Tá áthas orm an deis seo a thapú sléacht an 7 Deireadh Fómhair a cháineadh…

Ní haon leithscéal d’aon sléacht a rá gur ‘tharla eachtraí uafáis i stair gach tíre ar domhan’

Tá áthas orm an deis seo a thapú sléacht an 7 Deireadh Fómhair a cháineadh…

Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil le léitheoirí Tuairisc.

Nuair a scríobh mé anseo le déanaí go raibh ‘sléacht Hamas ar shibhialtaigh Iosraelacha ar an 7 Deireadh Fómhair barbartha, brúidiúil, do-chosanta’ thuig léitheoirí áirithe go raibh mé ‘ag déanamh leithscéalta ar son Hamas’. Is ormsa an locht as ucht foclaíocht chomh hamscaí míshoiléir débhríoch sin a úsáid. Mar sin tá áthas orm an deis seo a thapú chun an dearcadh atá agam ar shléacht an 7 Deireadh Fómhair agus sléachtanna ar shibhialtaigh agus príosúnaigh cogaidh i gcoitinne a shoiléiriú.

Nuair a scríobh mé go raibh sléacht Hamas ar shibhialtaigh Iosraelacha ar an 7 Deireadh Fómhair ‘barbartha, brúidiúil, dochosanta’ is é a bhí i gceist agam ná go raibh sé barbartha, brúidiúil, mícheart, mhíchóir, mídhaonna, mímhorálta, neamhthrócaireach, náireach, diabhlaí, do-ghlactha, uafar, uafásach, scannalach, suarach, coiriúil, gránna, nár chóir é a bheith déanta acu agus nach bhfuil aon leithscéal ar a son. Aon uair eile a úsáidtear an focal ‘dochosanta’ san alt seo glactar leis go bhfuil sé ag seasamh don liodán iomlán aidiachtaí atá luaite san abairt roimhe seo.

Ba mhaith liom a shoiléiriú freisin go bhfuil na sléachtanna go léir a tharla le linn Uileloscadh na nGiúdach dochosanta. Bhí siad dochosanta nuair a bhí siad ag tarlú idir 1941 agus 1945. Bhí siad fós dochosanta cúig bliana déag níos déanaí nuair a chuir Iosrael gníomhairí leath bealaigh timpeall an domhain chun duine d’ailtirí an uileloiscthe, Adolf Eichmann, a fhuadach san Airgintín agus bhí siad fós dochosanta nuair a chiontaigh siad é agus nuair a chuir siad chun báis é i 1962 de bharr a choireanna. Agus bhí siad fós dochosanta 78 bliain níos déanaí nuair a thug an Ghearmáin iar-rúnaí i gcampa géibhinn os comhair cúirte faoina ról ann.

Bhí na sléachtanna a rinne Iosrael i gcoinne Palaistíneach le linn bhunú Iosrael dochosanta agus níor éirigh siad níos inchosanta sna blianta ó shin i leith nuair nach ndearna Iosrael aon rud chun na coirpigh chogaidh a bhí ar leac an dorais acu, agus a raibh aithne mhaith acu orthu, a thabhairt os comhair cúirte. Ach ar an taobh eile den scéal mar a dúirt léitheoir amháin ‘dá mbeadh eagla a gcraicinn orthu (na Palaistínigh) roimh bhrúidiúlacht an stáit Iosraelaigh, ní fhanfadh an oiread sin in Iosrael.’

Sea, tar éis an tsaoil níor theith ach 85% de na Palaistínigh a raibh cónaí orthu sa cheantar ina bhfuil Iosrael anois agus mar sin ní féidir go raibh an oiread sin sceimhle orthu! Agus má bhí bac rúndiamhair éigin ar an 85% sin filleadh abhaile ina dhiaidh sin chun vóta a chaitheamh san aon daonlathas amháin sa mheánoirthear, bhuel níl aon locht ar éinne eile faoin scéal sin.

Bhí an sléacht a rinne comhghuaillithe Iosrael, le cabhair Iosrael, ar na céadta nó b’fhéidir na mílte Palaistíneach i Sabra agus Shatilla i 1982 dochosanta agus bhí sé fós dochosanta gach bliain ó shin ar theip ar Iosrael ceart agus cóir a thabhairt dóibh siúd a maraíodh agus dá muintir.

