Deacair a bheith dearfach faoi chúrsaí aeráide na laethanta seo: toghadh an Trumpaigh i dtús na míosa, agus sna sála air sin an teip ar an gcomhdháil aeráide COP29 i gcathair Baku.
Teip? Is dócha go bhféadfadh cúrsaí a bheith níos measa – ba bheag nár thit an chomhdháil as a céile uilig nuair a shiúil na hoileántíortha agus na tíortha is boichte amach as na comhráite mar agóid. Ach is ar éigean gur féidir dul chun cinn a thabhairt ar ar aontaíodh sa deireadh.
300 billiún dollar sa bhliain (in ionad an 500 billiún a raibh súil leis, gan trácht ar an 1,000 billiún dollar a cheaptar a bhfuil gá leis dáiríre): sin é an cúnamh aeráide suarach atá tíortha saibhre an domhain sásta a thabhairt do na tíortha bochta – agus sin ón mbliain 2035 ar aghaidh, ní ar an bpointe boise.
Gan dabht is iad na tíortha saibhre is cúis leis an athrú aeráide den chuid is mó agus ar an mórgóir is iad na tíortha bochta is mó a bhíonn thíos leis.
Ní hamháin sin ach níor aontaíodh aon chéimeanna nua chun srian a chur leis na gáis is cúis le téamh an domhain, agus ní dhearnadh tagairt ar bith don ‘droim láimhe a thabhairt do bhreoslaí iontaise’, pointe tábhachtach a aontaíodh ag comhdháil aeráide na bliana seo caite.
Bhuel, b’fhéidir nach bhféadfaí a bheith ag súil lena leithéid ag comhdháil a eagraíodh i dtír a bhfuil a stair fite fuaite leis an ola: ‘bronntanas ó Dhia’ a thug uachtarán na hAsarbaiseáine, Ilham Aliyev, ar an ola agus ar an ngás agus tús á chur aige leis an gcomhdháil.
Ar a laghad ar bith, is féidir a bheith ag súil le comhdháil níos dáiríre agus le torthaí níos fiúntaí an bhliain seo chugainn, nuair a eagrófar COP30 i gcathair Belém na Brasaíle, tír a tháirgeann ola, cinnte, ach ar cuid den ‘Domhan Theas’ í leis, agus a thuigeann deacrachtaí na dtíortha bochta sa chath i gcoinne thionchar athrú na haeráide dá bharr sin. Lena chois sin, buaileadh an Bhrasaíl í féin go dona i mbliana ag imeachtaí éagsúla adhaimsire arbh é an t-athrú aeráide ba chúis leo agus gan dabht tá an chuid is mó d’fhoraois na hAmasóine, scamhóga an domhain, laistigh de theorainneacha na tíre – breis is a dóthain cúiseanna ag an mBrasaíl chun iarracht a dhéanamh go leor a bhaint amach.
Anuas air sin ar fad, faoi cheann bliana, ar a laghad beidh a fhios cén treo a thógfaidh Donald Trump dáiríre maidir le cúrsaí aeráide, agus ní chaithfidh éiginnteacht maidir leis an gceist sin scáil ar COP30 mar a chaith ar chomhdháil na bliana seo.
Gach seans, mar sin, go mbeifear in ann an dul chun cinn nach ndearnadh in Baku a dhéanamh in Belém – ach cad is féidir a dhéanamh chun an misneach a choinneáil idir seo agus sin?
Gan éirí as na rudaí beaga agus móra a dhéanaimid gach lá chun srian a choinneáil lenár gcuid astuithe CO2 agus chun an timpeallacht a choinneáil glan, sin é a deir an Saoithín Aeráide. Má chaillimid an dóchas – má éirímid as ár gcuid iarrachtaí beaga féin toisc gur cuma sa sioc le mórchuid polaiteoirí – is ea is luaithe a thiocfaidh an tuar faoin tairngreacht.
Fág freagra ar 'Caithfear a bheith dóchasach go ndéanfar an dul chun cinn in Belém nach ndearnadh in Baku'