Tá breis is €1 milliún saothraithe cheana féin ag an scannán dátheangach Kneecap ag oifig na dticéad.
€292,000 a shaothraigh an scannán le linn deireadh seachtaine a sheolta i 109 pictiúrlann ar fud na hÉireann.
D’fhág sin gur éirigh níos fearr le Kneecap ar dheireadh seachtaine a sheolta in Éirinn ná aon scannán eile as Éirinn ó seoladh The Banshees of Inisherin in 2022.
Ní raibh chun tosaigh ar scannán an ghrúpa rap as Béal Feirste ag oifig na dticéad in Éirinn an deireadh seachtaine seo caite ach na scannáin mhóra It Ends With Us agus Deadpool & Wolverine.
Stáit Aontaithe Mheiriceá an t-aon áit eile go bhfuil Kneecap le feiceáil sna pictiúrlanna go dtí seo. De réir na bhfigiúirí is déanaí $820,000 a shaothraigh an scannán i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó seoladh ansin é coicís ó shin. $500,000 a d’íoc daoine ag oifig na dticéad deireadh seachtaine a sheolta i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an 2-4 Lúnasa.
Mar sin breis is €1 milliún atá saothraithe go dtí seo ag an scannán bréag-bheathaisnéise faoin ngrúpa rap as Béal Feirste a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge.
Ar an 23 Lúnasa a sheolfar go hidirnáisiúnta agus sa Bhreatain an scannán dúghrinn dátheangach atá roghnaithe ag IFTA chun dul san iomaíocht d’Éirinn d’ainmniúchán Oscar.
Bhí an Ghaeilge i lár an aonaigh ag na gradaim chéanna anuraidh nuair a d’éirigh le An Cailín Ciúin ainmniúchán a fháil.
Seo an seachtú huair ar cuireadh scannán ina bhfuil an Ghaeilge sa treis ann chun cinn do na gradaim Oscar.
Tá ardmholadh tugtha ag léirmheastóirí do Kneecap ó bhí a première ag an scannán a stiúir Rich Peppiatt ag féile cháiliúil Sundance in Utah.
D’éirigh le Kneecap gradaim a bhuachan ag an bhféile sin agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an samhradh seo.
Fág freagra ar 'Breis is €1 milliún saothraithe cheana féin ag ‘Kneecap’ ag oifig na dticéad'