Tá baictéir ar ár gcraiceann ár gcosaint in aghaidh ailse chraicinn

Cluintear go leor faoi na baictéir is siocair le galair éagsúla an duine.  Ach tá baictéir eile atá tábhachtach ó thaobh sláinte de

Tá baictéir ar ár gcraiceann ár gcosaint in aghaidh ailse chraicinn

Tá baictéir a bhíonn ag cur fúthu ar ár gcraiceann ag tabhairt cosanta dúinn ar an ailse, de réir tuairisc a foilsíodh san iris Science Advances ar na mallaibh.  Taispeánann an staidéar seo cé chomh tábhachtach dár sláinte agus atá cumann na mbaictéar ar chorp an duine.

Cluintear go leor faoi na baictéir is siocair le galair éagsúla an duine.  Ach tá baictéir eile atá tábhachtach ó thaobh sláinte de.  Cuir i gcás, tá baictéir sa ghoile tábhachtach chun leas a bhaint as an mbia agus vitimíní a tháirgeadh.

Tá baictéir éagsúla – cumann baictéar – ar chraiceann an duine.  Staphyllococcus epidermidis, Staphylococcus hominis agus baictéir nach iad le fáil ar chraiceann folláin.  Ach bíonn baictéir eile cosúil le Staphylococcus aureus ar chraiceann daoine eile, ar chraiceann na ndaoine sin a mbíonn deirmitíteas orthu, mar shampla.

Tá cumann na mbaictéar ar chraiceann an duine ag brath ar na caidrimh cheimiceacha idir na baictéir éagsúla.  Tá antaibheathaigh ina gcuid lárnach den chaidreamh.  Cuireann na ceimiceáin bheaga seo isteach ar bhaictéir eile sa chumann agus mar sin ní bhíonn speiceas amháin ag fás gan smacht.

Tá na hantaibheathaigh a tháirgtear tábhachtach chun baictéar cosúil le Staphyloccous aureas a choinneáil faoi smacht sa chorp.

Coinníonn na móilíní seo cothromaíocht sa chumann baictéar ar an chraiceann.  De réir na tuairisce nua bíonn an baictéir Staphyllococcus epidermidis ag táirgeadh móilín faoi leith a chuireann cosc ar chealla ailse fás sa chraiceann. 

Ní rabhthas ag súil leis an bhfionnachtain seo.  Ag tús an staidéir bhí an fhoireann – atá lonnaithe in Ollscoil California, San Diego – ag cuardach antaibheathaigh úra a tháirgeann an baictéar Staphyloccous epidermidis.  Tháinig siad ar an 6-N-hydroxyaminopurine (6-HAP).  Tá 6-HAP cosúil leis an adainín (A) sa mhóilín DNA.

Toisc go bhfuil 6-HAP cosúil le hadainín ó thaobh struchtúir de, measadh go gcuirfeadh 6-HAP cosc ar a mhacasamhail DNA. 

Táirgtear cóip iomlán den DNA sula scoilteann an chill.  Rinne an fhoireann turgnamh chun a fháil amach an mbeadh 6-HAP ag cur isteach ar a mhacasamhail DNA i gcealla éagsúla.

Úsáidtear cealla ailse chun a fháil amach an gcuireann móilíní isteach ar mhacasamhail DNA sa tsaotharlann. Bíonn na cealla seo ag deighilt go gasta agus go buan sa tsaotharlann.

Nuair a cuireadh cealla ailse ar maos le 6-HAP chuir sé cosc ar mhacasamhlú DNA, ach níor chuir sé isteach in aon chor ar mhacasamhlú DNA i gcealla nár chealla ailse iad.

Chun a fháil amach an gcuirfeadh an móilín isteach ar chealla ailse sa chorp, instealladh lucha a raibh meileanóma orthu le 6-HAP.  I ndiaidh coicíse bhí na cnapáin meileanóma 60% níos lú sna lucha a fuair 6-HAP i gcomparáid leis na lucha nach bhfuair an móilín.

Lena fháil amach an gcuirfeadh na baictéir féin cosc ar shiadaí ailse forbairt, cuireadh baictéir a tháirgeann mórán 6-HAP ag fás ar chraiceann luch a raibh ailse craicinn orthu.  Is lú go mór an líon siadaí a d’fhorbair ar na lucha sin ná mar a d’fhorbair ar na lucha a fuair baictéir nár tháirg 6-HAP.

Má bhíonn Staphyllococcus epidermidis ag táirgeadh 6-HAP agus ag cur cosc ar fhás siadaí i lucha, an bhfuil na baictéir ar chraiceann an duine ag táirgeadh an mhóilín chéanna? Tá!  Rinneadh scagadh ar an seicheamh DNA ó na baictéir éagsúla a chuireann fúthu ar chraiceann an duine.  D’aithin na taighdeoirí an seicheamh DNA ó na baictéir a tháirgeann 6-HAP.

Taispeánann an taighde seo go dtáirgeann baictéir móilíní a chuireann cosc ar fhorbairt ailse chraicinn.  Is léir go bhfuil cumann na mbaictéar ar chraiceann an duine daonna tábhachtach dár sláinte agus dár saol.

Fág freagra ar 'Tá baictéir ar ár gcraiceann ár gcosaint in aghaidh ailse chraicinn'