‘Tá an díospóireacht thart, labhróidh muid ár dteanga dúchais’ – láithreoirí teilifíse sa Nua-Shéalainn ag seasamh an fhóid

Tá craoltóirí teilifíse agus raidió sa Nua-Shéalainn ag seasamh an fhóid maidir lena gcinneadh logainmneacha dúchais agus téarmaí Maoraise eile a úsáid i dtuairiscí nuachta agus craoltaí eile

‘Tá an díospóireacht thart, labhróidh muid ár dteanga dúchais’ – láithreoirí teilifíse sa Nua-Shéalainn ag seasamh an fhóid

Thosaigh an láithreoir Kanoa Lloyd, bean de shliocht na Maorach, ag úsáid logainmneacha dúchais i dtuar na haimsire ar TV3 na Nua-Shéalainne beagnach trí bliana ó shin.

Thugadh sí an t-ainm ‘Aotearoa’, ainm dúchais na Maorach ar a dtír féin, ar an Nua-Shéalainn agus is minic a d’úsáideadh sí ‘Te Ika-a-Maui’ agus ‘Te Waipounamu’ agus í ag trácht ar an dá oileán mhóra sa tír.

Ní mó ná sásta a bhí roinnt den lucht féachana nuair a thosaigh sí an nós seo, áfach, agus maíonn an craoltóir go bhfuil gearáin leanúnacha faighte aici ó 2015 faoin gcleachtas.

Tá sí anois ina láithreoir ar an gclár nuachta The Project NZ agus tá na téarmaí Maoraise fós in úsáid aici ar an gclár sin.  Tá a comhláithreoirí sa stáisiún, agus i stáisiúin eile, tosaithe ar an nós céanna anois.

Tuairim is bliain i ndiaidh do Llyod tosú ar an Mhaorais a úsáid ina tuairiscí, chinn iriseoirí in Radio New Zealand an teanga a úsáid agus iad ag cur deireadh lena dtuairiscí.

Úsáideann láithreoir de chuid TVNZ1, Jack Tame, an Mhaorais ar a chlár bricfeasta ar an stáisiún agus bíonn an cúpla focal ag Guyon Espiner, láithreoir ar an gclár Morning Report.

Maíonn gach aon duine acu, áfach, go bhfaigheann siad gearáin gach lá faoin Maorais a bheith á labhairt acu ar na stáisiúin náisiúnta.

D’fhoilsigh Llyod físeán ar leathanach oifigiúil an chláir The Project NZ inar thug sí dúshlán lucht a cáinte agus dúirt go bhfuil an díospóireacht faoin teanga thart agus go mbeadh an Mhaorais á labhairt go poiblí sa Nua-Shéalainn.

Fág freagra ar '‘Tá an díospóireacht thart, labhróidh muid ár dteanga dúchais’ – láithreoirí teilifíse sa Nua-Shéalainn ag seasamh an fhóid'

  • Seán Mac Gearailt

    Trua nach bhfuil a leithéid anseo in Éirinn. Bíonn clár gach tráthnóna ag Daithí agus Máire; cén fáth nach n-úsáideann siad níos mó Gaolainne ar an gclár ? D’fhéadfaidís cúpla abairt simplí a rá gach lá . Nuair a bhíonn Seachtain na Gaeilge ann , úsáideann láithreoirí cúpla focal. Ní bheadh sé thar a gcumas sin a dhéanamh chuile lá.