Tá caitheamh aimsire nua agam anois, is cosúil – na toibreacha beannaithe

Agus an Creideamh Caitliceach ag dul i léig gach bliain, shílfeá gur beag an tsuim a bheadh ag daoine in áiteacha ‘beannaithe’...

Tá caitheamh aimsire nua agam anois, is cosúil – na toibreacha beannaithe

Le blianta anuas, bhain mé an-cheart sa cholún seo as cuairteanna a thabhairt ar reiligí. Tá caitheamh aimsire nua agam anois, is cosúil – na toibreacha beannaithe.

In imeacht chúpla lá chuala mé faoin leigheas ar fhaithní ag Tobar an Aillt, i gContae Shligigh, agus freisin ag Tobar Naomh Anna, Garmna.

Bhíomar ar cuairt chuig club bád dragan na ‘Medb Dragon Warriors’ i gContae Shligigh. Tá áit aoibhinn acu ar bhruach Loch Gill, clubtheach, pontún agus caifé beag lena ais. Nuair a bhíomar réidh leis an seisiún padlála ar an loch, agus an braon tae ólta againn, fiafraíodh dínn an mbeadh suim ag éinne cuairt a thabhairt ar an tobar beannaithe.

Maidin álainn a bhí ann – ní raibh a fhios ag éinne go n-osclódh na spéartha an lá ina dhiaidh do na rásaí bád dragan ar Loch Rinn, i gContae Liatroma, síos an bóthar. Ach ar aghaidh linn – ní raibh an tobar beannaithe ach timpeall an choirnéil ón bpontún s’acusan.

‘Tobar an Aillt’ a thugtar air agus téann a stair i bhfad siar. Tá Naomh Pádraig luaite leis, ar ndóigh agus i rith aimsir na bPéindlíthe bhí Carraig Aifrinn ansin a bhíonn fós in úsáid uair nó dhó sa mbliain. Chuir sé iontas orm chomh mór agus a bhí an suíomh thart ar an tobar.

Agus an Creideamh Caitliceach ag dul i léig gach bliain, shílfeá gur beag an tsuim a bheadh ag daoine in áiteacha ‘beannaithe’. Ach ní shin é an chosúlacht atá ar na toibreacha beannaithe atá breactha thart faoin tír.

Níl sé an-éasca teacht ar Thobar an Aillt. Murach go raibh muide treoraithe ann le haghaidh an spóirt uisce, ní bheadh a fhios againn tada faoi. Ach is léir go mbíonn triall go leor daoine ann. Thug mé cúnamh lena cuid málaí do bhean amháin a bhí ag siúl go mall isteach ag an ionad. Duine den lucht siúil a bhí inti.

Bhí sí ag guí ar son na síochána, dúirt sí liom. Shuigh sí síos ar bhinse a bhí in aice an tobair. D’inis sí dom gurb ise a cheangail na snáithíní bána ar ghéaga an chrainn taobh leis an tobar. Dúirt sí liom go bhfeicfinn na poill sa charraig os cionn an tobair, áit a gcruinníonn an bháisteach agus líonann sí na poill. ‘Is ins na poill uisce sin atá leigheas ar fhaithní,’ a d’inis sí dom.

Chuaigh mé anonn chuig an gcarraig agus bhí an ceart ar fad aici – chuile pholl beag líonta le huisce.

Ní raibh faithní ar aon duine againn ach nuair a dúradh linn go raibh leigheas sa tobar do na glúine agus do na súile, thosaigh chuile dhuine againn ag caitheamh uisce orainn féin agus ag sá ár gcosa isteach san uisce gléigeal fuar. Caithfidh mé a rá go raibh níos mó ná ‘tobar’ amháin ann – bhí srutháinín beag fíoruisce ann a bhí ag líonadh cúpla tobar. Toisc go raibh an t-uisce ag rith mheas muid nach raibh aon dochar sa níochán cos.

Bhí an áit féin coinnithe go hálainn – neart spáis thart air agus áit le suí síos. Gach seans gur áit sceirdiúil, gan aon chompord a bhí ann sa tseanaimsir. Ach coinníonn muintir an pharóiste ar an gCeathrú Rua (contae Shligigh) an áit go slachtmhar agus bíonn aifreann acu ar Dhomhnach ‘Garland’ ag deireadh mhí Iúil. Ceaptar gur bhunaigh na Críostaithe an fhéile sin ar fhéile ‘Lughnasa’ a bhí ag na Págánaigh rompu.

