Tá bróga Kanye West ar fáíl mar ‘dhuais’…má bhí tú sásta €220 a íoc orthu

Tá cleasaíocht chliste margaíochta ar bun a thugann ‘cead’ do dhuine bróga atá deartha ag an réalta rap a cheannach

Tá bróga Kanye West ar fáíl mar ‘dhuais’…má bhí tú sásta €220 a íoc orthu

Is beag duine a bheadh in acmhainn nó sásta €220 a íoc ar phéire bróga spóirt nó aclaíochta ach bhí an tóir chomh mór sin ar an dearadh nua de chuid Kanye West gur trí chrannchur amháin a gheofá cead iad a cheannach.

Fógra ar na meáin shóisialta ag siopa faisin Brown Thomas i mBaile Átha Cliath a tharraing m’aird ar an díolachán speisialta seo.

Cheapfá ar dtús gur seafóid ar fad a bhí ann, ach is léir gur cleas cliste margaíochta ab ea é le haird an phobail a tharraingt ar an siopa agus ar na bróga.

Ba léir go ndearnadh cinneadh gan ach líon teoranta den dearadh áirithe seo a chur ar an margadh, mar chéad chéim, ar aon nós. Ní fhéadfaí iad a cheannach gan dul san iomaíocht trí chrannchur ar líne. Ba ghá clárú ar leathanach de chuid an tsuímh ghréasáin ag Brown Thomas, do shonraí teagmhála a thabhairt agus tomhas na mbróg a bhí uait a shonrú. Bhí seacht gcinn de théarmaí agus coinníollacha ag baint leis an gcrannchur.

Dhá lá a mhair ‘an iomaíocht’ sular roghnaíodh na ‘buaiteoirí’ a mbeadh ‘cead’ acu €220 a íoc ar an dearadh nua seo ón gceoltóir rap is cáiliúla ar domhan. Tugadh le fios dóibh an lá ina dhiaidh sin gur orthu a bhí an t-ádh agus go mbeifí sásta glacadh lena gcuid airgid ach iad a theacht chomh fada leis an siopa laistigh de dhá lá!

Ar ndóigh, bíonn daoine i gcónaí ag lorg rudaí atá eisiach nó neamhchoitianta; a bheith ar an gcéad duine leis an iPhone is deireanaí, an Ferrari dearg nó an gúna is déanaí a dhear Victoria Beckham. Agus bíonn daoine ag lorg margaí freisin – sin an chúis go mbíonn scuainí lasmuigh de shiopaí áirithe le táirgí ar leith a fháil sna sladmhargaí.

Iarracht a bhí sa chrannchur ag Brown Thomas forbairt a dhéanamh ar an gcineál sin margaíochta. Bhí líon teoranta den táirge ‘speisialta’ seo le díol acu agus thuig siad go spreagfadh sin daoine áirithe le dul san iomaíocht. Ar a laghad, bhí an crannchur ar líne níos ciallmhaire ná tabhairt ar dhaoine dul i scuaine sa bhfuacht nó sa mbáisteach thar oíche.

Ceist eile ar fad é an fiú €220 a íoc ar phéire bróga aclaíochta. Is cosúil go bhfuil oiread daoine ann atá sásta sin a dhéanamh go gcaithfidh siad dul i gcomórtas le chéile don ‘duais’ seo. Agus tá daoine in amhras an bhfuil an Tíogar Ceilteach fillte orainn arís!

Ar ndóigh, is mar chumadóir, mar amhránaí rap agus mar fhear céile Kim Kardashian atá cáil dhomhanda ar Kanye West. Is annamh nach mbíonn scéalta faoi sa nuacht agus bhíodar ann go tréan le cúpla mí anuas, idir chinn a bhí bréagach agus cinn a bhí fíor. Dúradh go raibh sé le colscaradh a fháil (bréagach), gur chas sé le Donald Trump (fíor) agus go raibh fadhbanna meabhairshláinte aige (bhí cliseadh de chineál éigin aige, is cosúil). Tá a cháil mar dhearthóir faisin ag dul i méid le roinnt blianta anuas agus is dá thoradh sin a bhí daoine sásta €220 a íoc ar phéire bróga aclaíochta a dhear sé don chomhlacht Adidas.

Ach fiú an té a bheadh sásta an t-airgead sin a íoc bheadh sé d’uireasa na mbróg speisialta seo mura mbeadh an t-ádh air sa chrannchur.