Tá an rialtas seasmhach go maith ach tá baol achrainn ann i gcónaí

Sna míonna seo romhainn, níor mhór don rialtas nuaphósta seo tarraingt le chéile níos fearr ná mar atá faoi láthair

Tá an rialtas seasmhach go maith ach tá baol achrainn ann i gcónaí

Níor mhair an uain mheala i bhfad don rialtas seo. Ná mí na meala. Ar bhealach ní deacair a thuiscint go mbeadh corrshárú idir na páirtithe móra anois is arís, ag cur san áireamh go bhfuil siad in aon tíos go hoifigiúil ó 2020 agus go neamhoifigiúil ó mhí Bealtaine 2016 nuair a aontaíodh an comhaontú muiníne agus soláthair idir Fianna Fáil agus Fine Gael.

Tá a dtríú ceannaire sa tréimhse sin ag Fine Gael agus an fear céanna fós ar an stiúir ag Fianna Fáil. Comhartha seasmhachta ag páirtí amháin? Éiginnteacht sa bpáirtí eile? Is cinnte nach bhfuil an caidreamh idir Micheál Martin agus Simon Harris chomh geanúil agus a bhí an caidreamh idir ceannairí roimhe seo.

Céard a chiallaíonn sin do bhuanseasmhacht an rialtais go fadtéarmach? Sin í an cheist agus muid ag teannadh le sos an tsamhaidh, toghchán uachtaránachta agus próiseas buiséid. Léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil an fuinneamh a bhí luaite le ceapachán Simon Harris ídithe cuid mhór ag Fine Gael. Tá Fianna Fáil níos mó ná iad sa Dáil agus timpeall ar bhord an rialtais agus ní miste leo sin a chur i gcuimhne dóibh. Cothóidh sin míshuaimhneas idir na páirtithe agus is beag a theastódh le hachrann a tharraingt.

Dúirt an tiarThaoiseach Enda Kenny nuair a bronnadh céim oinigh air an tseachtain seo caite go bhfuil tábhacht ar leith le bheith in ann réiteach le daoine sa bpolaitíocht ionas nach gcuirfeadh na cinntí crua a bhíonn le déanamh agus na conspóidí a bhíonn le sárú an caidreamh polaitiúil de dhroim seoil. Sna míonna seo romhainn, níor mhór don rialtas nuaphósta seo tarraingt le chéile níos fearr ná mar atá faoi láthair.

Arís eile tá an tithíocht ar an bpríomhcheist pholaitiúil sa tír. Go deimhin tá an scéal amhlaidh le blianta fada anois in ainneoin gur éirigh le páirtithe an rialtais an dubh a chur ina bhán ar an bpobal le linn an fheachtais olltoghcháin faoi líon na dtithe atá dá dtógáil. Chuir an phraiseach a bhain le bunú an rialtais agus cearta cainte do neamhspleáigh moill ar aon obair a d’fhéadfadh a bheith déanta i rith an earraigh. Cuir leis sin an méid atá tarlaithe faoi bhunú oifige le polasaí tithíochta a chur i bhfeidhm agus an chonspóid anois faoi cheapadh príomhfheidhmeannaigh don oifig sin.

Is léir don phobal anois go bhfuil deacrachtaí ag an Stát réiteach a aimsiú ar an gceist seo agus is gearr go mbeidh an brú uathu ag méadú. I ndeireadh an lae gheall an rialtas go mbeidís in ann réiteach a aimsiú le linn na tréimhse seo agus go gcaithfidís níos mó dua le tithíocht ná aon cheist eile.

Tá an chuma ar an scéal anois go bhfuil siad ag caitheamh dua leis an dochar a bhaint as na drochscéalta a bhaineann le cás na tithíochta agus as teip leanúnach an stáit réiteach ar an bhfadhb a aimsiú.

Tá an rialtas seo seasmhach go maith. Tá móramh soiléir acu. Ní bheidh olltoghchán ann go ceann ceithre bliana mura dtarlaíonn tubaiste.

Mar sin féin, níl an tríú cos ar an stól chomh seasmhach agus a bhí sa Dáil deiridh. Agus tá an chosúlacht ar an dá cheannaire sna páirtithe móra gur furasta achrann a tharraingt eatarthu. Nuair a chuirtear an chorraíl idirnáisiúnta eacnamaíochta agus trádála san áireamh níl achrann ná tubaistí i bhfad uainn faoi láthair.

Gan trácht ar an gceist siúd nach bhfuil ag éirí leo dul i ngleic léi ar bhonn leanúnach anois ó chuaigh siad in aon tíos in 2016 – soláthar tithíochta do phobal na tíre.

Fág freagra ar 'Tá an rialtas seasmhach go maith ach tá baol achrainn ann i gcónaí'