Tá ‘a lán Gaeilge’ ag an iarrthóir uachtaránachta a gheobhaidh tacaíocht Shinn Féin – McDonald

Tá leid tugtha ag ceannaire Shinn Féin faoin bhfógra atá le déanamh ag an bpáirtí Dé Sathairn faoi thoghchán na huachtaránachta  

Tá ‘a lán Gaeilge’ ag an iarrthóir uachtaránachta a gheobhaidh tacaíocht Shinn Féin – McDonald

Tá an tuairimíocht go dtacóidh Sinn Féin le feachtas uachtaránachta Catherine Connolly ag dul i dtreis i ndiaidh do cheannaire an pháirtí a rá go bhfuil “a lán Gaeilge” ag a rogha iarrthóra. 

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, inniu go ndéanfadh an páirtí fógra an Satharn beag seo a d’athródh as cuimse an feachtas don uachtaránacht. 

Chuirfeadh sí féin ainm faoi bhráid Ard-Chomhairle an pháirtí an lá sin, a dúirt McDonald. 

Nuair a chuir Raidió na Gaeltachta ceist ar McDonald an mbeadh Gaeilge ag an té sin dúirt sí, “Tá a lán Gaeilge ag an duine.”  

An t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly an t-aon iarrthóir go dtí seo ar cainteoir Gaeilge í.  

Tá lucht Shinn Féin i mbun machnaimh le tamall faoi cé acu an dtacóidh siad le Connolly nó an roghnóidh siad a n-iarrthóir féin.  

Sa chás go roghnóidís a n-iarrthóir féin a chur chun cinn, is é is dócha a bheadh ann ná leascheannaire an pháirtí Pearse Doherty, cainteoir líofa Gaeilge arb as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall dó. 

Agus í ag caint ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta sa Screagán in Uíbh Fhailí, dúirt Mary Lou McDonald go mbeadh an feachtas faoi lán seoil i gceart ach a bhfógródh Sinn Féin a rogha iarrthóra.  

“An aidhm atá againn go bunúsach –sinne i Sinn Féin ba mhaith linn Fine Gael agus Fianna Fáil a ruaigeadh as an rialtas, agus ba mhaith linn Fine Gael agus Fianna Fáil a choimeád amach as an Áras. Sin an aidhm a bheidh ag ár bhfeachtas.” 

Dúirt ceannaire Shinn Féin go raibh sé tábhachtach go mbeadh uachtarán againn a thacaíonn le “luachanna” agus “mianta” na hÉireann. 

“Ag an bpointe seo, táim ag iarraidh go mbeadh duine éigin san Áras atá i gcúinne dhaoine óga na hÉireann. Táim ag iarraidh go mbeadh a fhios acu go bhfuil duine acu atá ina chrann taca acu, duine a sheasfaidh an fód dóibh agus a labhróidh amach ar a son.” 

Fág freagra ar 'Tá ‘a lán Gaeilge’ ag an iarrthóir uachtaránachta a gheobhaidh tacaíocht Shinn Féin – McDonald'