Bhí an sléacht ar thagair léitheoir dó a rinne fórsaí Arabacha ar 15 príosúnach cogaidh Giúdach ag Kfar Etzion i 1948 dochosanta agus bhí gach sléacht eile dá leithéid a rinne Arabaigh nó Palaistínigh ar Ghiúdaigh dochosanta. Agus bhí an eachtra a luaigh léitheoir inar ‘mharaigh póilíní na Fraince thart ar 200 léirsitheoir Ailgéarach i bPáras i 1961 le linn dóibh a bheith ag léirsiú i gcoinne mhodhanna brúidiúla arm na Fraince san Ailgéir’ dochosanta.

An sléacht a rinne na Rúisigh ar na céadta sibhialtach ag Bucha in 2022,   eachtra ar scríobh mé fúithi cheana, inar mharaigh saighdiúirí Úcránacha ar a laghad príosúnach cogaidh Rúiseach amháin ach b’fhéidir níos mó, agus an sléacht a rinne fórsaí Mheiriceá ar na céadta sibhialtach ag Mai Lai i Vítneam i 1968, agus an sléacht a rinne Seirbigh ar 8000 Moslamach Boisniach ag Srebrenica i 1995 agus an sléacht a rinne fórsaí an tSaorstáit ar ochtar príosúnach Poblachtánach ag Bailte ó Síoda i 1923 agus na sléachtanna a rinne fórsaí na Breataine ar Dhomhnach na Fola agus ag Baile Uí Mhurchú agus an sléacht a rinne an tIRA ag Inis Ceithleann agus an sléacht a rinne an Fíor-IRA san Ómaigh, agus an sléacht a rinne an UVF ag Loch an Oileáin i 1994 – bhíodar sin ar fad dochosanta.

Agus ní haon leithscéal é gur ‘tharla eachtraí uafáis i stair gach tíre ar domhan’ i gcomhair sléachtanna, agus ní haon leithscéal é go raibh cogadh cathartha nó cogadh saoirse ar siúl nó go raibh leatrom á dhéanamh ar phobal. B’fhéidir i gcásanna áirithe go gcabhraíonn sé le míniú a fháil ar cén fáth gur tharla sé nó cén comhthéacs a bhí leis – ach ní leithscéal riamh é.

Géillim go bhfuil sléachtanna móra níos measa ná sléachtanna beaga, ach tá siad ar fad dochosanta. Géillim go bhfuil sléachtanna ina bhfulaingíonn na híospartaigh sula maraítear iad níos measa ná sléachtanna ina dtugtar bás tapaidh dóibh, ach tá siad araon dochosanta. Mar thuismitheoir mothaím go bhfuil sléachtanna ina maraítear páistí níos measa ná cinn ina maraítear daoine fásta amháin, ach tá siad araon dochosanta.

Níl sléachtanna a dhéantar ar son idé-eolaíocht a dtacaíonn muid léi níos inchosanta ná sléachtanna a dhéantar ar son idé-eolaíocht a bhfuil muid ina coinne.

Níl sléachtanna a dhéanann muidne nó ár gcomhghuaillithe níos inchosanta ná sléachtanna a dhéanann ár namhaid.

Níl sléachtanna a dhéanann daoine a shíltear, go feasach nó go comhfhiosach, a bheith ‘sibhialta’ níos inchosanta ná sléachtanna a dhéanann daoine a shíltear a bheith ‘barbartha’.

Níl sléachtanna a dhéanann Críostaithe nó Giúdaigh níos inchosanta ná sléachtanna a dhéanann Moslamaigh – agus vice versa.

Níl sléachtanna a dhéanann daoine geala níos inchosanta ná sléachtanna a dhéanann daoine de dhath – agus vice versa.

Chun é a rá i mbeagán focal: Tá Sléachtanna Dochosanta.

Tá súil agam go bhfuil sin soiléir.

Fág freagra ar 'Tá áthas orm an deis seo a thapú sléacht an 7 Deireadh Fómhair a cháineadh…'

  • Eithne O'Connell

    Ráite go maith agat, a Fhachtna. Agus tá an sléacht atá ar siúl anois i nGaza dochosanta. Tá sé thar am stopadh agus a gcearta a thabhairt dona Palaistínigh.