Meath ‘níos measa’ i ndán don oideachas lán-Ghaeilge gan athrú polasaí

Tá cruinniú á lorg ag An Foras Pátrúnachta leis an Roinn Oideachais chun ‘leigheas’ a fháil ar an easpa soláthar don oideachas lán-Ghaeilge agus ar an titim atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachais trí Ghaeilge

Meath ‘níos measa’ i ndán don oideachas lán-Ghaeilge gan athrú polasaí

Caoimhín Ó hEaghra

Deir an Foras Pátrúnachta gur “in olcas” a rachaidh an meath ar earnáil an ghaeloideachais mura dtiocfaidh an Roinn Oideachais ar mhúnla nua chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.

Tá cruinniú á lorg ag An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge, leis an Roinn Oideachais chun “leigheas” a fháil ar an easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge agus ar an titim atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge.

I litir atá curtha ag Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta Caoimhín Ó hEaghra chuig Tomás Ó Ruairc, rúnaí cúnta a bhíonn ag plé le cúrsaí polasaí agus straitéise sa Roinn Oideachais, deirtear gur “údar imní” é gur tháinig laghdú i mbliana den chéad uair le 50 bliain ar líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge.

Cinneadh na Roinne Oideachais “gan scoileanna nua a cheadú́ ach scoileanna reatha a fhás,” is cúis leis an titim, a deir Ó hEaghra.

Deirtear sa litir go bhfuil soláthar iomarcach scoileanna Béarla agus “easpa soláthair lán-Ghaeilge sa tír” agus go dteastaíonn múnla nua chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú le dul i ngleic leis an éileamh mór atá ar an ghaeloideachas, éileamh nach bhfuil soláthar ann dó.

“Níl an fhadhb seo ach chun dul in olcas mura ndéanfaimid an deis a thapú́ próiseas faoi leith a thabhairt isteach chun an líon gaelscoileanna agus gaelcholáistí́ a fhás,” a deir Ó hEaghra.

Ar na hábhar is mian leis An Foras Pátrúnachta a phlé leis an Roinn Oideachais tá múnla na scoile satailíte agus an gá le gaelcholáistí́ a bhunú sna ceantair is mó éileamh.

Deir Ó hEaghra go bhfuil an rialtas “ag teip” ar an ghaeloideachas agus go dtéann polasaí na Roinne Oideachais gan scoileanna nua a bhunú i gcoinne spriocanna an rialtais féin i dtaobh na Gaeilge, ina measc an sprioc go mbeidh 20% d’earcaigh sa státchóras inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.

“Tuigimid go mbíonn éileamh ar acmhainní́ na Roinne agus go bhfuil titim i ndán don daonra scoile sa tír. Is gá a aithint, áfach, nach féidir spriocanna an stáit féin a bhaint amach gan struchtúir agus acmhainní́ cuí a bheith curtha ar fáil,” a deir Ó hEaghra.

Deir An Foras Pátrúnachta gur chóir go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil d’aon dalta ar mian leo é agus go bhfuil “deis faoi leith ann” réiteach a fháil ar an cheist tráth a bhfuil an Polasaí́ don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á ullmhú ag an Roinn.

Tá ráite ag an Roinn Oideachais go mbeidh an dréachtpholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge réidh le cur faoi bhráid lucht an Ghaeloideachais an mhí seo chugainn.

Léirigh anailís a rinne Tuairisc ar fhigiúirí na Roinne Oideachais níos luaithe i mbliana gur tháinig laghdú ar chéatadán na ndaltaí scoile sa stát a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, gach bliain le trí bliana anuas.

Ag leibhéal na bunscoile, tá céatadán na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoil lán-Ghaeilge tite ó 8.1% go dtí 8.0% idir na scoilbhlianta 2020-21 agus 2022-23. Thit na céatadáin ó 3.7% go dtí 3.5% ag leibhéal na hiarbhunscoile sa tréimhse chéanna.

De réir fhigiúirí na Roinne, thit líon na mbunscoileanna lán-Ghaeilge sa stát, idir scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna, ó 252 go dtí 249 scoil idir 2021-22 agus 2022-23. D’fhan líon na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ag 50.

Fág freagra ar 'Meath ‘níos measa’ i ndán don oideachas lán-Ghaeilge gan athrú polasaí'

  • Billy an Ghoirt

    Polasaí le foilsiú an mhí seo chugainn an ea?
    Creidfidh mé é nuair a fheicim é!

  • Breandán

    An polasaí céanna leis an gceann don Oideachas Gaeltachta? Na milliúin curtha amú ar an gcáin íocóir de bharr teipeadh fheidhmiú agus mhaoirsiú an pholasaí úd agus níos lú Gaolainne á labhairt i scoileanna Gaeltachta ná riamh. Samhlaigh dá mbeadh an maoiniú sin infheistithe i Scéim Labhairt na Gaolainne an tionchar a bheadh aige. Cur i gcéill an stáit chórais agus roinnt de na heagraíochtaí Gaolainne ag bascadh a chéile ag dúbailt seirbhísí agus ag glacadh na milliúin ó chistí stáit.

  • SE

    An ceart ar fad ag Breandán. Tá an iomarca cur i gcéill ar siúl agus an iomarca airgid á chur amú go fánach.