Dhá chúis táinsimh i gcoinne an Uachtaráin fógartha ag na Daonlathaigh

Bheadh Donald Trump ar an tríú huachtarán ar Mheiriceá a vótálfaí ar son a tháinsimh i dTeach na nIonadaithe

Dhá chúis táinsimh i gcoinne an Uachtaráin fógartha ag na Daonlathaigh

Tá dhá chúis táinsimh á gcur i leith Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump.

D’fhógair an páirtí Daonlathach inniu an dá airteagal táinsimh atá á gcur acu – mí-úsáid na cumhachta agus bac ar obair Theach na nIonadaithe.

Fágann fógra an lae inniu go bhféadfadh Donald Trump a bheith ar an tríú huachtarán ar Mheiriceá a ndéanfaí é a tháinseamh i dTeach na nIonadaithe. Thug Andrew Johnson agus Bill Clinton na cosa leo as na hiarrachtaí a rinneadh iad a tháinseamh.

Dá nglacfadh móramh i dTeach na nIonadaithe le táinseamh Trump, chaithfeadh móramh dhá thrian tacú leis an iarracht sa Seanad, mar a bhfuil móramh ag na Poblachtánaigh.

Jerry Nadler, cathaoirleach Choiste Bhreithiúna Theach na nIonadaithe a d’fhógair na hairteagail táinsimh inniu, trí mhí ó cuireadh tús leis an bhfiosrúchán faoin mí-iompar atá curtha i leith Trump.

Líomhnaítear gur bhain Trump mí-úsáid as oifig na huachtaránachta nuair a choinnigh sé cúnamh slándála ón Úcráin le brú a chur orthu fiosrúchán a dhéanamh faoina chéile comhraic polaitiúil, Joe Biden.

Tá na líomhaintí go léir séanta go láidir agus go minic ag Trump agus maíonn sé gurb amhlaidh go bhfuil na Daonlathaigh ag déanamh géarleanúint air.

Tvuíteáil sé na focail ‘witch hunt’ i mbloclitreacha go gairid i ndiaidh fhógra an lae inniu.

Dúirt cathaoirleach Choiste Faisnéise Theach na nIonadaithe Adam Schiff go raibh drogall orthu dul i muinín an táinsimh ach nach raibh aon rogha acu.

“An argóint seo ‘cén fáth nach bhfanann sibh, is ionann í agus a rá ‘cén fáth nach dtugann sibh deis eile dó dul i mbun calaoise i dtoghchán eile?

“Cén fáth nach ligeann sibh dó calaois a dhéanamh uair amháin eile? Cén fáth nach ligeann sibh dó cúnamh eachtrannach a fháil uair amháin eile? Sin atá i gceist leis an argóint áirithe sin,” arsa Schiff.

Dúirt Jerry Nadler, cathaoirleach Choiste Bhreithiúna Theach na nIonadaithe go raibh an tír curtha i mbaol ag an Uachtarán.

“Nuair a dhéanann sé feall ar an iontaoibh a cuireadh ann agus nuair a chuireann sé é féin chun cinn ar an tír agus nuair a chuireann sé an bunreacht i mbaol, cuireann sé an daonlathas agus tír seo againne i mbaol,” arsa Nadler.

Fág freagra ar 'Dhá chúis táinsimh i gcoinne an Uachtaráin fógartha ag na Daonlathaigh'