhonn cré-umha atá buaite ag foireann na hÉireann chomh maith.

Ba í Mona McSharry as Sligeach a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban agus tháinig Daniel Wiffen sa tríú háit sa rás ceannais sa snámh saorstíle 1500 méadar chun a dhara bonn a bhuachan.

D’éirigh le beirt rámhaithe eile as Éirinn, Philip Doyle agus Daire Lynch, bonn cré-umha a bhuachan i gcomórtas bhád beirte na bhfear.

Rinne roinnt mhaith eile d’iomaitheoirí na hÉireann éacht chomh maith i bPáras bíodh is nár éirigh leo bonn a fháil. Sa cheathrú háit a tháinig Rhasidat Adeleke sa rás ceannais i gcomórtas 400m na mban. Bhí Adeleke, nach bhfuil ach 21 bliain d’aois, ar an gcéad Éireannach ban riamh le páirt a ghlacadh sa rás ceannais i gcomórtas ráibe sna Cluichí Oilimpeacha.

Rinne Adeleke agus foireann na mban sa rás sealaíochta éacht chomh maith nuair a chríochnaigh siad sa cheathrú háit sa rás ceannais. Bhain Adeleke, Sophie Becker, Phil Healy agus Sharlene Mawdsley trí shoicind dá gcuriarracht náisiúnta. 3:19.90 a thóg sé orthu sa rás ceannais, am a bheadh maith a dhóthain chun bonn a fháil ag gach Cluichí Oilimpeacha roimhe seo.

Ar bhuaicphointí Chluichí na bliana seo bhí an rás ceannais i gcomórtas 100m na bhfear, rás inar éirigh le Noah Lyles Mheiriceá an bonn óir a fháil i bhfótaichríoch agus é an 5,000ú cuid de shoicind [cúig mhíliú] chun cinn ar Kishane Thompson ó Iamáice. I rás ceannais chomórtas 100m na mban bhí an lá le Julien Alfred, an chéad duine riamh as St Lucia a bhuaigh bonn Oilimpeach.

Thug lúthchleasaithe amhail Simone Biles, atá anois ar an ngleacaí Oilimpeach is rathúla riamh, agus gaiscíoch an chliathráis 400m, Sydney McLaughlin-Levrone, taispeántais uathu a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine go ceann i bhfad.

Sa dornálaíocht bhí bua stairiúil ag Cindy Ngamba i gcomórtas meánmheáchain na mban nuair a fuair sí bonn cré-umha d’fhoireann na dteifeach, an chéad bhonn riamh ag an bhfoireann sin.

Sa léim chuaille sháraigh Armaund Duplantis an churiarracht dhomhanda den naoú huair lena léim dheireanach sa chomórtas.

Sa linn snámha, bhí an Fhrainc go léir faoi gheasa ag gaiscí Leon Marchand a bhuaigh ceithre bhonn óir ag baile, ceann i meascra aonair 400m na bhfear san áireamh, rás inar sháraigh sé curiarracht dhomhanda Michael Phelps ó 2008.

14 bonn Oilimpeach san iomlán atá anois ag Kate Ledecky Mheiriceá, an chéad snámhaí ban ar éirigh léi bonn óir a fháil ag ceithre Chluichí Oilimpeacha.

In Roland Garros d’éirigh le Novak Djokovic, a bhfuil 24 mórchraobh buaite aige sa leadóg, a chéad bhonn Oilimpeach a fháil agus é ag na Cluichí Oilimpeacha den chúigiú huair.

Cúis cheiliúrtha de chineál eile a bhí ag Mijaín Lopez, an t-iomrascálaí as Cúba a bhuaigh bonn óir den chúigiú huair as a chéile. Sa tSín in 2008 a bhuaigh Lopez a chéad bhonn óir.

Bhí rás ceannais 1,500 méadar na bhfear ar cheann de na rásaí ab iontaí ag na Cluichí agus bua gan choinne ag Cole Hocker Mheiriceá ar Josh Kerr agus Jakob Ingebrigtsen, an t-aon bheirt a síleadh seans a bheith acu ar an mbonn óir.

Seans gur sa bhabhta ceannais den rás sealaíochta measctha 400m a rinneadh an teacht aniar ab fhearr nuair a fuair Frenke Bol na hÍsiltíre bua ar éigean ar fhoireann Stáit Aontaithe Mheiriceá.

 

Fág freagra ar 'Fáilte abhaile roimh laochra na gCluichí Oilimpeacha ab fhearr riamh ag Éirinn'

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    NA CLUICHÍ OILIMPEACHA

    Nero ag seinm a fhidil agus Gaza á dhó :-

    Páistí na Palaistíne i bhfolach faoi na clocha dearga
    Páistí an Iarthair ina suí ag ithe uachtar reoite bán

    Máthair na bPáistí fola ag iarraidh déirce
    Máthair na bPáistí só ag iarraidh níos mó

    Athair na bPáistí tréighte ina smidiríní mar smál ar an bhalla
    Athair na bPáistí só sna tríthe gáire ag an bhalla teilfíse

    Máthair agus Páistí agus Athair agus anró dearmadtha ag
    SAM agus Cathal a trí i dtigh an bhróin faoin triúr bocht acu féin

    An scór anois ag Iosrael fiche míle in aghaidh na mBonn órga
    Agus sceitimíní an Domhain faoi na gCluichí Oilimpeacha balbh.