‘Meas’ ag Bakhurst ar ‘uaillmhian’ TG4, ach ceisteanna le réiteach faoi neamhspleáchas nuachta

I litir a chuir Kevin Bakhurst chuig Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, deir sé go bhfuil roinnt ceisteanna suntasacha le réiteach faoin mholadh go scarfaí Nuacht TG4 ó RTÉ 

‘Meas’ ag Bakhurst ar ‘uaillmhian’ TG4, ach ceisteanna le réiteach faoi neamhspleáchas nuachta

Deir Kevin Bakhurst, ceannasaí RTÉ, go bhfuil “meas” aige ar “uaillmhian” phlean TG4 seirbhís nuachta Gaeilge neamhspleách a bhunú, ach go mbeadh ceisteanna móra le réiteach sula mbainfeadh an stáisiún “neamhspleáchas eagarthóireachta níos fearr” amach.

Tá aighneas idir RTÉ agus TG4 le tamall faoin phlean, a bhfuil glactha ag an Rialtas leis, go mbunófaí seirbhís nuachta Gaeilge neamhspleách.

I litir a chuir Kevin Bakhurst chuig Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, an tseachtain seo caite,  luann Ard-Stiúrthóir RTÉ roinnt ceisteanna suntasacha a bheadh le réiteach.

Ar na ceisteanna a luann Bakhurst, tá maoiniú “aon seirbhísí nua” a bhunófaí agus an soláthar stiúideo agus acmhainní eile a theastódh ó aon tseirbhís nua.

Bheadh ceisteanna faoi chóipcheart agus cúrsaí cartlainne le réiteach freisin, a deir Bakhurst.

Luann sé ina litir chomh maith na socruithe fostaíochta a bheadh le déanamh dá scarfaí Nuacht TG4 ó RTÉ.

Ar deireadh deir Bakhurst sa litir go bhféadfadh sé go mbeadh “leasú reachtaíochta” de dhíth ag brath ar na moltaí a dhéanfar san athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge atá ar siúl ag Coimisiún na Meán faoi láthair.

Deir ceannasaí RTÉ chomh maith go bhfuil sé “tábhachtach” go n-aithneofaí gur seirbhís “luachmhar” do lucht féachana RTÉ atá sa tseirbhís nuachta Gaeilge.

Chaithfeadh aon socrú a dhéanfaí i dtaobh phlean TG4 teacht le “huaillmhianta TG4” agus le “gealltanais agus straitéis RTÉ”, a dúirt Bakhurst.

Dúirt Bakhurst go bhfuil “dearbhú” tugtha aige d’fhoireann Nuacht TG4 nach dtiocfaidh athrú ar a stádas fostaíochta le RTÉ “beag beann ar na hathruithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn i dtaobh an chláir sin”.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4. Déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Ghlac an Rialtas dhá bhliain ó shin le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

D’iarr Coimisiún na Meán ar RTÉ agus TG4 pleananna a chur ar fáil faoin mholadh go mbeadh neamhsapleáchas ag TG4 ó thaobh na nuachta.

Déanfaidh an Coimisiún scagadh ar na pleananna sin agus cuirfidh siad comhairle ar an Aire Cumarsáide dá réir.

Tuairiscítear gur dhá rogha a chuir RTÉ faoi bhráid Choimisiúin na Meán, seirbhísí nuachta Gaeilge ar leith do RTÉ agus TG4, nó múnla nua a bheadh bunaithe ar an chomhlacht Independent Television News sa Bhreatain.

Faoin múnla sin, chuirfeadh comhlacht léiriúcháin agus nuachta neamhspleách seirbhís nuachta ar fáil i nGaeilge do RTÉ agus do TG4, faoi mar a chuireann ITN seirbhís nuachta ar fáil do ITV, Channel 4 agus Channel 5 sa Bhreatain.

Tá €13.625 milliún breise sa bhliain á lorg ag TG4 i mBuiséad 2025 chun “smacht eagarthóireachta Nuacht TG4 a aistriú ó RTÉ go dtí TG4”.

Deir lucht an stáisiúin go dtógfadh sé bliain an tseirbhís ilardáin nua a bhunú ón uair go gcuirfí ar fáil dóibh an maoiniú breise atá á lorg acu.

Fág freagra ar '‘Meas’ ag Bakhurst ar ‘uaillmhian’ TG4, ach ceisteanna le réiteach faoi neamhspleáchas nuachta'