Tá an pobal bréan de leithscéalta an rialtais faoin éigeandáil tithíochta

Bhí seachtain éasca eile ag an bhfreasúra agus mura dtagann athrú ó bhonn ar chúrsaí tithíochta íocfaidh páirtithe an rialtais as ag an gcéad toghchán eile

Tá an pobal bréan de leithscéalta an rialtais faoin éigeandáil tithíochta

Tá cúis amháin ann go bhfuil iriseoirí i nDáil Éireann ag súil le deireadh na bliana, nuair a thiocfaidh Leo Varadkar i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar Thaoiseach na tíre. Ní hé go n-aontaíonn tromlach na n-iriseoirí le polasaithe agus cur chuige Fhine Gael (d’ainneoin a ndeirtear ar Twitter fúinn), ach go bhfuil an Tánaiste (an-Taoiseach-sula i-bhfad) i bhfad níos béalscaoilte ná a chomhghleacaithe comhrialtais.

Má chuireann tú ceist dhíreach ar Leo Varadkar, gheobhaidh tú freagra lom – agus is minic go mbíonn spraoi nó scannal ann.

Mar a bheifeá ag súil leis, mar sin, thug Varadkar freagra spéisiúil nuair a cuireadh torthaí pobalbhreithe os a chomhair, torthaí a léirigh go bhfuil sciar maith de dhaoine óga na tíre seo ag smaoineamh ar dhul ar an mbád bán le saol níos fearr a bhaint amach dóibh féin.

‘Ábhar imní,’ a d’admhaigh Varadkar, ach bhí sé amhrasach go bhfaighfí cíos níos saoire i gcathracha mar Nua-Eabhrac, nó áiteanna eile. ‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ an foláireamh a tugadh d’aos óg na hÉireann, atá ar tí a bhfód dúchais a thréigean.

Ní mó ná sásta, dar ndóigh, a bhí na daoine óga nuair a foilsíodh ráiteas Varadkar, agus ní raibh aon drogall orthu é sin a chur in iúl dó ar na meáin shóisialta. Níor chabhraigh na figiúirí is déanaí ón suíomh idirlín tithíochta daft.ie a foilsíodh le linn na seachtaine: tháinig méadú 14% ar an meánchíos náisiúnta le bliain, ag féachaint ar na figiúirí contae, agus na háiteanna iargúlta faoin tuath inar tháinig an méadú is suntasaí.

Bhain sé seo an ghaoth as seolta an rialtais. Chuir siad fáilte chroíúil roimh na figiúirí is déanaí ón Roinn Tithíochta, agus an chuma ar an scéal go mbainfear spriocanna tithíochta 2022 amach roimh dheireadh na bliana. D’eagraigh an tAire Tithíochta Darragh O’Brien preasócáid ag forbairtí tithíochta chun aird a tharraingt ar an dea-scéal.

An tseachtain seo, áfach, a mhalairt de scéal a bhí fíor. Le linn díospóireachta teilifíse coicís ó shin, níor ghlac O’Brien le hargóint urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin, go bhfuil muid i lár “éigeandála” ó thaobh tithíochta de. Ritheadh rún sa Dáil an tseachtain seo á cháineadh.

I ráiteas a fuair mé ón Roinn Tithíochta agus mé ag lorg freagra ar thuarascáil daft.ie, rinneadh tagairt don sprioc sin (a chuir an oiread sin mórtais orthu seachtain ó shin) agus do bheartais eile atá curtha i bhfeidhm mar chuid den phlean ‘Tithíocht do Chách’. Dúradh nach féidir ach ardú 2% a chur ar an gcíos in aghaidh na bliana i “zóin” ar leith ar fud na tíre (a chuimsíonn 75% den tír, dar leis an Roinn), go bhfuil cosaint níos fearr ag tionóntaí faoi láthair, agus go bhfuil níos mó árasán ar phraghas réasúnta á gcur ar fáil i mbliana.

Ní raibh aon rud nua, faraor, sa ráiteas sin. Is deacair a chreidiúint nach féidir ach ardú 2% a chur ar chíos i 75% den tír nuair a tháinig méadú 14% ar an meánchíos le bliain anuas. Tá teipthe ar fhoighne an phobail – agus foighne na ndaoine óga – le ráitis agus leithscéalta an chomhrialtais ar an ábhar seo, agus mura dtagann athrú ó bhonn ar chúrsaí tithíochta sa tír seo, cuimhneofar ar an éigeandáil seo seo ag an gcéad toghchán eile.

Seachtain éasca eile ag an bhfreasúra agus iad ag cur fearg an phobail in iúl don rialtas. Seans go mbeidh airí rialtais ag féachaint anonn ar bhinsí an fhreasúra le linn na ndíospóireachtaí Dála inniu agus ag rá leo féin nach glas na cnoic i bhfad uathu…

Fág freagra ar 'Tá an pobal bréan de leithscéalta an rialtais faoin éigeandáil tithíochta'