‘Tá an t-am gann is go leor le déanamh’ – Simon Harris tofa ina Thaoiseach

Gheall sé go mbeadh sé "ina Thaoiseach do chách" agus go n-oibreodh sé gach lá ar son leasa mhuintir na hÉireann agus ar son a mianta a gcur i gcrích

‘Tá an t-am gann is go leor le déanamh’ – Simon Harris tofa ina Thaoiseach

Tá Simon Harris, ceannaire nua Fhine Gael, atá 37 bliain, tofa ina Thaoiseach.

Tá sé ar an Taoiseach is óige ó bunaíodh an stát.

I nGaeilge a chuir Simon Harris tús lena chuid cainte nuair a fógraíodh an toradh.

“Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle agus go raibh maith agaibh as bhur gcuid vótaí. Buíochas le Peter [Burke], Heather [Humphreys] as na focail chineálta.”

Ghabh Harris buíochas ar leith leis an iarThaoiseach Leo Varadkar agus mhol sé a raibh bainte amach ag “a chomhghleacaí agus a chara” agus é ag tabhairt aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó a tháinig chun cinn ó bhunú an stáit.

Dúirt Harris ina dhiaidh sin gur comhpháirtíocht a bheadh sa rialtas aige bunaithe ar “mheas dá chéile.”

Dúirt Harris go raibh súil aige smaointe úra agus fuinneamh agus comhbhá nua a thabhairt leis chuig an ról agus go raibh sé ag iarraidh tacú leo siúd is mó ónar theastaigh cabhair an stáit.

Gheall sé go mbeadh sé “ina Thaoiseach do chách” agus go n-oibreodh sé gach lá ar son leasa mhuintir na hÉireann agus ar son a mianta a gcur i gcrích.

“Oibreoidh mé libh agus ar bhur son, agus ar son na tíre arb eol dom grá a bheith agaibh di. Taoiseach a bheidh ionam a bheidh sásta éisteacht,” a dúirt Harris.

88 Teachta Dála a vótáil ar son Harris agus 69 vóta a caitheadh ina choinne.

Thagair Harris chomh maith ina óráid do chúrsaí tithíochta – “an dúshlán eacnamaíochta agus sochaíoch is mó atá le sárú ag ár nglúin” – agus dúirt sé go raibh sé ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh maidir le cúrsaí sláinte agus ar son daoine atá faoi mhíchumas.

Thagair sé chomh maith don chogadh san Úcráin agus don “sléacht” a bhí á dhéanamh ar mhná agus ar ghasúir in Gaza.

Agus é ag críochnú a chuid cainte, chuir Harris béim arís ar an tábhacht a bhain le comhoibriú chun dul chun cinn a dhéanamh.

“Tá scéal na hÉireann lán le dóchas, ba é spiorad an mhisnigh a chothaigh muid nuair ba dhorcha an saol. Agus arís inniu, caithfimid a chinntiú go soilseoidh an misneach sin an ród ar aghaidh dúinn arís.”

Agus é tofa ag an Dáil, chuaigh Harris chuig Áras an Uachtaráin le go mbronnfadh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn séala oifige an Taoisigh air.

Tráthnóna inné a chuaigh Leo Varadkar chuig Áras an Uachtaráin chun a chur in iúl don Uachtarán go raibh sé ag éirí as mar Thaoiseach.

Agus Leo Varadkar ag déanamh a chuid cainte sa Dáil ar maidin, dúirt sé gur “tír iontach” í Éire agus go raibh an stát seo ar cheann “den ghlac bheag” stát “sa domhan” a bhfuil “an daonlathas seanbhunaithe agus seasmhach iontu”.

“Ní stát teipthe muid. Is stát iontach muid,” a dúirt Varadkar.

Bhí fainic ag an iarThaoiseach do lucht rialtais faoi bheith “rócháiréiseach”.

