Tá briseadh croí agus ardú croí ag baint le Silverton Siege

Tugtar léargas sa saothar is déanaí ó Netflix ar an léigear a chur tús leis an bhfeachtas Nelson Mandela a shaoradh 

Tá briseadh croí agus ardú croí ag baint le Silverton Siege

Silverton Siege
Stiúrthóir: Mandla Dube
Cliar: Thabo Rametsi, Noxolo Dlamini, Stefan Erasmus, Johan Langerman, Elani Dekker, Michelle Mosalakae

Téann buíon armtha isteach i mbanc; seasann duine acu ar dheasc i lár an tseomra mhóir, scaoileann sé urchar san aer agus fógraíonn dona bhfuil i láthair nach aon robáil bainc atá i gceist. Táimid san Aifric Theas i mí Eanáir na bliana 1980 agus léigear Silverton faoi lán seoil. Tugann an fadscannán is déanaí ó cheárta Netflix cuntas ar eachtraí fuilteacha an lae úd in Pretoria, eachtraí a chur tús, trí thimpiste, leis an bhfeachtas Nelson Mandela a shaoradh.

Mar is dual do shaothar den saghas seo tá carachtair agus sonraí áirithe athruithe ar mhaithe na drámaíochta. 

Táimid i ré na cinedheighilte agus is trodaithe ar son na saoirse iad Calvin Khumalo (Rametsi), Mbali Terra Mabunda (Dlamini) agus Aldo Erasmus (Erasmus). Deir tráchtaireacht Kumalo linn gur tharraing siad an gunna chucu féin i ndiaidh éirí amach Soweto in 1976.

Címid iad ag prapáil le hionsaí buamála a dhéanamh ar stáisiún cumhachta Rooiwal. Agus iad ar tí an ruathair a dhéanamh buaileann amhras Khumalo agus teitheann siad le póilín Langerman sna sála orthu. Ní foláir nó gur sceith duine éigin orthu agus tá téama an bhrathadóra ina bhlúiríní tríd an saothar. Ritheann siad isteach sa bhanc ar thóir tearmainn. Saothar gialla atá againn as sin amach rud a fhágann gur trí fhocla na gcarachtar is mó a fhaighimid blaiseadh ar shaol na linne. 

Ní nach ionadh sí chinedheighilt príomhthéama an scannáin agus déantar í a chíoradh sna carachtair agus comhráití éagsúla i suíomh clástrafóibeach an bhainc.

 

Deir an tráchtaireacht linn gurbh í an Aifric Theas an tír ba éagothroime ar domhan ag am. 

Léirítear an triúr trodaí mar dhaoine uaisle a mheas nach raibh an dara rogha acu ach dul i muinín an fhoréigin. Tráchtann siad ar an gcos ar bolg a imríodh orthu agus foréigean a d’fhulaing sin. Tá cuid na carachtair bhána, Langerman agus Christine (iníon an aire dlí is cirt) báúil leo ach tá carachtair bhána eile ciníoch go smior. 

Tuigtear dúinn go bhfuil deireadh i ndán don réimeas cinedheighilte seo. Deich mbliana i ndiaidh eachtraí an scannáin seo is ea toghadh Nelson Mandela mar uachtarán. Tugann Christine a paiste cainte féin faoi chiníochas a muintire agus tugann bean de chine measctha (Mosalakae) cur síos mothúchánach ar a tógaint féin. Cé go raibh cuid de na comhráití seo ciotach in áiteanna bhí a gcumhacht agus léargais féin ag baint leo. 

Tugann an chliar ar fad, Rametsi go háirithe, taispeántais bhreátha, inchreidte uathu. Is deas mar a deineadh an scéal an scannáin a insint i dtrí theanga agus na carachtair ag caint go nádúrtha i mBéarla, Sotho agus Afracáinis. Cé go mb’fhéidir nach bhfuil sonraí an scéil ar eolas ag an lucht féachana tá a fhios acu go rímhaith nach í an chríoch shona atá i ndán don triúr cráite misniúil seo. Tuigimid gur laethanta mar seo a bhí mar chreill bháis don chinedheighilt. 

Tá briseadh croí agus ardú croí ag baint le Silverton Siege.

Fág freagra ar 'Tá briseadh croí agus ardú croí ag baint le Silverton Siege'