Tá áthas an domhain orm nach mbeidh mé sa bhaile um Nollaig…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Ní tráth éasca den bhliain é aimsir na Nollag do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ná dóibh siúd a thugann aire dóibh. Tá roinnt moltaí ag ár gcolúnaí – agus tá an leithleachas ar cheann acu

Tá áthas an domhain orm nach mbeidh mé sa bhaile um Nollaig…

Tá áthas an domhain orm nach mbeidh mé sa bhaile um Nollaig. (Ba chóir cosc a chur ar an Nollaig scun scan, dar liom, ach sin ábhar do cholún éigin eile.)

Is é an chaoi gur shocraigh muintir mo mháthar, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, gur mhaith an smaoineamh é go gcaithfidís uilig Lá Nollag i dteach mo mháthar. Mar a dúirt col ceathrair amháin le col ceathrair eile, a dúirt le mo dheartháir óg é: ‘Seans gurb é an uair dheireanach a bheas ann!’

Gan amhras, ní hé sin a cheapaim féin – nó dhéanfainn iarracht a bheith i láthair, in ainneoin gur dáta í an Nollaig nach raibh tábhacht léi riamh sa teach inar fhás mé aníos.

Dháréag, ar a laghad, a bheas ag tuirlingt ar theach mo mháthar Lá Nollag. Chuile dhuine lena shaol agus lena chuid fadhbanna pearsanta féin. Duine amháin a bhfuil uathachas air agus duine eile a bhfuil neamhord dépholach uirthi ina measc. Gan trácht, ar ndóigh, ar an duine a bhfuil galar Alzheimer uirthi.

Ceann de na rudaí is deacra do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu ná a bheith i gcomhluadar mór. Bíonn deacrachtaí ag mo mháthair comhrá a choinneáil le duine amháin, is ar éigean a éiríonn léi coinneáil suas leis an gcomhrá nuair a bhíonn beirt i mbun comhrá léi ag an am céanna, agus bíonn sí caillte ar fad sa chomhrá nuair a thosaíonn an bheirt sin ag caint eatarthu féin. Dháréag ag caint ag an am céanna? Tá faitíos orm go mbeidh fonn ar mo mháthair éalú amach as an teach.

An comhluadar a choinneáil beag ceann de na moltaí is minice a thugtar do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer ar ghaol nó cara leo. Sa chás go bhfuil sin curtha as an áireamh, tugann siúlóid amuigh faoin aer suaimhneas aigne do dhuine ar bith – ach is mó fós a bhíonn an suaimhneas sin de dhíth ar dhuine nach bhfeidhmíonn a haigne i gceart.

Tá seanalbaim ghrianghraf, amhráin, agus go deimhin bia nach gcruthóidh deacrachtaí do dhaoine nach bhfuil oiread smachta acu ar ghluaiseachtaí a lámh i measc na moltaí Nollaigiúla eile a thugtar do dhaoine a mbeadh galar Alzheimer ar ghaol nó cara leo agus ba mhaith liom iad a roinnt anseo. Dar liom, seo í an chomhairle is tábhachtaí atá ag na saineolaithe, áfach: ní mór do dhaoine a bheadh ag tabhairt aire do dhuine a bhfuil galar Alzheimer air aire a thabhairt dóibh féin.

Agus sin é, go deimhin, a dhéanfaidh mé féin an Nollaig seo. Thug mé aire do mo mháthair gach lá ar feadh tréimhse trí mhí i mbliana, agus tabharfaidh arís an bhliain seo chugainn. Gan dabht, glacfaidh mé páirt sna himeachtaí Nollaigiúla atá á mbeartú i dteach mo mháthar i bhfoirm físghlaoigh nó dhó. B’fhéidir go bhfuil cuma fhuarchroíoch nó fiú leithleasach air seo, ach is mór an faoiseamh dom é go mbeidh sé de shaoráid agam crochadh suas nuair a bheidh na glaonna sin thart.

Fág freagra ar 'Tá áthas an domhain orm nach mbeidh mé sa bhaile um Nollaig…'

  • Emer Ní Ronáin.

    Ceart agat Alex, tá do chuidse déanta. Nollaig shona! Tá an-shuim agam sa tuairim gur cheart an Nollaig a cosc,