‘Tá bithiúnach d’uachtarán agus bithiúnach de cheannaire sa Seanad againn’ – Nancy Pelosi

Tá ag géarú ar an nimh agus ar an aighneas in Washington roimh thriail Donald Trump sa Seanad

‘Tá bithiúnach d’uachtarán agus bithiúnach de cheannaire sa Seanad againn’ – Nancy Pelosi

I ngéire atá an ghangaid ag dul in Washington i ndiaidh tháinseamh Donald Trump i dTeach na nIonadaithe.

Vótáladh i dTeach na nIonadaithe in Washington go luath maidin inniu, am na hÉireann, go ndéanfaí táinseamh ar an Uachtarán Donald Trump, an tríú huachtarán ar Mheiriceá ar tharla a leithéid dó.

Cuirfear Trump ar a thriail anois sa Seanad, gníomh stairiúil a shocróidh an bhfanfidh Trump ina uachtarán nó an ndíbreofar as oifig é roimh thoghchán na bliana seo chugainn.

Is dóichí nach gciontofar Trump sa Seanad mar gur ag na Poblachtánaigh atá an móramh sa Seanad agus teastaíonn tacaíocht dhá dtrian de na seanadóirí lena ruaigeadh.

Níl aon amhras, áfach, ach go gcuirfidh an triail go mór leis an nimh agus an t-aighneas sa tír de bharr uachtaránacht chonspóideach dheighilteach Trump.

Tá ag éirí idir an dá thaobh cheana féin faoin gcéad chéim eile sa phróiseas táinsimh.

Faoi spéicéir an tí Nancy Pelosi atá sé anois na hairteagail táinsimh a chur faoi bhráid an tSeanaid agus ‘bainisteoirí táinsimh’ a roghnú don triail ansin.

Dúirt Pelosi nach ndéanfadh sí a leithéid nó go mbeadh téarmaí na trialach socraithe agus í go mór in amhras faoi iontaofacht Mitch McConnell, ceannaire na bPolachtánach sa Seanad. 

“Tá súil againn go mbeidh cothrom na Féinne i bhfeidhm sa triail seo agus go léireoidh siad meas ar an mBunreacht.

“Mheabhraigh sé dom gur thuig na bunaitheoirí agus an bunreacht á scríobh go bhféadfadh bithiúnach d’uachtarán a bheith ann. Ní dóigh liom gur smaoinigh siad go bhféadfadh bithiúnach d’uachtarán agus bithiúnach de cheannaire sa Seanad a bheith ann ag an am céanna,” arsa Nancy Pelosi.

Dúirt Mitch McConnell go raibh táinseamh Trump ar an gceann is “mífhéaráilte” riamh. Mháigh sé gur lig na Daonlathaigh dá “bhfearg” agus dá gclaontacht “fasach nimhneach a bhunú a mhairfidh go ceann i bhfad”.

Dhá airteagal táinsimh a cuireadh faoi bhráid na nIonadaithe – mí-úsáid na cumhachta agus bac ar obair Theach na nIonadaithe.

Caitheadh vóta ar an dá airteagal, ceann i ndiaidh an chinn eile. Vótáil móramh, 230-197, ar son an chéad airteagail, mí-úsáid chumhachta agus vótáil móramh, 229-198, ar son an dara ceann, bac or obair an Tí.

Níor chuir ach dhá ionadaí de chuid na nDaonlathach i gcoinne an airteagail faoi mhí-úsáid chumhachta agus vótáil na Poblachtánaithe go léir ina choinne.

Maidir leis an dara cúis, bac ar obair Theach na nIondaithe, sheas triúr Daonlathach ina coinne leis na Poblachtánaigh. 

Bhí Feisirí pháirtí na nDaonlathach ag líomhain go raibh an tUachtarán ciontach i ‘mórchionta agus oilghníomhartha’ nuair a chuir sé brú ar údaráis na hÚcráine amhras a chaitheamh ar chúrsaí gnó Joe Biden agus a mhic ar mhaithe lena fheachtas uachtaránachta féin.

Le linn na díospóireachta teasaí roimh an vótáil, dúirt Spéicéir an Tí Nancy Pelosi nach raibh aon rogha ann ach Trump a tháinseamh.

Mhaígh Poblachtánaigh gur feachtas claonpháirteach géarleanúna a bhí ar siúl ag na Daonlathaigh in aghaidh an uachtaráin mar go raibh imní orthu nach bhféadfaidís an ceann is fearr a fháil air sa toghchán.

Faoin mBunreacht is féidir le Teach na Comhdhála Uachtarán, leasUachtarán nó oifigeach sibhialta eile a chur as oifig má vótálann dóthain reachtóirí ar son a gciontaithe i ‘tréas, breabaireacht, nó mórchionta agus oilghníomhartha eile’.

Tá na Daonlathaigh ag cur i leith an Uachtaráin Trump gur chuir sé brú ar rialtas na hÚcráine fiosrúchán a fhógairt go poiblí i gcúrsaí gnó Biden sa tír sin, fógra a d’fhéadfadh a ghabháil chun tairbhe dó féin ó thaobh na polaitíochta de i Meiriceá.

Maítear gur dhiúltaigh Trump cúnamh míleata a bhí ceadaithe ag Teach na Comhdhála don Úcráin a thabhairt dóibh agus gur dhiúltaigh sé cruinniú a eagrú le hUachtarán nua na hÚcráine Volodymyr Zalensky, sa Teach Bán mura ndéanfadh sé an fiosrúchán faoi Biden a fhógairt.

Dé Máirt chuir an tUachtarán Trump litir ghangaideach sé leathanach go dtí an Spéicéir Nancy Pelosi, inar cháin sé go fíochmhar an fiosrúchán táinsimh. Dúirt sé nach ndearna sé féin aon rud as bealach agus go n-íocfadh na Daonlathaigh go daor as an gcás seo in 2020.

“Is dian an breithiúnas a thabharfaidh na glúnta inár ndiaidh oraibh agus ar an gcur i gcéill seo de tháinseamh atá ar siúl agaibh,” a dúirt an tUachtarán Trump ina litir.

Lean Trump de bheith ag déanamh beag is fiú dá tháinseamh inniu agus ionsaithe fíochmhara á ndéanamh aige ar na ‘Daonlathaigh Dhíomhaoine’, mar a thugann sé ar an bpáirtí Daonlathach.

Fág freagra ar '‘Tá bithiúnach d’uachtarán agus bithiúnach de cheannaire sa Seanad againn’ – Nancy Pelosi'