“Brúidiúil, gan ciall ná réasún leis.” B’in é cur síos an PSNI ar mharú Karen Cummings is iad ag cur tús le fiosrú dúnmharaithe.
Frítheadh an t-altra leanaí, máthair beirte, 40 bliain d’aois, ina teach i nDroichead na Banna tráthnóna Dé Sathairn seo caite is í gortaithe go dona sa chloigeann. Fuair sí bás ag an láthair. Mhol a comhghleacaithe san roinn péidiatraice in ospidéal Daisy Hill ar an Iúr go hard í agus dúirt an tIontaobhas Sláinte go raibh ardmheas uirthi. I measc na ndaoine a leag bláthanna in ómós di ag láthair a báis bhí daoine a raibh a bpáistí i measc na n-othar ar thug sí aire dóibh.
Beidh bigil in ómós di agus in éadan an fhoréigin in aghaidh na mban i nDroichead na Banna san oíche amárach, Déardaoin, páirtithe uilig na Comhairle ag tacú léi agus leis an gcarthanacht Women’s Aid.
Ba í Karen an seachtú bean a maraíodh i dTuaisceart Éireann i mbliana agus an 25ú bean a maraíodh le ceithre bliana anuas.
Ó d’fhógair an Feidhmeannas in Stormont straitéis chun a dhul i ngleic le banmharú, foréigean in aghaidh mná agus cailíní sa bhaile agus lasmuigh tá triúr ban maraithe. Léiríonn figiúirí oifigiúla don bhliain seo caite, 2023, go bhfuair na póilíní tuairiscí faoi 33,000 eachtra foréigean baile. Eipidéim a ghlaoigh Brendan McNally ar fhorleithne na n-ionsaithe ar mhná.
Maraíodh a dheirfiúr Natalie McNally dhá bhliain ó shin agus tá an teaghlach gníomhach i bhfeachtais in aghaidh an fhoréigin; rinne siad siúlóid ón Lorgain go Páirc an Chrócaigh lá an chluiche ceannais peile chun aird a tharraingt ar an bhfadhb agus airgead a bhailiú do charthanachtaí. Chuir Brendan McNally an ráta ard ionsaithe ar mhná i gcomparáid lena thaithí ar fhoréigean na dTrioblóidí a bhí ag druidim chun deiridh le linn a óige.
Is scanrúil an tsamhail é ach ní áibhéil é. Tá Tuaisceart Éireann ar an réigiún is contúirtí do mhná agus páistí in iarthar na hEorpa. Tá an PSNI agus an Feidhmeannas in Stormont tiomanta dá bhfeachtais in aghaidh an fhoréigin seo. Mar sin féin is ag dul in olcas atá an scéal. Deir nach mór gach duine a chastar ort go bhfuil sé do-ghlactha ach dá ainneoin sin is annamh a thugann gaolta foláireamh nó nod do chompánach nua go bhfuil drochstair ag buachaill/fear. Is annamh freisin a bhíonn sé soiléir do chiontóir go mbeidh a chuid iompair ar an taifead go poiblí agus fáil air go héasca.
Fíor-annamh a bhíonn faitíos ar chiontóirí go gcaithfidh siad blianta i bpríosún. Agus má chuimhnímid ar an marcach a cúisíodh as dúnmharú Katie Simpson chímíd go ndéantar beag is fiú de thaifead coiriúil as ionsaí ar bhean uaireanta; eagraíodh cóisir chun fáilte abhaile a chur roimhe tar éis téarma príosúin as ionsaí ar bhean eile blianta sular mharaigh sé Katie.
Ní leor straitéis oifigiúil phoiblí gan rannpháirtíocht an phobail fré chéile. Is bocht an scéal é go mbeifear ag déanamh talamh slán de an tseachtain seo go n-ionsófar líon mór ban agus páistí le linn na Nollag. Más ólachán, drugaí, luí leis an ansmacht nó strus ar chúiseanna eile faoi ndear é tá a fhios againn uilig go dtarlóidh sé. Go dtí go mbeidh sé soiléir nach nglacfaidh an tsochaí leis an iompar brúidiúil sin is baolach nach smachtófar é. Sea tá oideachas riachtanach, soiléire faoin nimh atá á spalpadh amach ar shuíomhanna idirlín áirithe, dea-shampla, cúisimh agus pianbhreith a mbeidh éifeacht coisctheach aici ach caithfidh gaolta agus cairde lucht an fhoréigin a léiriú go soiléir freisin go bhfuil a mí-úsáid, a gcoiriúlacht do-ghlactha.
Fág freagra ar 'Tá an Tuaisceart ar an áit is contúirtí do mhná agus páistí in iarthar na hEorpa…'