Ní raibh mé ach fillte ón turas nuair a chuala mé Sally Uí Ghionnáin as Garmna ag déanamh cur síos ar Thobar Naomh Anna ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus iad ag poibliú an chláir Bailte ar TG4 an tseachtain seo.

Rinne sí an-chur síos ar an turas a dhéantar timpeall an tobair agus daoine ag déanamh achainí dá gcuid féin. Rud nár chuala mé trácht air cheana ná gur féidir le duine amháin an turas a dhéanamh thar ceann duine eile. Déanann Sally é sin go minic, is cosúil. Agus ba í Sally a dúirt freisin go raibh leigheas ar fhaithní ag Tobar Naomh Anna.

Dúirt sí go raibh an áit cóirithe go hiontach anois, le bóthar ceart isteach ann. Trasna an tsléibhe a thagadh daoine nuair a bhí Sally óg. ‘Bíonn rudaí deasa fágtha ag daoine ann’ a dúirt sí.

Sin rud a bhí mé féin a chuartú nuair a thug mé cuairt ar an tobar cois locha i Sligeach leis na bádóirí – crann le cuimhneacháin agus achainithe crochta ann ag daoine. Ach seachas na snáithíní beaga bána a chroch an bhean siúil, ní raibh aon rud eile fágtha ann.

Gach seans gur ghlan lucht an pharóiste suas iad. Ní thaitníonn a leithéid le gach duine.

Is cuimhin liom féin nuair a bhíodh seanmhaidí croise caite de leataobh ag daoine le hais an tséipéil i gCnoc Mhuire, mar shampla. Céard a tharla? An amhlaidh nach mbíonn an oiread céanna míorúiltí ann sa lá atá inniu ann? Nó ar ‘ghlan’ an eaglais amach as an áit iad?

Tar éis dhom cuairt a thabhairt ar Thobar Naofa an Dúin i dTír Chonaill níos luaithe an samhradh seo, chuaigh mé ag tóraíocht an stair a bhain leis. Tháinig mé ar sheanphictiúr a chuir an croí trasna ionam. Oilithrigh os comhair an tobair agus slua taibhsí nó creatlacha taobh thiar díobh. Ach nuair a d’fhéach mé ní ba ghéire thug mé faoi deara gur maidí croise agus bindealáin ceangailte timpeall orthu agus iad leagtha ar an talamh a bhí iontu.

Tá gach rian de sin glanta suas, clúdach cloch ar an tobar agus an áit timpeall air go deas néata agus crainn mórthimpeall air. Riasc a bhí ann sa tseanaimsir.

Ach tá rud amháin fanta ann agus gan aon fhianaise gur mian le daoine é a ghlanadh as an ionad – an crann achainithe agus cuimhneacháin. Sin ansin iad – na boinn bheannaithe, an dealbh de Padre Pio, na snáithíní, na hachainithe. Agus sa seanphictiúr – níl crann ar bith le feiceáil. Ní seantraidisiún atá ann ar chor ar bith, is cosúil.

Agus bhí scéal tráthúil ag baint le Tobar an Dúin, i dTír Chonaill. Chomh maith le bheith ina áit bheannaithe ó aimsir Cholm Cille, is ann freisin atá an Charraig chlúiteach ar a gceaptaí an Taoiseach ar Chlann Uí Dhomhnaill – suas go dtí an 16ú céad.

B’ansin a bronnadh an teideal ársa sin ar Aodh Rua Ó Domhnaill, fear atá sa nuacht an tseachtain seo agus é á cheiliúradh i Valladolid na Spáinne.

Fág freagra ar 'Tá caitheamh aimsire nua agam anois, is cosúil – na toibreacha beannaithe'

  • Pádraig Mac An tSaoir

    An – spéisiúil. Beidh fáilte romhat chuig Tobar Naomh Olcán I gCreamhchoill, Contae Aontroma ar bhruach Loch nEachach. Téigh i dteagmháil ar Ríomhphost má bhíonn tú sa cheantar, a Mháiréad

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Go raibh maith agat! Tháinig go leor eolais faoi na toibreacha chugam inniu. M