Agus é ag tagairt do na cinntí infheistíochta a rinneadh tar éis an chliseadh airgeadais, an Bhreatimeachta agus phaindéim an Covid-19, mhaígh sé go bhféadfadh na cinntí “faoi pholasaithe a bhfuil a dtoradh le feiceáil anois a bheith déanta dó nó trí de bhlianta roimhe sin”.

Thug sé rabhadh freisin faoin “athrú” atá ag teacht ar “an meon agus an díospóireacht pholaitiúil” agus faoin “treisiú agus an cothú atá á dhéanamh ar an bhfearg, an drochbhéas agus fiú an nimh.”

Is é an rud a spreagann formhór polaiteoirí “an fonn saol a bpobail a fheabhsú, pobal ar mór acu iad”, a deir sé.

Ghabh an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil buíochas i nGaeilge le Leo Varadkar as an “sárobair” a rinne sé mar Thaoiseach agus ghuigh sé “gach rath agus sonas” air sna blianta amach roimhe.

Dúirt Martin go raibh “plé tairbheach” aige le Simon Harris agus le ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, agus raibh sé ag súil le “comhoibriú fiúntach agus éifeachtach” sa tréimhse a bhí le teacht.

Mhol Eamon Ryan an obair a bhí déanta ag Leo Varadkar i dtaobh na heacnamaíochta, cúrsaí Breatimeachta agus an cheannaireacht a léirigh sé le linn na paindéime.

Dúirt Ryan go raibh a pháirtí tiomanta don chomhrialtas go deireadh a mhandáide.

Agus í ag labhairt roimh an vóta don Taoiseach nua, dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gur “síscéal” a bhí sa mhaíomh go raibh dul chun cinn déanta ag an Rialtas seo agus nach raibh i gceapachán Harris ach iarracht greim a choinneáil ar an gcumhacht.

“Seo arís muid agus an beart ina bhfuil eochracha oifig an taoisigh á chur thart geábh amháin eile.”

“Tá Simon Harris mar an gcéanna leis na daoine a chuaigh roimhe,” a dúirt McDonald i nGaeilge. “Tá géarghá le holltoghchán anois, tá géarghá le Rialtas nua.”

Dúirt McDonald nár chóir go mbeadh Harris ag dul chuig Áras an Uachtaráin tráthnóna chun a bheith ceaptha ina Thaoiseach ach [a bheith ag dul ann] chun an Dáil a chur ar lánscor agus olltoghchán a fhógairt.

Dúirt Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre nach raibh barr a cumais bainte amach ag Éirinn faoin Rialtas seo ná faoin gceann a chuaigh roimhe agus nach n-athródh “ainmchlár nua ar dhoras oifig an Taoisigh” é sin.

Fuinneamh nua agus cur chuige nua a bhí ag teastáil, a dúirt ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta, Holly Cairns, agus í ag rá nach mbeadh a páirtí ag tacú le hainmniúchán Harris mar Thaoiseach.

Mhol Danny Healy-Rae ón nGrúpa Neamhspleách Tuaithe a dheartháir, Michael Healy-Rae, mar Thaoiseach, moladh ar thacaigh an Teachta Mattie McGrath leis.

Leascheannaire Fhine Gael, Heather Humphreys, a mhol Simon Harris mar Thaoiseach sa Dáil ar maidin.

Dúirt sí gur cheap sí gur ar thuras scoile a bhí Harris nuair a chonaic sí é i dTeach Laighean den chéad uair ach gur mhór an onóir di a ainm a chur chun cinn mar Thaoiseach nua.

Dúirt Humphreys gurb é an t-aon chomhairle a thabharfadh sí do Harris ná éisteacht lena athair, Bart, tiománaí tacsaí, mar gur minic a bhíonn a fhios acusan céard a bhíonn ag cur as do dhaoine.

Fág freagra ar '‘Tá an t-am gann is go leor le déanamh’ – Simon Harris tofa ina Thaoiseach'