€200,000 á thairiscint le hathbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na meán Gaeilge

Beidh naoi mí ag an dream a mbronnfar conradh orthu chun athbhreithniú a chur i gcrích agus moltaí a dhéanamh a chuirfeadh ‘feabhas’ ar na meáin Ghaeilge

€200,000 á thairiscint le hathbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na meán Gaeilge

Tá €200,000 á thairiscint ag Coimisiún na Meán chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.

Beidh naoi mí ag an dream a mbronnfar an conradh orthu chun an t-athbhreithniú a chur i gcrích agus moltaí a dhéanamh a chuirfeadh “feabhas” ar na meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa, ó thaobh “éagsúlachta” agus “caighdeáin” de.

Díreoidh an t-athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge chraolta agus scríofa, ar líne agus as líne, agus ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin Bhéarla. Seo an chéad uair a ndearnadh athbhreithniú cuimsitheach dá leithéid.

De réir sonraí na tairisceana, déanfar athbhreithniú ar na róil atá ag TG4 agus RTÉ “mar choimisinéirí agus soláthróirí ábhair Ghaeilge”.

Féachfar chomh maith ar shaothar Raidió na Gaeltachta, a “ról náisiúnta” agus “a ról i gceantair Ghaeltachta” agus “ar an teacht atá aige ar ioncam tráchtála”.

Beidh béim chomh maith, a deirtear, ar na dualgais reachtúla atá ann i dtaobh soláthar ábhar i nGaeilge agus féachfar ar na “deiseanna comhpháirtíochta” idir na meáin éagsúla.

Ar na réimsí eile a ndéanfar scagadh orthu, beidh an ról ba chóir a bheith ag na meáin i gcúrsaí oideachais agus an soláthar Gaeilge do dhaoine óga,

Cuirfear an t-athbhreithniú i gcrích i dtrí chéim thar thréimhse naoi mí. Sa chéad chéim déanfar anailís ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge sna meán.

Ansin reáchtálfar pobalbhreith sa Ghaeltacht agus lasmuigh di chun tuairimí an phobail a bhailiú “faoi éifeachtúlacht agus ábharthacht na meán Gaeilge”.

Deirtear go mbainfear leas as torthaí na pobalbhreithe agus an anailís a dhéanfar orthu le polasaithe nua a cheapadh.

Ar deireadh foilseofar tuarascáil a bheidh bunaithe ar an anailís agus an taighde, tuarascáil ina ndéanfar moltaí maidir leis na réimsí is práinní a dteastaíonn gníomh iontu. Beidh moltaí ann chomh maith faoi “straitéisí córasacha chun feabhas a chur ar chaighdeán agus éagsúlacht na meán Gaeilge”.

Tá go dtí an 19 Aibreán ag dreamanna le tairiscint a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán.

Fág freagra ar '€200,000 á thairiscint le hathbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na meán Gaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dul chun cinn cinnte athbhreithniú a dhéanamh ar na meáin craolta agus scríofa.

    Smaointigh an oiread nuachtáin áitiúla Béarla agus na stáisiún raidió áitliúla Béarla atá sa tír bheag seo agus gan aitheantas ar bith ag ceann ar bith acu don Ghaeilg. An mbeidh siad san áireamh san athbhreithniú seo??